23 Iúil 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Athbhreithniú ar Chaighdeán Staitisticí Coireachta Taifeadta 2020 [en]
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an ceathrú Athbhreithniú ar Chaighdeán Staitisticí Coireachta Taifeadta dá cuid inniu (23 Iúil 2021). Tá Staitisticí Coireachta Taifeadta bunaithe ar shonraí taifeadta an Gharda Síochána ón gcóras PULSE. Is é is cuspóir leis an tsraith tuarascálacha seo ná caighdeán na foinse sonraí a chíoradh de réir mar a bhaineann sé leis na staitisticí a fhoilsítear.
Déanann Sam Scriven, Staitisteoir, trácht ar an athbhreithniú: “Is foinse eolais thar a bheith tábhacht iad na Staitisticí Coireachta Taifeadta i leith méid agus treochtaí na gcoireanna a dtuairiscítear leis an nGarda Síochána, agus bíonn géarghá na staitisticí seo a bheith iontaofa agus muinín an phobail a bheith iontu. Tá na staitisticí coireachta á fhoilsiú ag an CSO ‘Faoi Fhorchoimeádas’ ó Mhárta 2018 i leith chun úsáideoirí a chur ar an airdeall gur ábhar imní don CSO caighdeán an chórais PULSE – an bunfhoinse sonraí as a thiomsaítear na staitisticí. Is í seo an t-aon sraith staitistiúil a fhoilsíonn an CSO faoina leithéid de rabhadh caighdeáin.” Ceisteanna Coitianta - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas
Sa cheathrú Athbhreithniú ar Chaighdeán Staitisticí Coireachta Taifeadta breathnaítear ar a mhéid a bhfuiltear ag freastal ar riachtanais úsáideoirí sonraí coireachta le PULSE agus tugtar aird ar an gcaighdeán feabhsaithe sonraí atá ag teacht as ó foilsíodh an t-athbhreithniú deireanach i 2017. Cuireann an caighdeán feabhsaithe seo ar a chumas don CSO réimse níos leithne táirgí staitistiúla a chur ar fáil. Mar shampla, le feabhas tagtha ar iontaofacht na sonraí aschur PULSE bainteach le coireacht braite agus ciontóirí amhrasta, bhí an CSO in ann anailísí úra agus níos miondealaithe a fhoilsiú ar na catagóirí sin. Tá bearna sonraí fós ann, áfach, agus an fhadhb leanúnach is mó ná nach líontar cuid de na réimsí sonraí ar PULSE go cuimsitheach. Ar na bearnaí is suntasaí tá coireanna le cúis leithcheala, cásanna d’fhoréigean baile agus úsáid arm nó gléasanna troda. Faoi láthair, tá an Garda Síochána i mbun leasuithe ar an gcóras PULSE ionas go mbeifear in ann sonraí a bhailiú maidir le haon caidreamh idir íospartaigh agus déantóirí coire. Cuirtear fáilte roimh an fhorbairt seo óir go mbeifear in ann, nuair chuirtear na leasuithe i gcrích, freastal ar riachtanas sonrach atá luaite le tamall d’eolas níos mó maidir leis an ngné seo den choireacht. Aithnítear sa tuarascáil freisin roinnt feabhsuithe eile i gcaighdeán sonraí PULSE, ar nós rangú cásanna coire agus tráthúlacht i gcásanna a thaifead.
Bailítear sonraí PULSE ar an gcéad dul síos chun críocha póilíneachta oibríochtúil agus níl aon ról ag an CSO i gcoireanna a thaifead ná i bpróiseáil agus seiceáil tosaigh na dtaifid sin laistigh den Gharda Síochána.
Deir Sam Scriven an méid seo: “Tá easnamh ann sa bheith is nach dtuairiscíonn an Gharda Síochána féin ar chaighdeán sonraí PULSE, agus cuireann sé seo srian ar a bhfuil an CSO in ann a dhéanamh chun úsáideoirí sonraí a chur ar an eolas mar is ceart faoi chaighdeán na sonraí PULSE. Dá réir sin, tá gá ann don Gharda Síochána monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar chaighdeán na sonraí agus, ar deireadh thiar, tuairisciú ar chaighdeán sonraí ar bhealach macánta trédhearcach do na húsáideoirí.”
Ní áirítear in athbhreithniú an lae inniu aon anailís ar an méid a tháinig chun solais le déanaí maidir le glaochanna éigeandála 999 a bheith curtha ar ceal go míchuí, ós rud é go bhfuil fiosrúchán inmheánach na nGardaí ar siúl faoi láthair. Tá an CSO ag fanacht ar shoiléiriú ón nGarda Síochána maidir leis an méid glaoch atá i gceist. É sin ráite, is mian leis an CSO a chur in iúl d’úsáideoirí go mb’fhéidir go gcuirfidh an topaic seo le hábhair imní an CSO maidir le caighdeán Staitisticí Coireachta Taifeadta.
Déanann Sam Scriven tagairt don cheist: “Nuair a thuairiscíonn baill an phobail coireanna don Gharda Síochána ar an nguthán, lena n-áirítear glaoch éigeandála 999, taifeadtar iad seo ar an gcéad dul síos ar chóras Seachadta Ríomhchuidithe (CAD) na nGardaí. D’aon chás inar cuireadh glaoch ar ceal róluath nó go míchuí ar an CAD, d’fhéadfadh nár cruthaíodh taifead dóibh ar an gcóras PULSE agus ar an gcaoi sin ní bheifí tar éis iad a chomhaireamh i Staitisticí Coireachta Taifeadta. Tá sé rí-thábhachtach go gcinntíonn an Garda Síochána go bhfuil nósanna imeachta smachta iomchuí i bhfeidhm acu chun aon easpa comhlíonta i dtaobh taifead coireanna a mhaolú. Molann an CSO don Gharda Síochána tabhairt faoi athbhreithniú ceann go ceann ar an bpróiseas tuairiscithe agus taifeadta coireanna – le béim ar na nósanna imeachta smachta inmheánacha chun sonraí coireachta taifeadta ar ardchaighdeán a chinntiú.”
Tá cinneadh glactha ag an CSO go bhfanfaidh Staitisticí Coireachta Taifeadta ‘Faoi Fhorchoimeádas’ don am atá le teacht, agus go leanfar de staitisticí coireachta bunaithe ar PULSE a fhoilsiú i bhfianaise an riachtanas sóisialta atá le heolas reatha ar an gcoireacht in Éirinn.
Ar deireadh, deir Sam Scriven: “Is é an bealach ina mbainfear an rabhadh ‘Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas’ ná trí muinín an phobail i gcaighdeán na sonraí coireachta PULSE a mhúscailt. An t-aon bhealach len é sin a dhéanamh ná próiseas dearbhaithe caighdeán sonraí atá iontaofa agus trédhearcach a bheith ag an nGarda Síochána, bunaithe ar thuiscint shoiléir maidir leis na rioscaí ó thaobh caighdeán sonraí de a bhaineann leis an bpróiseas tuairiscithe agus taifeadta coireanna. Is acmhainn ríthábhachtach iad staitisticí coireachta iontaofa stóinsithe do lucht déanta cinntí agus don phobal i gcoitinne. Tá an CSO tiomanta go fóill comhairle a chur ar an nGarda Síochána agus cabhrú leo chun feabhas a chur ar a sonraí chun críocha staidrimh.”
Eolas cúlra faoi fhoilsiú staitisticí coireachta
Ceisteanna Coitianta - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas
Sam Scriven (+353) 21 453 5276
nó seol ríomhphost chuig crime@cso.ie
-- CRÍOCH --