12 Márta 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Ceadanna Pleanála, Ráithe 4 agus Bliain 2020 [en]
Tá sonraí foilsithe inniu (12 Márta 2021) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) maidir le ceadanna pleanála do cheathrú ráithe agus do bhliain iomlán 2020.
Agus í ag déanamh scagadh ar na sonraí, dúirt Sorcha O’Callaghan, Staitisteoir: “Deonaíodh ceadanna pleanála le haghaidh níos mó árasáin ná tithe in 2020. 20,582 aonad árasáin a tugadh cead dóibh i gcomparáid le 19,591 aonad in 2019, méadú 33.9%.
Tá an líon ceadanna seo fós níos ísle ná an buaicphointe de 32,077 aonad a deonaíodh in 2004.
Sa bhliain 2019, tháinig laghdú bliantúil ar líon na dtithe a deonaíodh cead pleanála dóibh don chéad uair ó 2012. Lean an treocht sin ar aghaidh in 2020; taifeadadh cead pleanála do 18,314 teach le hais 19,651 in 2019, laghdú 6.8%.
Deonaíodh ceadanna pleanála le haghaidh 19,670 teach in 2019, i gcomparáid le 19,964 ceann in 2018, laghdú 1.5%. Is é seo an chéad uair gur tháinig laghdú ar an bhfigiúr seo ó 2012. Tá laghdú 3.0% tagtha ar an líon tithe i bhforbairtí iolracha a tugadh cead pleanála dóibh in 2019 le hais na bliana roimhe. I gcás tithe aonuaire, tá méadú 2.6% tagtha ar an líon cead pleanála sa bhliain is déanaí i gcomparáid le 2018.
In 2020, deonaíodh cead pleanála le haghaidh 76.2% de na haonaid árasáin de bhun iarratas Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta (FST). Próiseas é seo trínar féidir iarratais ar fhorbairtí de íosmhéid 100 aonad cónaithe nó íosmhéid 200 spás leapa mac léinn a chur faoi bhráid an Bhord Pleanála go díreach seachas faoi bhráid an údaráis áitiúil. Deonaíodh ceadanna do 5,910 teach nua agus 19,989 aonad árasáin nua trí iarratais FST anuraidh.
In 2020, is é líon iomlán na gceadanna pleanála a deonaíodh d’fhorbairtí uile ná 25,597 le hais 27,891 cead in 2019, laghdú 8.2%. As an líon sin, bhí sciar beagnach 26% d’aonaid cónaithe nua, 31% do dhéantúis úra eile agus 43% do shínte, athruithe nó athchóirithe.
Tá laghdú leanúnach tagtha ar achar urláir na sínte ó 2017. In 2020, fuarthas cead le haghaidh sínte ionann le 819,000 méadar cearnach, le hais 925,000 méadar cearnach in 2019.”
Sorcha O'Callaghan (+353) 21 453 5523
nó seol ríomhphost chuig business_stats@cso.ie
-- CRÍOCH --