31 Bealtaine 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil, Aibreán 2021 [en]
Tá Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil le haghaidh Aibreán 2021 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (31 Bealtaine 2021).
Déanann Gregg Patrick, Staitisteoir, trácht ar an eisiúint seo: “Léirítear dúinn i bhfigiúirí Aibreán 2021 go raibh méadú ar thaisteal thar sáile le hais na míosa roimhe. Tháinig 69,400 paisinéir i dtír in Éirinn in Aibreán 2021 le hais 61,400 i Márta 2021, sin méadú 13.1%. An mhí seo chaite d’imigh 73,000 paisinéir amach as Éirinn ar bhealaí thar sáile i gcomparáid le 66,500 i mí Márta, méadú 9.8% in aon mhí amháin.
Sna staitisticí do Aibreán 2021, feictear dúinn gur ar bhealaí na mór-roinne a thaistil móramh na bpaisinéirí. Tháinig 40,100 paisinéirí i dtír ar na bealaí seo agus d’imigh 37,300 paisinéir amach orthu. Lena hais sin, níor tháinig ach 21,600 paisinéir isteach sa tír ar bhealaí thar Mhuir Éireann (as Manainn agus an Bhreatain Mhór) agus ar an treo eile d’fhág 28,000 paisinéir an tír ar na bealaí céanna. Ní raibh ach beagán daoine a thaistil ar bhealaí trasatlantacha i mí Aibreáin, 3,300 a tháinig isteach go hÉirinn agus 3,300 a d’imigh amach aisti freisin.
Ag fágáil an Bhreatain Mhór as áireamh, b'iad na tíortha is lárnaí i dtaisteal thar sáile in Aibreán 2021 ná an Ísiltír (7,300 isteach, 6,100 amach), an Spáinn (6,300 isteach, 5,000 amach) agus an Pholainn (4,700 isteach agus an méid chéanna amach).
Ag breathnú ar an mbliain go dtí seo (Eanáir-Aibreán 2021), tá 293,700 paisinéir idirnáisiúnta tagtha go hÉirinn agus 311,400 paisinéir imithe amach as an tír. Lena n-ais sin, tháinig 3.1 milliún paisinéir chun na tíre agus chuaigh 3.1 milliún amach aisti sa tréimhse chomhionann in 2020, agus bhí 5.6 milliún paisinéir isteach agus 5.6 milliún paisinéir amach don chéad cheithre mhí de 2019. Léiriú suntasach iad na figiúirí seo ar an tionchar mór leanúnach atá á imirt ag COVID-19 ar thaisteal idirnáisiúnta isteach agus amach as an tír seo.”
Gregg Patrick (+353) 21 453 5202 nó James Mahon (+353) 21 453 5463
nó seol ríomhphost chuig tourism@cso.ie
-- CRÍOCH --