Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

11 Feabhra 2021

Clúdach Pinsin 2020

Tá clúdach pinsin ag 65% d’oibrithe, gan an pinsean stáit a áireamh
  • I R3 2020, bhí clúdach pinsean forlíontach ag 64.7% de dhaoine i bhfostaíocht idir 20 agus 69 mbliana d’aois
  • An sciar is lú clúdach pinsin i measc oibrithe óga; ní raibh sé ach ag 24% den aoisghrúpa 20-24 bliana. Tá an sciar is mó ag oibrithe 45-54 bliana d’aois ar 77%.
  • Dóibh siúd le pinsean ceirde óna bpost reatha, tá pinsean ‘sochar sainithe’ ag 34% agus pinsean ‘ranníocaíocht shainithe’ ag 64%
  • I gcás oibrithe gan pinsean ceirde óna bpost reatha, deir breis is leath (52.2%) nach n-ofrálann an fostóir scéim pinsin
  • I measc oibrithe gan clúdach pinsin, deir 37% nach bhfuair siad an t-am le ceann a reáchtáil agus 35% go mbeadh sé deacair orthu íoc as
  • Deir 58% d’oibrithe gan clúdach pinsin go raibh siad chun a bheith ag braith ar phinsean stáit dá n-ioncam théis dul ar scor agus beidh 8% ag braith ar airgead i dtaisce nó ar infheistíochtaí

Breathnaigh ar an eisiúint: Clúdach Pinsin 2020 [en]

Tá torthaí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (11 Feabhra 2021) ón suirbhé ar Chlúdach Pinsin 2020, a reáchtáladh i Ráithe 3 anuraidh.

Déanann Maureen Delamere, Staitisteoir, trácht ar fhoilseachán an lae inniu:

"Tá athruithe ó bhonn tagtha ar an saol in Éirinn ó tugadh isteach bearta cosanta sláinte le linn 2020 chun dul i ngleic leis an bpaindéim COVID-19, ar a n-áirítear dúnadh iliomad láthair oibre agus cailliúintí poist dá bharr. Le linn dúinn a bheith ag bailiú eolais don suirbhé seo ó fhreagróirí i Ráithe 3 anuraidh, bhí srianta éagsúla COVID-19 i bhfeidhm. Baineann torthaí an fhoilseacháin leo siúd a bhí i bhfostaíocht amháin – ní áirítear aon duine a bhí dífhostaithe ag an am nó as obair de bharr na paindéime. Déantar tagairt sna torthaí do chlúdach pinsin forlíontach amháin, .i. aon chlúdach nach é an pinsean stáit é.

Astu sin a bhí i bhfostaíocht i Ráithe 3 2020, bhí clúdach pinsin de shaghas éicint, seachas an pinsean stáit, ag 64.7%. B’ionann seo agus ardú de bheagnach 5 pointe céatadáin ar an bhfigiúr comhionann in 2019.

Feictear ardú ar an sciar oibrithe le clúdach pinsin i ngach aoisghrúpa i R3 2020 le hais R3 2019, ach tá mórán an treocht céanna aoise i gceist sna torthaí is déanaí. Is é an aos óg an dream is lú clúdach pinsin, gan fiú aon cheathrú (24.4%) d’oibrithe 20-24 bliana d’aois a raibh sé acu. I gcomparáid leis sin, bhí clúdach ag leath (49.9%) d’oibrithe 25-34 bliana d’aois. Téann an treocht in airde le haois, mar sin bhí 72.7% díobh siúd san aoisghrúpa is sine, 55-69 mbliana, le clúdach pinsin. Is scéim ranníocaíochta sainithe (63.9% de phinsin) seachas scéim sochair shainithe (33.8%) atá ag an gcuid is mó d’oibrithe.

Ag breathnú ar ghrúpaí leathana ceirde, is ag Gairmithe a bhí an ráta is airde clúdach pinsin, sin 86.4%. Lena ais sin, ní raibh clúdach ach ag beagán le cois aon trian (34.0%) d’Oibrithe Miondíola agus Seirbhís Custaiméara. De réir earnáil geilleagrach NACE, bhí an ráta clúdaithe is airde in 2020 ag oibrithe i Riarachán Poiblí agus Cosaint (95.8%). Tá córas éigeantach pinsin do na hoibrithe seo agus iad ag tosú sa phost.

I measc oibrithe gan clúdach pinsin, deir 35.3% díobh gur ceist acmhainní a bhain lena n-easpa clúdach pinsin, agus deir 37.0% eile nach bhfuair siad an t-am chun clúdach a shocrú dóibh féin. Iarradh ar oibrithe idir 20 agus 69 mbliana d’aois (lena n-áirítear daoine féinfhostaithe agus/nó ag tabhairt cúram do ghaolta) nach bhfuil clúdach pinsin acu cén fhoinse ioncaim a bheadh siad ag braith air théis dul ar scor. An pinsean stáit ab ea an freagra ba choitianta, 57.6%, agus dúirt duine as dáréag acu go mbeidís ag braith ar airgead i dtaisce nó infheistíochtaí."

Nótaí d'Eagarthóirí:

Tabhair do d’aire gur tháinig athrú ar an modh bailithe sonraí don suirbhé seo in 2020 ón uair dheireanach a reáchtáladh é i Ráithe 3 2019. Úsáideadh samhail measctha bailithe sonraí in 2019 – idir agallaimh ríomhchuidithe duine le duine (CAPI) agus agallaimh ríomhchuidithe thar an nguthán (CATI). In 2020, áfach, b’éigean don Phríomh-Oifig Staidrimh agallaimh duine le duine a chur ar ceal mar gheall ar COVID-19 agus na bearta scartha shóisialta i bhfeidhm in Éirinn ag an am. Mar thoradh air seo, rinneadh gach agallamh don mhodúl seo thar an nguthán amháin. Ba chóir d’úsáideoirí tabhairt faoi ndeara gur cosúil go bhfuil éifeachtaí ag an athrú bailithe sonraí seo ar shonraí an tsuirbhé le haghaidh 2020.

Ina theannta sin, baineann an suirbhé seo le daoine i bhfostaíocht, mar sin ní áirítear ann an líon suntasach daoine a bhí as obair tráth an agallaimh, fiú go sealadach, mar gheall ar an bpaindéim COVID-19. Maidir leis na heisiúintí Tuilleamh agus Costais Saothair, is dócha go bhfuil éifeachtaí ag athrú comhdhéanaimh an lucht saothair le linn 2020 ar inchomparáideacht torthaí 2019 agus 2020. D’fhéadfadh tionchar a bheith imeartha ag an athrú seo ar áireamh na rátaí pinsin san fhoilseachán Clúdach Pinsin 2020.

Mar fhocal scoir, chuir an phaindéim COVID-19 isteach ar ráta freagartha an tsuirbhé. Bhí líon 5,130 freagróirí ar an suirbhé in R3 2020 le hais 7,574 in R3 2019. Tá tuilleadh eolais ar ghnéithe seo an tsuirbhé i Nótaí Cúlra [en] an fhoilseacháin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Maureen Delamere (+353) 21 453 5081 nó Caroline Barrett (+353) 21 453 5485

nó seol ríomhphost chuig socialmodules@cso.ie

-- CRÍOCH --