Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

24 Lúnasa 2022

Meastacháin Daonra agus Imirce – Aibreán 2022

Méadú bliantúil is mó ar dhaonra an stáit ó 2008 i leith
  • Sa 12 mhí go deireadh Aibreán 2022:-
    • bhí méadú 88,800 ar dhaonra an stáit; an méadú bliantúil is mó ó 2008
    • tháinig 120,700 inimirceach chun cónaithe anseo; an líon is mó le 15 bliana
    • náisiúnaigh Éireannacha ab iad 28,900 de na hinimircigh sin, náisiúnaigh ó thíortha eile AE ab iad 24,300 díobh agus náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ab iad 4,500 díobh
  • • náisiúnaigh ón gcuid eile den domhan a bhí sa 63,000 inimirceach eile, lena n-áirítear nach mór 28,000 náisiúnach Úcránacha (Bealtaine 2021 go hAibreán 2022)
    • tháinig dlús leis an líon daoine ag fágáil an stáit chun cónaithe i ndlínse eile, 59,600 i mbliana le hais an líon 54,000 in 2021
    • taifeadadh méadú nádúrtha 27,700 sa stát, mar thoradh ar 60,700 breith agus 33,000 bás

Tá foilseachán eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (24 Lúnasa 2022) maidir le  Meastacháin Daonra agus Imirce – Aibreán 2022.

Déanann Cathal Doherty, Staitisteoir sa rannóg Mheastacháin agus Thuartha Daonra, trácht ar shonraí an lae inniu:

“Meastar dhaonra na hÉireann (sé sin an stát) a bheith ionann le 5.10 milliún in Aibreán 2022, ionann le méadú 88,800 duine sa 12 mhí roimhe. Ba é seo an méadú bliantúil ba mhó ar an taifead ó 2008 i leith, tráth ar tháinig borradh 109,200 faoin líon daoine ag cónaí sa stát.

Maidir le líon na n-inimirceach – daoine ag teacht isteach sa stát – sa 12 mhí go deireadh Aibreán 2022, meastar gur 120,700 a bhí i gceist. Ina theannta sin, meastar líon na n-eisimirceach – daoine ag fágáil an stáit – a bheith ionann le 59,600 sa tréimhse chéanna. Fágann an dá shruth seo go raibh imirce glan isteach sa stát – tháinig níos mó daoine isteach ná mar a d’fhág – de 61,100 sa bhliain go hAibreán 2022. Tagann sin i ndiaidh imirce glan isteach de 11,200 in 2021.

Is i mbliana a taifeadadh an líon is mó inimirceach ó Aibreán 2007 i leith, agus déantar iad a mhiondealú mar a leanas; 28,900 náisiúnach Éireannacha ag filleadh anseo, 24,300 náisiúnach de thíortha eile an AE, 4,500 náisiúnach den Ríocht Aontaithe agus 63,000 náisiúnach ón gcuid eile den domhan – Úcránaigh ina measc. Cuimhnigh gur an tréimhse Bealtaine 2021 go deireadh Aibreán 2022 atá i gceist anseo.

Faoi Aibreán 2022, bhí 768,900 duine in aois 65 bliana nó ní ba shine ina gcónaí sa stát. Tháinig ardú ar sciar an aoisghrúpa seo den daonra náisiúnta ó 13.3% in 2016 go 15.1% in 2022, agus méadú 139,100 ar an líon daoine san aoisghrúpa seo san achar ama sin.

Ó thaobh ceantar cónaithe de, tá ardú tagtha ar sciar an daonra ag maireachtáil i mBaile Átha Cliath, ó 27.6% den iomlán náisiúnta in 2011 go 28.4% in 2022. Líon 1,451,000 duine a bhfuil cónaí orthu i gcontae agus cathair Bhaile Átha Cliath in 2022.”

Tá réigiúin an Lár-Oirthir agus an Iar-Dheiscirt ar an dara agus an tríú réigiún is mó ó thaobh daonra de, le 753,000 agus 734,600 cónaitheoirí faoi seach - sin sciartha 14.8% agus 14.4% den daonra náisiúnta - in Aibreán 2022. Tógtha le chéile, is ionann an trí réigiún seo (cuimsithe de chontaetha Bhaile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Mhantáin, Lú, An Mhí, Ciarraí agus Corcaigh) agus 57.6% den daonra iomlán náisiúnta in Aibreán 2022 le 2,938,600 daoine ag cónaí iontu. Is é an réigiún Lár Tíre an ceann is lú daonra le 310,900 daoine, sin sciar 6.1% den daonra náisiúnta.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Tá na meastacháin daonra san fhoilseachán seo curtha i dtoll a chéile bunaithe ar an líon daoine le gnáthchónaí sa stát. Tá difear 23,000 idir seo agus réamhthorthaí a foilsíodh le déanaí ó Dhaonáireamh na hÉireann 2022, lena tuairiscíodh daonra de facto de 5,12 milliún a bheith ag an stát, .i. comhaireamh ar gach duine i láthair sa stát ar oíche an daonáirimh.

Tá sé beartaithe an daonra measta sa tsraith seo (de réir gnáthchónaí) a athbhreithniú le haghaidh na mblianta 2017-2022 (.i. an tréimhse idirdhaonáirimh) de bhun anailís chuimsitheach ar thorthaí críochnúla Dhaonáirimh 2022, torthaí a fhoilseofar in 2023.

Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas athbhreithnithe le fáil sna nótaí cúlra [EN] ar fhoilseachán an lae inniu.

Chun teacht ar liosta iomlán na gcontaetha de réir na réigiún NUTS-3 a luaitear thuas agus san fhoilseachán, féach an nóta eolais anseo.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Cathal Doherty (+353) 21 453 5099

nó seol ríomhphost chuig demography@cso.ie

-- CRÍOCH --