24 Feabhra 2021
Dul Chun Cinn na hÉireann 2019
Is ag Éirinn a bhí an sciar is airde de chéimithe ETIM (STEM) san AE27 don dara bhliain as a chéile in 2019
- Bhí praghasanna in Éirinn 35.4% os cionn mheán an AE -is í ar an dara tír is airde i ndiaidh na Danmhairge
- Tá titim 78.4% tagtha ar an méid dramhaíola a cuireadh chuig líonadh talún in Éirinn idir 2008 agus 2018, síos ó 1.94 go 0.42 milliún tonna
- 70.4 bliana ab ea an t-ionchas saoil shláintiúil tráth breithe ag baineannaigh in Éirinn in 2018, an tríú ráta ab airde san AE
- 68.4 mbliana ab ea an t-ionchas saoil shláintiúil d’fhireannaigh, agus an tríú ráta ab airde ag Éirinn freisin
Breathnaigh ar an eisiúint: Dul chun cinn na hÉireann a thomhas 2019 [en]
Tá an foilseachán Dul chun cinn na hÉireann a thomhas 2019 eisithe inniu (24 Feabhra 2021) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá 60 táscaire éagsúla san fhoilseachán rangaithe i 5 téama as a dtugtar léargas ar threochtaí suntasacha i sochaí na hÉireann agus as ar féidir comparáidí a dhéanamh thar tréimhsí ama nó lenár gcomharsana san Eoraip.
Agus é ag déanamh scagadh ar fhoilseachán an lae inniu, dúirt Declan Smyth, Staitisteoir Sinsearach:
“Faoi théama na Sochaí san fhoilseachán, is suntasach iad na pointí a leanas:
- Tá an sciar daonra in aois 65 bliana agus níos sine imithe in airde ó 11.3% in 2010 go 14.5% in 2020. Ina theannta sin, tá méadú tagtha ar an aoisghrúpa 45-64 bliana, ó 22.4% in 2010 go 24.6% in 2020. Ar an lámh eile de, tá sciar daonra an aoisghrúpa 15-24 bliana tar éis titim ó 13.5% in 2010 go 12.7% in 2020 agus tá laghdú tagtha ar aoisghrúpa 25-34 bliana freisin, thíos ó 31.7% in 2010 go 28.1% in 2020.
- In 2018, rugadh 37.9% de leanaí in Éirinn lasmuigh den phósadh in Éirinn. Sa bhliain chéanna, bhí an dara ráta torthúlachta ab airde (1.8) san AE ag Éirinn, i dteannta leis an tSualainn agus an Rómáin. Mar sin féin, bhí ráta torthúlachta na mballstát AE uile níos lú ná an ráta teoiriciúil malartaithe de 2.1.
- In 2017, bhí an ráta colscartha is ísle ag Éirinn agus Málta araon i measc an AE27 – sin 0.7 colscaradh in aghaidh gach 1,000 duine. Bhí meánráta colscartha an AE27 de 1.9 in aghaidh 1,000 duine in 2017.
- Sheas an bhearna phá idir fir agus mná in Éirinn ag 14.4% in 2017. Bhí seo ar an 12ú bhearna is airde san AE27 an bhliain sin, agus beagán faoi bhun meánfhigiúr an AE (14.5%).
Faoi théama an Chomhshaoil, tá a fhios againn seo a leanas:
- Tá laghdú 78.4% tagtha ar an méid dramhaíola a chuirimid chuig líonadh talún idir 2008 agus 2018, ó 1.94 go 0.42 milliún tonna. Rinneadh 29.4% de dhramhaíl bhardasach in Éirinn a athchúrsáil, faoi bhun mheán an AE (30.3%)
- In 2018, bhí 445 gluaisteán in aghaidh an 1,000 cónaitheoir in Éirinn – an seachtú ráta ab ísle san AE. Is ag Lucsamburg a bhí an ráta ab airde (676) agus is ag an Rómáin a bhí an ráta ab ísle (332).
- Bhí astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann 0.6% os cionn theorainn an Phrótacal Kyoto in 2018.”
-- CRÍOCH --