Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

27 Eanáir 2022

Críochnú Aonad Cónaithe Nua

Árasáin a bhí in aon cheathrú d’aonaid nua a críochnaíodh sa bhliain 2021
  • Tháinig borradh mór faoi chríochnaithe sna míonna Deireadh Fómhair, Samhain agus Nollaig, rud a d’fhág gur 20,433 aonad nua san iomlán a críochnaíodh in 2021, laghdú 0.5% ó 2020
  • Críochnaíodh 6,937 aonad cónaithe i R4 2021, titim 5.3% le hais na tréimhse chéanna in 2020
  • 5,107 árasán nua a críochnaíodh in 2021, méadú bliain ar bhliain de 30.3%, a d’fhág gur árasáin a bhí in aon cheann as gach ceithre aonad cónaithe – an sciar is airde in aon bhliain ó thús na sraithe seo
  • In 2021, thit líon na gcríochnaithe de thithe aonuaire nua (-5.3%) agus de thithe i bhforbairtí ilaonad (-8.7%) le hais na bliana 2020
  • I measc na dtoghlimistéar áitiúla (TLÁ), taifeadadh an líon is mó aonad cónaithe nua i mBaile Bhlainséir-Mullach Eadrad in 2021. Bhí an 10 TLÁ ba líonmhara ó thaobh críochnaithe de lonnaithe i ndíreach trí chontae, sin iad Baile Átha Cliath, Cill Dara agus an Mhí
  • Críochnaíodh 1,782 árasán i gCathair Bhaile Átha Cliath in 2021, 906 díobh sin i Ráithe 4

Breathnaigh ar an eisiúint: Críochnú Aonad Cónaithe Nua, Ráithe 4 2021

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) figiúirí inniu maidir le Críochnú Aonad Cónaithe Nua sa cheathrú ráithe de 2021. Tá sonraí san fhoilseachán seo maidir leis an mbliain iomlán 2021 leis.

Déanann Justin Anderson, Staitisteoir, trácht ar an bhfoilseachán: “Chonacthas borradh mór sa chuid deireanach den bhliain 2021 ar aonaid cónaithe a chríochnú, rud a d’fhág go raibh figiúirí anuraidh sna sála ar an mbliain roimhe, 2020. Taifeadadh 6,937 críochnú sa ráithe deireanach de 2021, agus 20,433 sa bhliain go léir. Bhí an figiúr bliaintiúil seo díreach 0.5% ní b’ísle ná an t-iomlán in 2020, agus an figiúr do Ráithe 4 2021 tite 5.3% ón tréimhse chéanna in 2020.

Tá an líon árasán a thógtar ag fás i gcónaí, le 5,107 díobh críochnaithe in 2021. Ba mhéadú 30.3% é sin ar an mbliain 2020. Árasáin a bhí in aon cheathrú d’aonaid nua a críochnaíodh in 2021, an sciar is airde ó thús na sraithe seo in 2011. Tháinig laghdú 5.3% ar an líon tithe singile (tithe aonuaire), agus laghdú 8.7% ar an líon tithe scéime (tithe in eastáit nó i bhforbairtí ilaonad eile). Ar an iomlán ba thithe scéime iad 52.1% den líon iomlán aonad cónaithe a críochnaíodh in 2021, b’árasáin iad 25.0% díobh agus ba thithe singile iad an 22.9% eile.

Chonacthas méadú 28.2% ar an líon árasán nua in R4 2021 le hais R4 2020. Bhí a mhalairt treocht le feiceáil i gcás tithe singile (-9.5%) agus tithe scéime (-17.4%) sa tréimhse chéanna.

Is i réigiún Bhaile Átha Cliath a bhí trí cheann as gach deich (30.3%) críochnú anuraidh, le 6,201 aonad. Taifeadadh méaduithe ar chríochnaithe i réigiúin Bhaile Átha Cliath, na Teorann, an Lár-Iarthair, agus an Iardheiscirt idir 2020 agus 2021. Is sa Lár-Iarthar a bhí an méadú bliantúil ba mhó, sin 10.6%.

Is i réigiún Bhaile Átha Cliath a críochnaíodh seacht gceann as gach naoi árasán (77.8%) sa stát in 2021. Bhí an dlús árasán nua ní ba mhó in Ráithe 4, tráth a raibh nach mór ocht as gach naoi árasán nua (88.2%) go náisiúnta lonnaithe sa réigiún. Ag breathnú ar Chathair Bhaile Átha Cliath amháin, críochnaíodh 1,782 árasán ann in 2021, sin 34.9% den iomlán, agus ba in Ráithe 4 a críochnaíodh 906 díobh sin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Justin Anderson (+353) 1 498 4316

nó seol ríomhphost chuig sscu@cso.ie

-- CRÍOCH --