Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

03 Feabhra 2021

Dífhostaíocht Mhíosúil

Ráta dífhostaíochta coigeartaithe COVID-19 de 25.0% le haghaidh Eanáir 2021 don iomlán daoine, faighteoirí Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime san áireamh
  • Ráta Dífhostaíochta Míosúil coigeartaithe de réir séasúir le haghaidh Eanáir 2021 ag úsáid na gnáthmhodheolaíochta:
    • 5.8% den iomlán daoine, gan athrú ó Nollaig 2020
    • 6.0% d’fhir agus 5.6% de mhná
    • 15.7% de dhaoine 15-24 bliana d’aois agus 4.6% de dhaoine 25-74 bliana d’aois
  • Tomhas malartach dífhostaíochta coigeartaithe COVID-19 le haghaidh Eanáir 2021 lena n-áirítear daoine i bhfáltas an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (ÍDC):
    • 25.0% den iomlán daoine
    • 25.9% d’fhir agus 24.1% de mhná
    • 56.4% de dhaoine 15-24 bliana d’aois agus 21.4% de dhaoine 25-74 bliana d’aois
  • Ar a laghad 8.0% d'fhaighteoirí ÍDC ag freastal ar oideachas lánaimseartha don bhliain acadúil reatha

Breathnaigh ar an eisiúint: Dífhostaíocht Mhíosúil, Eanáir 2021 [en]

Tá torthaí eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (03 Feabhra 2021) i ndáil  le Meastacháin Dífhostaíochta Míosúla Eanáir 2021.

Déanann Catalina Gonzalez, Staitisteoir, trácht ar an eisiúint an lae inniu:

"Feictear tionchar suntasach á imirt go fóill ag COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn in Eanáir 2021. Cé gur 5.8% a taifeadadh leis an ngnáth-thomhas Dífhostaíochta Míosúil don mhí, léirítear leis an tomhas coigeartaithe COVID-19 ráta chomh hard le 25.0% dá rangófaí éilitheoirí an Íocaíocht Dífhostaithe Paindéim (ÍDC) mar dífhostaithe.

5.8% is ea an Ráta Dífhostaíochta Míosúil in Eanáir 2021 de réir na gnáthmhodheolaíochta, gan athrú ó Nollaig 2020. In Eanáir 2021, sheas an Ráta Dífhostaíochta Míosúil ag 6.0% d’fhir agus 5.6% do mhná faoi seach. Le miondealú ar na torthaí de réir aoisghrúpa leathan, sheas an Ráta Dífhostaíochta Míosúil ag 15.7% i measc daoine 15 go 24 bliana d’aois agus ag 4.6% i measc daoine 25 go 74 bliana d’aois.

Chomh maith leis na gnáth-thorthaí Mheastacháin Dífhostaíochta Míosúil le haghaidh Eanáir 2021, tá tomhas malartach dífhostaíochta coigeartaithe ag COVID-19 chun meastachán a thabhairt ar an sciar den lucht saothair in Eanáir 2021  nach raibh ag obair de bharr dífhostaíochta nó a bhí as obair de bharr COVID-19 agus i bhfáltas ÍDC.

Dá rangófaí éilitheoirí an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime go léir mar dífhostaithe, léiríonn an Tomhas Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 ráta 25.0% den iomlán daoine, 25.9% d’fhir agus 24.1% do mhná.  De réir aoisghrúpa leathan, léiríonn an Tomhas Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 ráta 56.4% de dhaoine 15-24 bliana d’aois agus 21.4% do dhaoine 25-74 bliana d’aois."

Ag tagairt do na tacaí ioncaim COVID-19, lean Catalina Gonzalez uirthi:

"Cuireadh na tacaí ioncaim COVID-19 in áit an chéad lá ar bhonn gearrthéarmach mar tacaí ioncaim éigeandála ach tá síneadh ama curtha leo cúpla uair faoin am seo agus táthar tar éis athruithe a dhéanamh ar chritéir cháilitheachta agus ar mhodhanna riaracháin. Cé go rabhthas ag súil go dtiocfadh deireadh leis an ÍDC agus an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) i Lúnasa 2020, tá an ÍDC le rith go dtí Earrach na bliana seo agus tá an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta tagtha in áit an SFSP ó thús Mheán Fómhair 2020.

Leanfaidh an Oifig seo de na scéimeanna taca ioncaim reatha agus aon scéimeanna nua a thiocfaidh ar an bhfód a chíoradh, féachaint an gá athruithe a dhéanamh ar mhodheolaíocht na ngnáth-mheastacháin dífhostaíochta agus na meastacháin coigeartaithe COVID-19 araon. Tarraingeofar aird ár n-úsáideoirí ar aon athruithe modheolaíochta a dhéanfar amach anseo san eisiúint staitistiúil féin agus in aon ábhair tánaisteacha.

Tabhair faoi ndeara go bhfuil an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ag íoc riaráistí le faighteoirí ÍDC, i bpáirt chun tabhairt san áireamh daoine atá ag dul isteach is amach as fostaíocht. Rinneadh an líon is airde íocaíochtaí riaráiste le faighteoirí ar an 01 Nollaig 2020. Sna figiúirí foilsithe, tá riaráistí áirithe de réir na seachtaine ina raibh siad dlite, seachas an tseachtain inar íocadh iad.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil leasuithe déanta sna meastacháin fostaíochta coigeartaithe COVID-19 atá á fhoilsiú inniu, ag baint leas as an t-eolas is déanaí.”

Féach an Fógra Eolais - Tionchar COVID-19 ar an mBeochlár agus na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúla (Márta 2020) agus an Nóta Teicniúil ar Dífhostaíocht Míosúil agus COVID-19 (leasú Iúil 2020) [EN] chun teacht ar a thuilleadh sonraí.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Fiosruithe:

Catalina Gonzalez, Anailísiú an Mhargadh Saothair - (+353) 87 646 7535

Rphost: labour@cso.ie

 

 

Eolas cúlra faoin eisiúint:

Nóta Teicniúil ar Dífhostaíocht Míosúil agus COVID-19 (leasú déanta le haghaidh Iúil 2020) [leathanach i mBéarla]

Fógra Eolais - Tionchar COVID-19 ar an mBeochlár agus na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúla (Márta 2020)

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Catalina Gonzalez (+353) 21 453 5163 nó Martina O'Callaghan (+353) 21 453 5491

nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

-- CRÍOCH --