19 Deireadh Fómhair 2022
Thug Conor Breen (14) agus Seánie O’Shea (14) – daltaí ag Ardscoil na Mara i gContae Phort Láirge – an phríomhdhuais leo ag an searmanas ag Páirc an Chrócaigh inniu a thosaigh ag 12 meán lae.
Bhuaigh an péire seo, as an Trá Mhór, Bonn Staidrimh John Hooper dá bpóstaer ar ‘Modh Simplí chun Táirgeadh Fuinnimh ó Phainéil Gréine Dhéghnúiseacha a Fheabhsú’. Bronnadh bonn airgid steirling an duine orthu agus tá duaischiste €600 le roinnt eatarthu. Ina theannta sin, tá €1,000 tuillte acu dá scoil.
Tar éis dóibh buachaint sa chomórtas náisiúnta i mí an Mhárta, rinne an bheirt buachaillí ionadaíocht thar ceann na hÉireann i gComórtas Staidrimh na hEorpa (CSE). Leagadh dúshlán rompu físeán dhá nóiméad ar fhad a réiteach ar ábhar bainteach leis an gcomhshaol. Thángadar sa tríú háit i gCatagóir Sóisir den CSE lena n-iarracht agus tugadh trófaithe dóibh inniu freisin mar ceiliúradh ar an ngaisce idirnáisiúnta sin.
Nuair a iarradh a dtuairim faoina mbua, dúirt Conor agus Seánie, atá ar an Tríú Bhliain anois, go raibh idir iontas agus bród acu as a raibh bainte amach acu sa dá chomórtas. “Nuair a chuireamar isteach ar an gComórtas John Hooper, ní raibh aon súil againn é a bhuachaint gan trácht ar dhul ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn san Eoraip. Táimid iomlán ar bís faoin méid atá déanta againn,” a dúirt Conor agus Seánie.
Bhain a dtogra don Chomórtas Póstaeir John Hooper le feabhas a chur ar tháirgeadh fuinnimh ó phainéil gréine déghnúiseacha (.i. dáthaobhach). “Bhailíomar sonraí ó phainéil gréine aonghnúiseacha agus cinn déghnúiseacha ar dtús agus rinneamar anailís orthu seo chun na sonraí a léiriú. Bhí go leor oibre i gceist le hanailísiú staitistiúil a fhoghlaim; bailiú sonraí, léiriú sonraí agus na sonraí a léiriú ar an bpóstaer. D’fhoghlaimíomar faoin gcaoi ina feidhmíonn painéil gréine agus conas ab fhéidir iad a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí. Ina theannta sin ar fad, fuaireamar amach faoin bPríomh-Oifig Staidrimh mar foinse eolais agus acmhainn taighde.”
Ina dtogra físe do Chomórtas Staidrimh na hEorpa, phléigh an bheirt dalta leis an meatán a thagann ó bheithígh in Éirinn. “Bhí idir sceitimíní agus áthas orainn nuair a roghnaíodh muid don bhabhta ceannais agus nuair a chualamar an scéal go raibh an tríú háit saothraithe againn, bhíomar an-bhródúil as ár gcuid oibre. Ba onóir é a bheith páirteach thar ceann na hÉireann agus buntáiste breise é duais a fháil.”
Rinneadh ceiliúradh ar dhaltaí eile ó gach cearn den tír dá dtograí inniu freisin. Ina measc siúd bhí:-
Tugadh teastas frámáilte do na buaiteoirí inniu freisin mar aitheantas don méid a bhain siad amach i mbliana.
Is é Paul Morrin, Ard-Stiúrthóir Cúnta sa CSO, a bhronn na duaiseanna ag an searmanas inniu. Thug sé ard-mholadh do gach duine a chur isteach ar na comórtais as ucht a bheith ag smaoineamh ar bhealaí nua chun sonraí agus staitisticí a úsáid agus a léiriú ionas go mbeidh bonn eolais ar an saol againn.
Ag labhairt dó ag an searmanas, dúirt an tUasal Morrin: “Gach bliain bíonn caighdeán iontach ard le feiceáil i measc na hiontrálacha ar Chomórtas John Hooper agus na tograí ábhartha ag an Eolaí Óg don Ghradam um Úsáid Sonraí Oscailte CSO. Léiríonn daltaí idir clisteacht agus cruthaitheacht leis an oiread ábhar éagsúla a roghnaíonn siad dá dtograí.
Cuid lárnach de chlár For-rochtana Oideachais an CSO is iad cothú tuisceana ar staitisticí agus daoine a spreagadh lena n-úsáid. Gnéithe lárnacha den chlár sin iad Comórtas John Hooper, an Gradam Sonraí Oscailte agus an comhthionscal náisiúnta DaonáireamhArScoil.”
Comórtas John Hooper
Dara hÁit
Deirfiúr is deartháir is iad Ailicia Nic an Bháird (14) agus Nathan Mac an Bháird (15) as baile Ros Comáin. Freastalaíonn siad ar Choláiste Pobail Ros Comáin agus tháinig siad sa dara háit den gcomórtas i mbliana lena bpóstaer ar nósmhaireachtaí fón póca.
Maidir lena nduais, dúirt Alicia (anois sa Dara Bhliain) agus Nathan (san Idirbhliain), “Is iontach an mothú é! Onóir mór is ea é moladh dá leithéid a fháil ón CSO as ár dtogra.
Cheapamar suirbhé chun eolas a bhailiú ó dhaoine faoin na bealaí a gceannaíonn agus a n-úsáideann siad gutháin chliste. Daltaí inár scoil féin a rinne an suirbhé agus bhíomar ansin in ann an grúpa seo a chur i gcomparáid le húsáideoirí gutháin chliste go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
D’fhoghlaimíomar conas bunsonraí a bhailiú agus a anailísiú go héifeachtach. Thugamar faoi sonraí tánaisteacha a lorg agus a aimsiú ar bhealach cuí, ag déanamh cinnte de gur ó fhoinsí iontaofa a tháinig siad agus ag úsáid réimse foinsí nuair ab fhéidir.”
