Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

26 Eanáir 2022

Suirbhé ar Shástacht Custaiméirí an CSO 2022

Tugann an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi Suirbhé ar Shástacht Custaiméirí ar mhaithe le feabhsú

Suirbhé ar Shástacht Custaiméirí seolta inniu ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Is é is cuspóir leis an suirbhé seo ná a fháil amach cé na bealaí gur féidir linn seirbhísí a fheabhsú agus freastal ar riachtanais gach duine a úsáideann eolas na hOifige.

Deir Maria Hurley, Ard-Stiúrthóir Cúnta, an méid a leanas: “Tá fáil ag gach éinne ar na hábhair staidrimh oifigiúil a chuireann an Oifig seo i dtoll a chéile, agus is cuidiú iad do lucht cinnteoireachta pleananna a leagan amach dár dtodhchaí comónta. Ar chustaiméirí na hOifige, áirítear lucht déanta beartais, an rialtas, eagrais stáit, taighdeoirí, mic léinn, gnólachtaí, na meáin agus baill den phobal in Éirinn, mar aon leis na meáin idirnáisiúnta. Iarraimid ar gach éinne a úsáideann ár staitisticí páirt a ghlacadh sa Suirbhé ar Shástacht Custaiméirí chun a chinntiú go bhfreastlóidh an Oifig ar riachtanais ár n-úsáideoirí uile amach anseo.”

D’fhonn cuidiú linn a aithint cad iad na gnéithe dár gcuid oibre a thaitníonn le custaiméirí agus na cinn a bhfuil gá iad a fheabhsú, tá conradh déanta ag an Oifig le cuideachta taighde neamhspleách, Coyne Research, chun aiseolas a bhailiú thar a ceann. Fanfaidh gach freagra aonair faoi rún le Coyne Research agus déanfar iad a chónascadh le freagraí eile chun príobháideacht an fhreagróra aonair a chosaint.

Seo deis do gach éinne a gcuid a rá. Tugaimid cuireadh d’úsáideoirí uile ár sonraí – idir saineolaithe agus daoine le suim ghinearálta i Staidreamh Oifigiúil – páirt a ghlacadh sa Suirbhé ar Shástacht Custaiméirí agus insint dúinn céard a cheapann siad d’obair na Príomh-Oifige Staidrimh, na bealaí ina gcuirimid eolas ar fáil agus an luach a chuireann siad ar shonraí neamhspleácha.

Chun tabhairt faoin suirbhé, is féidir le custaiméirí gliogáil ar an nasc sa mhír aníos Labhair Linn ar ár suíomh gréasáin, www.cso.ie/ga, nó é seo a aimsiú ar ár gcuntais ar na meáin shóisialta. Tógann sé idir 10-15 nóiméad an suirbhé a fhreagairt agus beidh fáil air as seo go dtí an Domhnach, 13 Feabhra. Éinne a fhreagraíonn an suirbhé agus a thugann a seoladh ríomhphoist, cuirfear i gcrannchur iad le haghaidh péire de dhearbháin bronntanais ar luach €100 an ceann. Rachfar i dteagmháil leis an mbeirt bhuaiteoirí ar ríomhphost.

Is í seo an dara huair don Oifig seo tabhairt faoi Suirbhé ar Shástacht Custaiméirí. Ritheadh an ceann deireanach siar in 2016, agus d’eascair go leor feabhsuithe bainteach le custaiméirí as, ina measc sin bhí modhanna cumarsáide faoi ábhair staidrimh oifigiúil agus inrochtaineacht an eolais atá againn.

Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go gcuirtear staidreamh oifigiúil ar fáil ar bhonn neamhspleách, oibiachtúil agus iontaofa. Le blianta beaga anuas, tá eolas a thiomsaigh an Oifig tar éis cuidiú le lucht déanta beartais agus leis an bpobal i gcoitinne tuiscint a fháil ar thionchair shóisialta agus gheilleagracha na paindéime COVID-19. Mar thoradh ar obair na hOifige, tá a fhios againn go raibh titim nach mór 7.6 milliún ar an líon uaireanta oibre sa 12 mhí go deireadh R1 2021. Tá a fhios againn go raibh an tsástacht saoil in Aibreán 2020 níos ísle ná mar a taifeadadh le linn na géarchéime airgeadais domhanda in 2008. É sin ráite, tá a fhios againn go raibh feabhas tagtha i ngné éigean dá saol ag 45% d’fhreagróirí i Samhain 2020 ó thús na géarchéime COVID-19. I Samhain 2021, tá a fhios againn gur mhaith le 90% d’fhreagróirí 35-44 bliana d’aois a bhí ag cianobair leanúint dá dhéanamh, cuid den am, tráth a dtiocfadh deireadh le srianta na paindéime. Tá a fhios againn an méid seo ar fad toisc gur inis sibh dúinn é.

Is príomhchuspóir de chuid an Bhord Náisiúnta Staidrimh (NSB) é a chinntiú go gcuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh an tseirbhís is fearr is féidir ar fáil don phobal. Is é ról an Bhoird ná treo ginearálta straitéiseach na hOifige a mhúnlú. Déanfar torthaí an tsuirbhé a athbhreithniú i gcomhpháirt leis an mBord agus úsáidfear iad chun seirbhísí custaiméirí na hOifige a fheabhsú.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Preasoifig (+353) 21 453 2058

nó seol ríomhphost chuig pressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --