Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

14 Aibreán 2021

Agallóirí CSO ag filleadh ar Obair Allamuigh

Agallóirí CSO ar ais i mbun cuairteanna ar líonta tí, i gcomhréir le treoracha sláinte poiblí

Tar éis  breis is 12 mhí ag obair ón mbaile, tá agallóirí na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) ag dul ar chuairt ar líonta tí roghnaithe chun eolas suirbhéireachta a bhailiú.

Reáchtálann an CSO suirbhéanna ar líonta tí ó thús deireadh na bliana ar leithéidí sláinte, taisteal, coireacht agus folláine. I measc na suirbhéanna sin tá an Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS), lena ndéantar rátaí fostaíochta agus dífhostaíochta a thomhas, agus an Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC), foinse sonraí oifigiúil d’ioncam an líon tí, d’ioncam pearsanta agus do tháscairí lárnacha bochtaineachta ag leibhéal náisiúnta.

Bíonn 100 agallóir CSO i mbun sonraí a bhailiú ó shealbhóirí tí do na suirbhéanna seo. Le breis is bliain anuas, tá na hagallóirí sin ag obair ón mbaile agus ag seoladh litreacha chuig líonta tí roghnaithe chun iarraidh orthu agallamh suirbhé a dhéanamh thar an nguthán. Tá ráta freagartha i bhfad ní b’ísle mar thoradh ar an bpróiseas malartach seo. Tá na hagallóirí seo, ar oibrithe riachtanacha iad, ar ais i mbun obair allamuigh anois agus iad ag tabhairt cuairt ar líonta tí roghnaithe chun feabhas a chur ar an méid freagraí a fhaightear do na suirbhéanna.

Is gnách don CSO líonta tí a roghnú ar bhonn randamach ach ar mhaithe leis an ráta freagartha a fheabhsú tá seoladh ríomhphoist ceaptha aici chun ligean do dhaoine suim a léiriú maidir le páirt a ghlacadh i suirbhéanna sa todhchaí, sin é CSOTakePart@cso.ie

Agus í ag fáil réidh chun filleadh ar obair allamuigh, rinne an CSO measúnú riosca ar an gcaidreamh idir agallóir agus sealbhóir tí agus tá a cuid próiseas athraithe aici dá bharr. Beidh gach teagmháil idir agallóir agus baill an líon tí i gcomhréir leis na treoracha sláinte poiblí reatha.

Deir Richard McMahon, Ard-Stiúrthóir Cúnta, go bhfuil gach ar féidir déanta ag an CSO chun sábháilteacht sealbhóirí tí agus agallóirí a chosaint. Tógfaidh aon agallamh i bpearsan níos lú ná 15 nóiméad, fanfaidh agallóirí lasmuigh den áitreabh ar feadh agus trealamh cosanta pearsanta iomchuí in úsáid acu, amhail clúdaigh aghaidh agus díghalrán láimhe.

“Chun a chinntiú go mbeidh sealbhóirí tí ar a gcompord, seolfaidh an CSO litir chucu roimh ré chun insint dóibh gur roghnaíodh iad le bheith páirteach i suirbhé. Más fearr leo nach dtiocfaidh agallóir chuig an doras, is féidir leo glaoch orainn chun agallamh thar an nguthán a shocrú ag am a oireann dóibh féin.”

Tá triail curtha i gcrích ag an CSO chun na próisis nua a thástáil. Bhí Susan Scanlon, agallóir lonnaithe i gCorcaigh, páirteach sa triail agus í an-shásta leis an bhfreagra a bhfuair sí ag na doirse. “Bhí baill an phobail an-dearfach liom agus mé i mbun an triail. Bhí sealbhóirí tí sásta labhairt liom agus braithim sábháilte nuair atáim ag obair de réir na critéir nua seo.”

Luann an tUasal McMahon freisin a thábhachtaí is atá sé go nglacann sealbhóirí tí páirt sna suirbhéanna.

“Gabhann an CSO buíochas le gach éinne a chomhlánaigh suirbhé dár gcuid, go háirithe le 12 mhí anuas, tréimhse an-dúshlánach dúinn ar fad. Táimid ag iarraidh ar dhaoine arís eile suirbhéanna ar líonta tí agus ar ghnólachtaí a fhreagairt má roghnaítear iad. Tuigimis gur fíordhuine nó fíorghnólacht atá i gceist le gach staitistic a bhailímid agus tá sé sin ag croílár na hoibre a dhéanaimid. Cuireann gach eolas a bhailíonn an CSO le soiléireacht, léargas agus trédhearcacht maidir leis an staid ina bhfuil an sochaí agus an geilleagar. Leis an eolas seo, bíonn eagraíochtaí, gnólachtaí agus an Rialtas in ann pleanáil dár dtodhchaí.

“Tá sé thar a bheith tábhachtach go nglacann daoine páirt, go nglacann siad deis chun a scéal a hinsint agus a chur le scéalta mhuintir na hÉireann. Chun a chinntiú gur féidir le gach duine ar mhian leo páirt a ghlacadh inár suirbhéanna amhlaidh a dhéanamh, don chéad uair riamh is féidir le daoine dul i dteagmháil leis an CSO ar ríomhphost chun suim a chlárú linn a bheith rannpháirteach i suirbhé.”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Rannóg Eolais (+353) 21 453 5000

nó seol ríomhphost chuig Information@cso.ie

-- CRÍOCH --