30 Lúnasa 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil, Iúil 2021 [en]
Tá Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil le haghaidh Iúil 2021 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (30 Lúnasa 2021).
Déanann Gregg Patrick, Staitisteoir, trácht ar an eisiúint seo: “Léirítear dúinn i bhfigiúirí Iúil 2021 go raibh méadú arís eile ar thaisteal thar sáile le hais na míosa roimhe. Tháinig 380,700 paisinéir i dtír in Éirinn in Iúil 2021 le hais 160,000 i Meitheamh 2021, sin méadú 138%. An mhí seo chaite d’imigh 428,600 paisinéir amach as Éirinn ar bhealaí thar sáile i gcomparáid le 199,100 i mí Meithimh, méadú míosúil 115%.
Sna staitisticí d’Iúil 2021, feictear dúinn gur ar bhealaí na mór-roinne a thaistil móramh na bpaisinéirí. Tháinig 217,700 paisinéirí i dtír ar na bealaí seo agus d’imigh 287,300 paisinéir amach orthu. Lena hais sin, níor tháinig ach 123,100 paisinéir isteach sa tír ar bhealaí thar Mhuir Éireann (as Manainn agus an Bhreatain Mhór) agus ar an treo eile d’fhág 110,800 paisinéir an tír ar na bealaí céanna. Chomh fada is a bhaineann sé le bealaí trasatlantacha i mí Iúil, níor tháinig ach 26,700 isteach go hÉirinn agus 18,300 a d’imigh amach aisti.
Ag fágáil an Bhreatain Mhór as áireamh, b'iad na tíortha is lárnaí i dtaisteal thar sáile in Iúil 2021 ná an Spáinn (42,300 isteach, 66,400 amach), an Pholainn (26,000 isteach, 36,500 amach) agus an Fhrainc (23,100 isteach, 27,400 amach).
Ag breathnú ar an mbliain go dtí seo (Eanáir-Iúil 2021), tá 919,800 paisinéir idirnáisiúnta tagtha go hÉirinn agus 1,036,100 paisinéir imithe amach as an tír. Lena n-ais sin, tháinig 3.4 milliún paisinéir chun na tíre agus chuaigh an oiread céanna amach aisti sa tréimhse chomhionann in 2020, agus bhí 11.6 milliún paisinéir isteach agus 11.7 milliún paisinéir amach don chéad leath de 2019. Léiriú suntasach iad na figiúirí seo ar an tionchar mór leanúnach atá á imirt ag COVID-19 ar thaisteal idirnáisiúnta isteach agus amach as an tír seo.”
Gregg Patrick (+353) 21 453 5202 nó James Mahon (+353) 21 453 5463
nó seol ríomhphost chuig tourism@cso.ie
-- CRÍOCH --