Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

15 Meitheamh 2021

Staitisticí Eitlíochta, Ráithe 1 2021

Tionchar nach beag ag COVID-19 ar thaisteal idirnáisiúnta go fóill i Ráithe 1 2021
  • Titim breis is 5.5 milliún ar an líon paisinéirí ag teacht trí phríomhaerfoirt na hÉireann in R1 2021 le hais R1 2020
  • Laghdú d’os cionn 42,000 in R1 2021 ar líon na n-eitiltí isteach agus amach as príomhaerfoirt na hÉireann le hais na tréimhse céanna anuraidh
  • I mí Márta, bhí líon na bpaisinéirí isteach agus amach as an tír 90% ní b’ísle ná an mhí chéanna in 2020
  • Ardú 3% ar lastas a láimhseáil ag príomhaerfoirt na hÉireann in R1 2021 i gcomparáid le R1 2020

Breathnaigh ar an eisiúint: Staitisticí Eitlíochta, Ráithe 1 2021 [en]

Tá Staitisticí Eitlíochta le haghaidh Ráithe 1 2021 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (15 Meitheam 2021). Baineann líonta paisinéirí leis an gcúig aerfort is mó sa stát: Baile Átha Cliath, Ciarraí, Cnoc Mhuire (Co. Mhaigh Eo), Corcaigh agus Sionainn.

Déanann an Dr. Nele van der Wielen, Staitisteoir, trácht ar eisiúint an lae inniu:

Léirítear sna figiúirí seo laghdú suntasach ar thaisteal idirnáisiúnta le linn Ráithe 1 2021. Bhí líonta paisinéirí ní b’ísle in Eanáir, Feabhra agus Márta i mbliana ná mar a bhí in 2020. I gcás Feabhra 2021, taifeadadh laghdú 96% i gcomparáid leis an mí chéanna bliain níos luaithe. Baineann na laghduithe seo le srianta taistil a cuireadh i bhfeidhm de bharr COVID-19.

In R1 2021, tháinig nach mór 209,000 paisinéir i dtír in Éirinn agus d’imigh 210,000 paisinéir amach. Is ionann seo agus titim 93% don ráithe ar an líon paisinéirí a láimhseáladh le hais na tréimhse céanna in 2020.

Feictear dúinn gur tháinig borradh 3% go 38,347 tonna sa chéad trí mhí de 2021 ar an oiread lastais a láimhseáladh ag príomhaerfoirt na hÉireann, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2020.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

An Dr. Nele van der Wielen (+353) 21 453 5379

nó seol ríomhphost chuig transport@cso.ie

-- CRÍOCH --