08 Iúil 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Feithiclí a ceadúnaíodh den chéad uair, Meitheamh 2021 [en]
Tá figiúirí maidir le Ceadúnú Feithiclí i Meitheamh 2021 foilsithe inniu (08 Iúil 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá na figiúirí seo bunaithe ar an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe a chuireann an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.
In eisiúint an lae inniu, léirítear gur 4,980 gluaisteán nua a ceadúnaíodh den chéad uair i Meitheamh 2021, le hais 2,189 ceann i Meitheamh 2020 agus 3,858 i Meitheamh 2019.
Agus í ag trácht ar shonraí an lae inniu, dúirt an Dr Nele van der Wielen, Staitisteoir:
“Léirítear i dtorthaí an CSO inniu go bhfuil líon na ngluaisteán nua a ceadúnaíodh níos airde ná leibhéil 2019 don chéad uair i mbliana. Tháinig ardú 2,791 ar líon na ngluaisteán nua príobháideacha a ceadúnaíodh i Meitheamh 2021 le hais Meitheamh 2020 agus bhí sé seo 1,122 níos mó ná an méid i Meitheamh 2019.
Sa chéad leath de 2021, ceadúnaíodh 59,823 gluaisteán nua príobháideacha san iomlán, sin méadú 22% le hais an tréimhse chéanna in 2020. Tá tionchar na paindéime COVID-19 fós le brath sa chéad sé mhí den bhliain seo, áfach, agus figiúirí 23% níos ísle ná mar a bhí don tréimhse chéanna in 2019.
Scéal difriúil atá againn maidir le gluaisteáin phríobháideacha athláimhe (iompórtálaithe). Tháinig borradh fúthu sin i mbliana le hais 2020 ach tá siad fós níos ísle ná leibhéil 2019. Sa chéad sé mhí de 2021, tháinig méadú 50% ar chéad cheadúnú ghluaisteán athláimhe le hais an chéad leath de 2020 agus tá siad 23% níos ísle ná an tréimhse sin in 2019.
Tá hibridí agus gluaisteáin leictreacha agus ag éirí níos coitianta i gcónaí, iad ag cuimsiú sciar 32% de ghluaisteáin nua a ceadúnaíodh i 2021 go dtí seo, le hais 19% sa chéad leath de 2020.
Feictear dúinn chomh maith go bhfuil borradh tagtha faoi veaineanna campála i mbliana. Bhí an líon veain champála a ceadúnaíodh sa chéad leath de 2021 79% níos airde ná mar a cheadúnaíodh sa tréimhse chéanna in 2019.”
Clárú feithicle
Déantar feithicil a chlárú nuair a íoctar an cháin cláraithe feithicle atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim. Ina dhiaidh sin, eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim uimhir chlárúcháin don fheithicil
Ceadúnú feithicle
Déantar feithicil a cheadúnú nuair a íoctar an mhótarcháin atá dlite di den chéad uair.
Nele van der Wielen (+353) 21 453 5260
nó seol ríomhphost chuig transport@cso.ie
-- CRÍOCH --