01 Aibreán 2022
2022 Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tar éis teaghlaigh a chur ar a suaimhneas, ar theaghlaigh nach bhfuil foirm dhaonáirimh faighte acu go fóill, go bhfuil na seachadtaí fós ar bun. Cé go bhfuil dul chun cinn maith déanta ar sheachadadh na bhfoirmeacha daonáirimh, tá sé tugtha le fios ag an bPríomh-Oifig Staidrimh gur dócha go bhfaighidh líon beag tithe foirm dhaonáirimh tar éis 3 Aibreán agus mar sin líonfaidh siad go siarghabhálach í.
Cuireadh tús le seachadadh foirmeacha daonáirimh go luath i mí an Mhárta arna stiúradh ag foireann de bhreis is 5,000 áiritheoir. Ó mheán oíche an 1 Aibreán tá iomlán de 1.8m foirm seachadta, is ionann é sin agus 95% de na teaghlaigh sa tír, agus táthar ag súil le dul chun cinn suntasach thar na trí lá atá romhainn.
Moltar do theaghlaigh nach bhfuil foirm dhaonáirimh faighte acu go fóill, nó a ndearna áiritheoir teagmháil leo, dul i dteagmháil leis an bPríomh-Oifig Staidrimh trí chuairt a thabhairt ar census.ie nó glaoch a chur ar 0818 2022 04 chun foirm a iarraidh. Beidh an deasc chabhrach ag feidhmiú idir 11rn agus 6in Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an deireadh seachtaine seo.
Cosúil le daonáirimh roimhe seo bhí limistéir áirithe ina raibh sé dúshlánach seachadtaí a chur i gcrích. Áiríodh leis seo lár cathracha Bhaile Átha Cliath agus Luimnigh chomh maith le codanna de Dhún na nGall agus Phort Láirge. Bhí tionchar ar leith ar cheantair le dlús ard foirgneamh árasán, a d’fhéadfadh dúshláin rochtana a chruthú. Bhí COVID 19 mar chúis freisin le cur isteach áitiúil toisc go raibh ar roinnt áiritheoirí aonrú.
Chuir Eileen Murphy, Ceannaire Riaracháin an Daonáirimh iad siúd nach bhfuil foirm dhaonáirimh faighte acu go fóill ar a suaimhneas, ag cur in iúl nach bhfuil aon chúis imní ann. “Tá obair den scoth ar siúl ag ár bhfoireann d’áiritheoirí agus tá an tasc d’fhoirm a sheachadadh chuig gach teach sa chontae beagnach críochnaithe acu.
“Le cúpla lá anuas, ath-leithdháileadh roinnt áiritheoirí go ceantair ina bhfuil gá le tuilleadh seachadta. Déanfaidh áiritheoirí foirmeacha a seoladh sa phost anois chuig tithe nach raibh siad in ann teagmháil phearsanta a dhéanamh leo.
De bharr na n-iarrachtaí seo, ní bheidh mórán teaghlach gan foirm dhaonáirimh ar oíche an Daonáirimh. Ní aon chúis imní é seo agus tharla sé le linn daonáireamh roimhe seo. Leanfar le seachadadh i ndiaidh an deireadh seachtaine seo agus féadtar foirmeacha a chomhlánú go siarghabhálach bunaithe ar an gcás sa teach sin ar oíche an daonáirimh.”
Mar fhocal scoir dúirt Ms Murphy “Tugann muintir na hÉireann go leor tacaíochta i gcónaí don Daonáireamh agus gabhaimid buíochas leo as a dtacaíocht ollmhór do Dhaonáireamh 2022. Mura bhfuil foirm dhaonáirimh faighte agat go fóill, áfach, iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn chun a chinntiú go bhfuil do dhualgais dhlíthiúla á gcomhlíonadh agat maidir lena bheith curtha san áireamh ar fhoirm dhaonáirimh.”
Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
nó seol ríomhphost chuig censuspublicity@cso.ie
-- CRÍOCH --