16 Meitheamh 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Saintréithe Ceannaitheoirí Réadmhaoine Cónaithe 2010-2019 [en]
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) torthaí inniu (16 Meitheamh 2021) ar Shaintréithe Ceannaitheoirí Réadmhaoine Cónaithe 2010-2019. Tagann an foilseachán seo faoin rangú Aschur Ceannródaíoch CSO. Ní mór a bheith an-chúramach agus léamh á dhéanamh ar na staitisticí sa phíosa anailíse turgnamhaí seo. Is é is cuspóir leis an Aschur Ceannródaíoch seo ná léargas a thabhairt ar na cineálacha daoine atá ag ceannach réadmhaoine cónaithe in Éirinn de réir praghais, aoise, ioncaim, inscne agus áite.
Déanann Seán O’Connor, Staitisteoir, trácht ar an bhfoilseachán: “Cé gur iomaí sraith staitistiúil a chuireann an Oifig seo ar fáil, amhail cead pleanála, críochnú aonad cónaithe nua agus an praghasinnéacs um réadmhaoine cónaithe, dírítear don chéad uair sa bhfoilseachán nua seo ar na cineálacha daoine a cheannaíonn réadmhaoin cónaithe in Éirinn. Cíortar ann aois agus ioncam ceannaitheoirí réadmhaoine, praghsanna atá íoctha ag sainghrúpaí in imeachta na mblianta agus le miondealú thíreolaíoch, agus topaicí eile.
Seo hiad a leanas cuid de bhuaicphointí na hanailíse seo;
Idirbhearta agus praghsanna
Ar bhonn náisiúnta in 2019, ceannaíodh 62.2% d’aonaid réadmhaoine cónaithe i gcomhpháirt. É sin ráite, bhí difear suntasach ann in áiteanna éagsúla sa tír, le sciar chomh hard le 75.8% i mBaile Átha Cliath Theas agus chomh íseal le 48.6% i Longfort.
In 2019 chomh maith, taifeadadh na praghsanna airmheánacha ab airde do cheannaitheoirí aonair i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin (€430,000), Cathair Bhaile Átha Cliath (€325,000), Fine Gall (€295,000) agus Baile Átha Cliath Theas (€290,000). Bhí treocht mórán mar an gcéanna i gcás comhcheannaitheoirí, le €565,000 á íoc i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, €390,000 i gCathair Bhaile Átha Cliath, €365,000 i bhFine Gall agus €357,000 i gCill Mhantáin. Is i Liatroim a íocadh na praghsanna airmheánacha ab ísle in 2019, €90,400 i gcás ceannaitheoirí aonair agus €130,000 i gcás comhcheannaitheoirí.
Tabhair aire, ní haon sprioc don fhoilseachán é tomhas a dhéanamh ar athruithe praghais foriomlána sa mhargadh réadmhaoine cónaithe. Dá mbeadh suim ag éinne in athruithe praghais ar réadmhaoin cónaithe, ba chóir breathnú ar an bPraghasinnéacs Réadmhaoine Cónaithe (RPPI) – tá figiúirí úra i leith Aibreán 2021 á eisiúint inniu.
Aois
In 2019, bhí aois airmheánach na gceannaitheoirí aonair chomh híseal le 38 mbliana i gCathair Bhaile Átha Cliath agus chomh hard le 50 bliain i gCiarraí. Ar bhonn náisiúnta in 2019, sheas aois airmheánach na gceannaitheoirí aonair ag 42 bliana. Maidir le comhcheannaitheoirí in 2019, bhí aois airmheánach chomh híseal le 35 bliana i mBaile Átha Cliath Theas, chomh hard le 44 bliana i gCiarraí agus bhí figiúir náisiúnta de 38 mbliana.
Ioncam
In 2019, bhí ioncam airmheánach mar a leanas ag sainghrúpaí: €84,900 ag comcheannaitheoirí le clann; €77,900 ag comhcheannaitheoirí gan clann; €43,000 ag ceannaitheoirí aonair gan clann; €40,100 ag ceannaitheoirí aonair le clann.
De réir áite in 2019, taifeadadh an t-ollioncam ab airde ag comhcheannaitheoirí i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin (€123,700), agus ina dhiaidh sin i gCathair Bhaile Átha Cliath (€101,200) agus i bhFine Gall (€90,600). Bhí na luachanna ab ísle ar ollioncam na gcomhcheannaitheoirí i Longfort (€59,300), Liatroim (€60,600) agus Ros Comáin (€62,300).
I gcás ceannaitheoirí aonair in 2019, taifeadadh na hollioncam ab airde i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin (€57,600), Cathair Bhaile Átha Cliath (€56,600) agus Fine Gall (€52,900). Bhí na cinn ab ísle i Ros Comáin (€29,700) agus i nDún na nGall (€30,800).
Bhí difear €66,100 idir an t-ollioncam ab airde comhcheannaitheoir agus an t-ollioncam ab ísle ag ceannaitheoir aonair i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin – sin é an difear is suntasaí aon áit sa tír in 2019. Taifeadadh an difear is lú (€25,200) i gContae Lú.
Seoladh
Sa tréimhse 2010-2019, naonúr as deichniúr a raibh seoladh i gCorcaigh acu tráth an cheannaigh, is réadmhaoin sa chontae céanna a bhí á cheannach acu – an sciar is airde as aon áit sa tír. Bhí leibhéal ard chomh maith i mBaile Átha Cliath.
I gcás aon cheathrú de dhaoine a cheannaigh réadmhaoine i nDún na nGall sa tréimhse deich mbliana seo, bhí seoladh acu lasmuigh den stát – an móramh díobh i dTuaisceart Éireann.
Tá na torthaí san fhoilseachán seo bunaithe ar réimse foinsí sonraí:
Rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh na sonraí sin a nascadh agus a anailísiú chun críocha staidrimh i gcomhréir leis an Acht Staidrimh, 1993 agus le Prótacal Sonraí an CSO.
Déantar anaithnidiú ar fhoinsí sonraí sula nasctar iad. Baineann an Oifig seo aon Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) ó fhoinsí agus cuirtear Eochar Cosanta Aitheantais in áit sin. Uimhir criptithe agus randamach atá i nach Eochar Cosanta Aitheantais a úsáideann an Oifig chun taifid a bhaineann le foinsí sonraí agus le tréimhsí éagsúla a nascadh fad is a chosnaítear príobháideacht na daoine a bhaineann na foinsí sonraí sin leo.
Is Aschur Ceannródaíoch CSO é an foilseachán seo. Moltar go mór do d'úsáideoirí an chaibidil Cúlra agus Modheolaiocht [en] a léamh chun tuiscint a fháil ar an gcaoi inar tiomsaíodh an foilseachán, na sainmhínithe a bhaineann leis agus aon teorainn a d'fhéadfadh a bheith leis an anailís ionas nach tógfaí an bhrí mhícheart as na figiúirí.
Seán O'Connor (+353) 21 453 5295
nó seol ríomhphost chuig sean.oconnor@cso.ie
-- CRÍOCH --