Tríú hÁit
Is iad foireann na tríú háite i mbliana ná Holly Whelan (16), as Loch Eorna i gContae Thiobraid Árainn, agus Nicole Murphy (16) as an bPort Rua. Tá siad beirt anois sa cúigiú bhliain i Meánscoil Mhuire, Aonach Urmhumhan. B’é ábhar a bpóstaer ná na tréithe atá ag amhráin a bhaineann barr na gcairteacha amach.
Dúirt Holly agus Nicole inniu: “Nuair a fuaireamar amach go raibheamar tar éis teacht sa tríú háit sa tír uile don chomórtas seo, bhain sé stangadh asainn. D’oibríomar le díograis ar ár dtogra agus bhíomar ar bís, ach fós féin bhí sé aisteach smaoineamh air go raibh ár dtogra chomh hard sin i measc tograí ó fud fad na tíre.
Sa togra féin, mhíníomar agus chruthaíomar go mbíonn ról lárnach ag staitisticí agus an mata i gcruthú píosa ceoil a bhainfidh barr na gcairteacha amach. An ceacht is mó dúinn, b’fhéidir, ná go bhfuil feidhm ag an mata ní hamháin sa seomra ranga ach sa saol mór freisin. Thug an togra seo deis dúinn breathnú as an nua ar réimse na staitisticí.”
Buaiteoir an Ghradam um Úsáid Sonraí Oscailte CSO ag Eolaí Óg 2022
Is as Cluain Sceach i mBaile Átha Cliath do Aoife Duggan (15). Tá sí ar an tríú bhliain anois ar Scoil Pháirc Sandford, i mBaile Átha Cliath 6. Thug sí léi an Gradam um Úsáid Sonraí Oscailte CSO ag Taispeántas an Eolaí Óig 2022.
Dúirt Aoife inniu: “Tá sé thar cionn uilig aitheantas mar seo a fháil ón CSO do mo thogra, go háirithe nuair a bhí a sonraí siúd chomh lárnach dó. Ba é ábhar mo thogra ná treochtaí san Ionchas Saoil Sláintiúil agus conas is féidir linn an náisiún a dhéanamh níos sláintiúil sa todhchaí. Dhírigh mé go háirithe ar na cúinsí a imríonn tionchar ar ionchas saoil sláintiúil agus na modhanna éagsúla cúram sláinte a bheadh chun ár leasa sa lá atá inniu ann agus amach anseo.”
Luaigh Aoife, ar suim léi tabhairt faoi ghairm leighis, gur fhoghlaim sí ón togra an tábhacht atá le cúram sláinte réamhghníomhach chun barr feabhais a bhaint amach i sláinte tíortha.
“Feabhsú cúinsí sóisialta a mbíonn tionchar acu ar shláinte, plé le sonraí othar ar bhealach níos éifeachtaí agus níos eagraithe, othair a bheith páirteach ina gcúram féin – is samplaí iad seo den chúram sláinte réamhghníomhach. D’fhoghlaim mé freisin faoin ról suntasach atá ag sonraí oscailte i dtaighde agus i dtionscadail sláinte agus a thábhachtaí is atá na sonraí seo dár dtuiscint ar an saol.”
Maidir leis an nGradam John Hooper:
Is é is príomhchuspóir ag an CSO le Comórtas John Hooper ná feabhas a chur ar inniúlachtaí daltaí chun cur síos a dhéanamh ar a dtimpeallacht, chun breathnú thart air agus chun é a iniúchadh.
Tá an comórtas seo ainmnithe in ómós don Chorcaíoch a ceapadh ina chéad Stiúrthóir Staidrimh ar Saorstát Éireann in 1923. Idir sin agus an tráth ar cailleadh é, gan coinne, in 1930 agus é díreach 51 bliain d’aois, chuaigh John Hooper i bhfeidhm go mór ar fhorbairt ábhar staidrimh oifigiúil de chuid an Stát. Is le linn a shaol oibre a forbraíodh ábhair úra staidrimh (m.sh. an chéad Daonáireamh agus an chéad Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail don stát úr, sa bhliain 1926 araon) agus ar achtaíodh an tAcht Staidrimh, 1926.
Maidir leis an nGradam um Úsáid Sonraí Oscailte CSO:
Seo hí an ochtú bhliain den Ghradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO ag Taispeántas an Eolaí Óig. Tá sé mar aidhm leis an ngradam daoine óga a spreagadh chun sonraí oscailte a úsáid. Is éard is ciall le sonraí oscailte ná sonraí gur féidir a rochtain, a úsáid, nó a roinnt gan costas agus gan dualgas a bheith ann cead a lorg. Is féidir le daoine aonair, an lucht léann, grúpaí pobail, gnólachtaí agus rialtais leas a bhaint as sonraí oscailte chun críche sóisialta, comhshaoil nó geilleagracha.
Bronntar an gradam as ucht an úsáid, nó an úsáid féideartha, is nuálaí de shonraí an CSO, bíodh sin in anailísí staitistiúla, próisis staitistiúla nó aschur staitistiúil; in uirlis léirmhínithe nó léarscáil sonraí léirmhínithe; i bhforbairt ghléis; i bhfeidhmchlár bogearra nó in úsáid sonraí an CSO ar bhealach nuálach eile.
Aeidín Sheppard, Bainisteoir Imeachtaí (+353) 21 453 5028
nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie
-- CRÍOCH --