29 Iúil 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil, Meitheamh 2021 [en]
Tá Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil le haghaidh Meitheamh 2021 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (29 Iúil 2021).
Déanann Gregg Patrick, Staitisteoir, trácht ar an eisiúint seo: “Léirítear dúinn i bhfigiúirí Meitheamh 2021 go raibh méadú ar thaisteal thar sáile le hais na míosa roimhe. Tháinig 160,000 paisinéir i dtír in Éirinn i Meitheamh 2021 le hais 85,400 i mBealtaine 2021, sin méadú 87%. An mhí seo chaite d’imigh 199,100 paisinéir amach as Éirinn ar bhealaí thar sáile i gcomparáid le 97,000 i mí Bealtaine, méadú 105% in aon mhí amháin.
Sna staitisticí do Mheitheamh 2021, feictear dúinn gur ar bhealaí na mór-roinne a thaistil móramh na bpaisinéirí. Tháinig 87,500 paisinéirí i dtír ar na bealaí seo agus d’imigh 122,600 paisinéir amach orthu. Lena hais sin, níor tháinig ach 57,700 paisinéir isteach sa tír ar bhealaí thar Mhuir Éireann (as Manainn agus an Bhreatain Mhór) agus ar an treo eile d’fhág 64,500 paisinéir an tír ar na bealaí céanna. Chomh fada is a bhaineann sé le bealaí trasatlantacha i mí Meithimh, níor tháinig ach 11,000 isteach go hÉirinn agus 7,700 a d’imigh amach aisti.
Ag fágáil an Bhreatain Mhór as áireamh, b'iad na tíortha is lárnaí i dtaisteal thar sáile i Meitheamh 2021 ná an Spáinn (14,500 isteach, 18,800 amach), an Pholainn (12,500 isteach, 20,600 amach) agus an Ísiltír (10,000 isteach, 10,600 amach).
Ag breathnú ar an mbliain go dtí seo (Eanáir-Meitheamh 2021), tá 539,100 paisinéir idirnáisiúnta tagtha go hÉirinn agus 607,600 paisinéir imithe amach as an tír. Lena n-ais sin, tháinig 3.2 milliún paisinéir chun na tíre agus chuaigh an oiread céanna amach aisti sa tréimhse chomhionann in 2020, agus bhí 9.3 milliún paisinéir isteach agus 9.5 milliún paisinéir amach don chéad leath de 2019. Léiriú suntasach iad na figiúirí seo ar an tionchar mór leanúnach atá á imirt ag COVID-19 ar thaisteal idirnáisiúnta isteach agus amach as an tír seo.”
Gregg Patrick (+353) 21 453 5202 nó James Mahon (+353) 21 453 5463
nó seol ríomhphost chuig tourism@cso.ie
-- CRÍOCH --