11 Deireadh Fómhair 2022
Breathnaigh ar an eisiúint: Ecosystem Accounts - Rivers and Lakes by Extent 2018
Eisíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) foilseachán inniu (10 Deireadh Fómhair 2022) den teideal Cuntais Éiceachórais - Achar Aibhneacha agus Lochanna 2018.
Sa tuarascáil seo tugtar aghaidh ar an achar talún a bhaineann le dhá phríomhchineál éiceachórais - 'aibhneacha agus canálacha' chomh maith le 'lochanna agus taiscumair'.
Déanann Nova Sharkey, Staitisteoir i Rannán na gCuntas Éiceachórais, trácht ar eisiúint an lae inniu:-
“Bunchloch de tírdhreach na hÉireann is iad aibhneacha agus lochanna. Cuireann siad réimse leathan seirbhísí éiceachórais ar fáil dúinn, ar a n-áirítear uisce le hól, éisc le hithe, ceantair le cosaint ó thuilte mar aon le seirbhísí cultúrtha agus áineasa. Breathnaítear ar na háiteanna ina bhfuil na héiceachórais fionnuisce lonnaithe agus cén achar nó cén fhad a bhfuil leo.
In 2018, taifeadadh breis is 2% d’achar talún an stáit a bheith in aibhneacha agus lochanna ach níl léiriú a dhóthain le fáil sa bhfigiúr lom sin ar na héiceachórais chéanna.
Tá fad breis is 74,000km le haibhneacha agus canálacha an stáit, agus iad le fáil i ngach aon chontae. Is i dtrí chontae atá thart ar 31% den fhad iomlán sin – Corcaigh, Dún na nGall agus Maigh Eo. Gach ceann de na contaetha sin, tá 7,000km d’aibhneacha iontu. Ar an lámh eile de, níl fiú 900km d’aibhneacha le fáil in aon cheann de Bhaile Átha Cliath, an Longfort agus Lú.
Achar breis is 125,000 heicteár atá le lochanna, agus beagán le cois 3,000 heicteár atá le taiscumair sa stát. Áirítear breis is 22% d’achar iomlán na lochanna a bheith i nGaillimh (28,489 heicteár) agus faoi bhun 18% a bheith i Maigh Eo (22,394 heicteár). Tá níos lú ná 100 heicteár de lochanna le fáil i ngach ceann de Bhaile Átha Cliath, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Cill Dara, Laois agus Lú. Tá 64% d’achar iomlán na dtaiscumar sa stát le fáil i gCill Mhantáin (2,224 heicteár) agus breis is 31% eile le fáil i gCorcaigh (1,094 heicteár).
Áirítear ocht ngnáthóga Iarscríbhinn I ar aibhneacha agus lochanna an stáit, an ghnáthóg tábhachtach Turlach ina measc. Is éard is turlach ann ná loch sealadach séasúrach i logáin i dtírdhreach aolchloiche. Is iondúil go mbíonn an cineál gnáthóige seo faoi uisce sa ngeimhreadh (screamhuisce an foinse is mó) agus tirim sa samhradh. Tá ról tábhachtach ag turlaigh mar láithreacha beathaithe agus póraithe ag roinnt speiceas d’éanlaith uisce agus de lapairí. Bíonn idir speicis plandaí a mhaireann ar thalamh bhán agus inveirteabraigh uisceach spleách ar na turlaigh freisin.
Tugtar aitheantas do ghnáthóga faoi Iarscríbhinn I de Threoir an AE maidir le Gnáthóga toisc iad a bheith i mbaol imeacht as laistigh de dhlínse an AE agus toisc tábhacht idirnáisiúnta a bheith lena gcaomhnú. Tá tuilleadh eolais ar an ábhar seo le fáil sa gcaibidil ‘Sonraí Alt 17 den Treoir maidir le Gnáthóga’ i bhfoilseachán an lae inniu.”
Tá an foilseachán seo á eisiúint mar Aschur Ceannródaíoch CSO – rud a chiallaíonn gur gá a bheith airdeallach toisc modhanna nua anailísithe a bheith in úsáid dó agus/nó toisc leas bheith á bhaint as foinsí sonraí neamhiomlána (m.sh. foinsí nua sonraí riaracháin).
Dírítear ar achar na n-éiceachóras aibhneach/locha i bhfoilseachán an lae inniu, eiseofar ceann eile maidir le stádas caomhnaithe na n-éiceachóras céanna ag pointe níos déanaí.
Úsáidtear trí shraith sonraí éagsúla don anailís ar achar spásúil na n-éiceachóras san fhoilseachán seo:
Cumhdach Talún CORINE 2018 – sraith sonraí ar leibhéal mór geografach le haonaid 25 heicteár, atá inchomparáide le tíortha eile an AE agus a théann siar chomh fada le 1990.
Tuairiscí an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) faoin gCreat-Treoir Uisce – sraitheanna sonraí is fearr ó thaobh aibhneacha agus lochanna a mhapáil ag leibhéal náisiúnta.
Tuairiscí an NPWS faoi Alt 17 den Treoir maidir le Gnáthóga – sonraí lena meastar dáileadh reatha de ghnáthóga áirithe atá i mbaol i measc aibhneacha agus lochanna an stáit.
Féach anseo le haghaidh Threoir an AE maidir le Gnáthóga, Fauna agus Flora (92/43/EEC).
Nova Sharkey (+353) 1 498 4217 nó Sylvie Clappe (+353) 1 498 4042
nó seol ríomhphost chuig ecosystems@cso.ie
-- CRÍOCH --