Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

12 Iúil 2021

Suirbhé ar Chothromaíocht Inscne i Réimse an Ghnó 2021

Duine as ochtar Príomhfheidhmeannach in Éirinn, is mná iad
  • Mná iad 30% d’Fheidhmeannaigh Shinsearacha i ngnólachtaí móra na tíre
  • I gcás Feidhmeannach Sinsearacha a ceapadh le bliain anuas, mná iad 36%
  • Mná atá i 28% de Phríomhoifigigh Airgeadais agus beagán le cois 13% de Phríomhfheidhmeannaigh
  • Chuaigh ionadaíocht ban ar bhoird i méid ó 20% in 2019 go 22% in 2021
  • Fir atá i 86% de Chathaoirligh Boird in Éirinn
  • 29% de ghnólachtaí sa tír a bhfuil íosmhéid 40% de mhná ag leibhéal Fheidhmeannaigh Shinsearaigh agus 18% de ghnólachtaí le híosmhéid 40% de mhná ar a mBoird Stiúrthóirí

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar Chothromaíocht Inscne i Réimse an Ghnó 2021 [en]

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) torthaí inniu (12 Iúil 2021) ón Suirbhé ar Chothromaíocht Inscne i Réimse an Ghnó do 2021. Is é seo an dara uair a rinneadh an suirbhé seo ina iarrtar ar ghnólachtaí móra (250 fostaí nó níos mó) eolas a thabhairt maidir lena bhfoirne Feidhmeannaigh Shinsearaigh agus a mBoird Stiúrthóirí amhail tús na bliana, 01 Eanáir 2021 sa chás seo.

Cuireadh an suirbhé ar líne seo go nach mór 700 gnólacht agus bailíodh an t-eolas idir an 29 Aibreán agus an 01 Iúil 2021. Bhí ráta freagartha 67% ar an suirbhé. Déanann Colin Hanley, Staitisteoir, trácht ar na torthaí:

“Ar an gcéad lá de 2021, léirítear dúinn gur mhná iad 30% d’Fheidhmeannaigh Shinsearacha in Éirinn. Méadú beag is ea sin ar an sciar 28% a taifeadadh in 2019. Maidir le Feidhmeannaigh Shinsearacha a ceapadh le bliain anuas, ba mhná iad 36% díobh sin. Le dhá bhliain anuas, mná a bhí i sciar 44% de cheapacháin sheachtracha le hais 33% de cheapacháin inmheánacha. Fir a bhí i 87% de Phríomhfheidhmeannaigh in 2021, laghdaithe de bheagán ó 89% in 2019. Nuair a thagann sé go Príomhoifigigh Airgeadais, mná a bhí i 28% agus fir i 72% de na róil seo i mbliana.

Chonacthas méadú ar ionadaíocht na mban ar Bhoird Stiúrthóirí ó 20% in 2019 go 22% in 2021. Mná a bhí i 31% de chomhaltaí boird a ceapadh anuraidh, 2020, agus b’ionann an dream seo agus 13% de stiúrthóirí baineann go léir ag tús 2021. Tá an sciar is airde de mhná mar chomhaltaí boird i Riarachán agus Seirbhísí Tacaíochta (33%) agus an sciar is airde d’fhir san earnáil Foirgníochta (94%).

Feictear borradh faoi sciar na mban mar Cathaoirligh Boird, méadú ó 7% in 2019 go 14% in 2021. As Cathaoirligh a bhí ar a mboird níos lú ná 12 mhí, mná iad 21% agus fir iad an 79% eile. As Cathaoirligh ar a mboird le 5 bliana nó níos faide, mná iad 11% agus fir iad 89%.

In eagrán 2021 den suirbhé, léirítear dúinn chomh maith go ndeir 29% de ghnólachtaí in Éirinn go raibh sciar 40% ar a laghad de mhná ag leibhéal Feidhmeannaigh Shinsearaigh agus tuairiscíonn 18% de ghnólachtaí gur mhná iad 40% nó níos mó dá gComhaltaí Boird. I gcás gnólachtaí Seirbhísí, deir 36% amhlaidh faoina bhFeidhmeannaigh Shinsearacha agus 26% amhlaidh faoina mBoird Stiúrthóirí.

Tabhair do bhur n-aire go bhfuil torthaí an tsuirbhé seo bunaithe ar na freagraí a fuarthas ó sampláil de ghnólachtaí móra sa tír agus nach ndearnadh aon ualú orthu.”

Gabhann an CSO buíochas leis na freagróirí go léir as páirt a ghlacadh sa suirbhé.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Colin Hanley (+353) 21 453 5559

nó seol ríomhphost chuig business_stats@cso.ie

-- CRÍOCH --