Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

03 Feabhra 2021

Suirbhé nua chun impleachtaí COVID-19 ar fhiontair a thomhas, iarrann CSO ar ghnólachtaí bheith páirteach

Tá suirbhé nua seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (03 Feabhra 2021) chun tomhas a dhéanamh ar impleachtaí na géarchéime COVID-19 ar fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (SME, le <250 fostaí) in Éirinn anuraidh. Tá an suirbhé á sheoladh chuig 13,000 gnólachtaí, meascán ionadaíoch as gach réimse gnó, agus baileofar an t-eolas idir Dé Céadaoin an 03 Feabhra agus Dé Luain an 01 Márta.

Gheobhaidh na cuideachtaí roghnaithe litir ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ina dtugtar na sonraí ábhartha. Iarrtar orthu ceistneoir ar líne a comhlánú, rud a thógfadh thart ar 10-15 nóiméad. Mar aon le príomhcheisteanna an tsuirbhé, beidh dhá mhodúl sa gceistneoir leictreonach seo; ceann dírithe ar an earnáil miondíola agus ceann eile ar an earnáil turasóireachta. Iarrfar ar fhiontair Mhóra (250+ fostaí) sa dá earnáil seo an tsuirbhé a fhreagairt.

Déanann Colin Hanley, Staitisteoir, trácht ar an suirbhé nua seo: “Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag iarraidh ar na gnólachtaí roghnaithe ar fad an suirbhé a chomhlánú ionas gur féidir linn tuiscint níos fearr a fháil ar impleachtaí COVID-19 do ghnólachtaí Beaga agus Meánmhéide na tíre. Mura mbeadh ach ráta íseal freagartha, chuirfeadh sé seo as do chaighdeán na sonraí a mbaileofaí.

Ach an suirbhé a chomhlánú, beidh gnólachtaí ag cuidiú leis an Oifig staitisticí tábhachtacha a thiomsú maidir le himpleachtaí na géarchéime COVID-19 ar an réimse SME. Ina theannta sin, táimid ag féachaint le heolas níos mine a bhailiú faoi na hearnálacha miondíola agus turasóireachta. Tá tábhacht leis an eolas seo – don lucht gnó, don lucht déanta beartais agus don tsochaí i gcoitinne. Iarrtar sa suirbhé cé na bealaí a chuaigh géarchéim COVID-19 i bhfeidhm ar do ghnólacht in 2020 agus cé na céimeanna ar ghlac tú dá barr – m.sh. leibhéal gníomhaíochta/trádála, athruithe fórsa saothair agus eagraíochtúla, rochtain  ar airgeadas agus cén leas a baineadh as scéimeanna tacaíochta an rialtais.

Tuigeann an Oifig go bhfuil dúshláin shuntasacha roimh daoine i ngach earnáil faoi láthair. Gabhaimid buíochas lenár bhfreagróirí suirbhé go léir as a dtacaíocht go dtí seo. Is é bailiú eolas suirbhéireachta croílár na hoibre atá idir lámha againn chun tuairisciú  ar an tionchar atá imeartha agus á imirt go fóill ag COVID-19 ar shochaí agus geilleagar na hÉireann.”

Beidh gach eolas a bhailítear mar chuid den suirbhé faoi rún iomlán agus ní úsáidfear é ach chun críocha staidrimh. Foilseoidh an CSO torthaí ón suirbhé i bhformáid comhiomlán – ciallaíonn sé seo nach mbeidh cuideachtaí aonair le haithint ó na sonraí.

Chun teacht ar thuilleadh eolais faoin suirbhé seo, do chearta cosanta sonraí agus na bealaí ina úsáidtear don shonraí, féach na sonraí teagmhála thíos.

 

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Colin Hanley (+353) 21 453 5559

nó seol ríomhphost chuig business_stats@cso.ie

-- CRÍOCH --