Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

14 Aibreán 2021

Staitisticí Eitlíochta, Ráithe 4 2020

Tionchar thar a bheith mór ag srianta COVID-19 ar an líon paisinéirí ag aerfoirt na hÉireann in 2020
  • Laghdú breis is 178,000 ar an líon eitiltí isteach is amach as aerfoirt na hÉireann in 2020 ón mbliain roimhe
  • Titim 30 milliún ar líon na bpaisinéirí a láimhseáladh ag aerfoirt na hÉireann in 2020 le hais 2019
  • Líon paisinéirí in R4 2020 91% níos ísle ná mar a bhí in R4 2019
  • Timpeall 372,000 paisinéir a tháinig i dtír agus 378,000 a chuaigh amach as Éirinn in R4 2020
  • Laghdú 12% ar an aerlasta láimhseálaithe ag aerfoirt na hÉireann i 2020 le hais na bliana

Breathnaigh ar an eisiúint: Staitisticí Eitlíochta, Ráithe 4 2020 [en]

Tá Staitisticí Eitlíochta le haghaidh Ráithe 4 agus Bliain 2020 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (14 Aibreán 2020).

Déanann Noreen Dorgan, Príomhoifigeach Cúnta, trácht ar eisiúint an lae inniu:

“Mar a léirítear sna figiúirí, tá titim suntasach tagtha ar thaisteal idirnáisiúnta le linn 2020. Tháinig laghdú 78.2%, sin beagnach 30 milliún (29,760,088), ar an líon paisinéirí a chuaigh trí aerfoirt na hÉireann anuraidh i gcomparáid le 2019. Chuaigh an líon eitiltí i laghad ó 273,558 in 2019 go 95,039 in 2020, titim 65.2%. I Ráithe 4 2020, tháinig timpeall 372,000 paisinéir chun na hÉireann agus chuaigh 387,000 amach as an stát. Tá laghdú 91.3% (3.9 milliún) agus 90.9% (3.9 milliún) faoi seach i gceist leis na figiúirí seo i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2019.

“Chonacthas crapadh 11.8% ar an oiread aerlasta a láimhseáladh ag na príomhaerfoirt go 138,787 tonna san iomlán sa bhliain 2020. B’shin i gcomparáid le bliain iomlán 2019.

“Chuir srianta taistil isteach ar eitiltí intíre freisin. Chuaigh 8,890 paisinéir trí aerfort Chonamara in 2020, laghdú 42.2% ar an mbliain roimhe. Bhí an treocht chéanna in aerfort Árann, ar tháinig 5,020 paisinéir tríd anuraidh, laghdú 43.2% ó 2019.”

Tá miondealú le fáil i bhfigiúirí an lae inniu de réir aerbhealaigh chomh maith. In 2020, bhí beagnach naonúr as deichniúr paisinéirí (89.8%) ar eitiltí idirnáisiúnta ag taisteal chun na hEorpa nó isteach uaithi. I measc tíortha na hEorpa, b’iad an Ríocht Aontaithe agus an Spáinn na haerbhealaí is gnóthaí.

Lasmuigh den Eoraip, bealaí ar an dá shlí idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe b’iad na cinn is mó tóir.

Nótaí d'Eagarthóirí:

In eisiúint an lae inniu, tugtar príomhaerfoirt ar an gcúig aerfort is mó sa stát: Baile Átha Cliath, Ciarraí, Cnoc Mhuire (Co. Mhaigh Eo), Corcaigh agus Sionainn. Baineann figiúirí ráithiúla leo seo amháin.

Tá figiúirí bliantúla maidir le paisinéirí san eisiúint seo maidir le haerfoirt Chonamara agus Árann (Co. na Gaillimhe). Ní fhoilsítear figiúirí i leith Inis Meáin ná Inis Oírr.

Foilsíodh figiúirí faoi aerfort Phort Láirge roimhe seo, ach ní raibh aon eitilt tráchtála isteach nó amach as ó bhí 2016 ann.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Noreen Dorgan (+353) 21 453 5260

nó seol ríomhphost chuig transport@cso.ie

-- CRÍOCH --