Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

27 Iúil 2021

Radharc Sóisialta ar Rátálacha Fuinnimh Foirgnimh Cónaithe 2016

Daoine 75+ bliana d’aois, áititheoirí aonair, feirmeoirí agus daoine le deacracht gluaiseachta ag maireachtáil sna teagmhais is mí-éifeachtúla fuinnimh
  • I measc líonta tí le duine tagartha 75 bliana d’aois nó níos sine, bhí 10% ag cur fúthu i dteagmhais le rátáil fuinnimh “G”
  • Thart ar 8% de dhaoine ina gcónaí leo féin ag maireachtáil i dteagmhais le rátáil “G”
  • Breis is 11% d’fheirmeoirí lonnaithe i dteagmhais le rátáil “G”
  • Ba mhinice ag daoine níos óige agus ag teaghlaigh maireachtáil i dteagmhais nuatógtha atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de; bhí 63% de líonta tí le duine tagartha 35-44 bliana d’aois ina gcónaí i dteagmhais le rátáil “B” nó “C”
  • Go náisiúnta, fuarthas na rátálacha fuinnimh ab ísle in Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Liatroim, Maigh Eo agus Ros Comáin
  • B’iad na ceantair Baile Átha Cliath 3, 6, 7 agus 8 na háiteanna ba lú éifeachtúla fuinnimh i dtithíocht na príomhchathrach

Breathnaigh ar an eisiúint: Radharc Sóisialta ar Rátálacha Fuinnimh Foirgnimh Cónaithe 2016 [en]

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an tuarascáil Radharc Sóisialta ar Rátálacha Fuinnimh Foirgnimh 2016 inniu (27 Iúil 2021). Sa tuarascáil seo ceanglaítear sonraí ó Dhaonáireamh 2016 leis an tsraith sonraí Rátáil Fuinnimh Foirgnimh de chuid Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann. Breathnaítear ar staid shóisialta líonta tí sa stát le crostagairt don éifeachtúlacht fuinnimh atá ag a dteach/árasán nó áit chónaithe eile. Cuirfidh an tuarascáil seo bonn eolais faoin gclár iarfheistithe fuinnimh atáthar le tabhairt faoi mar chuid den aistriú go geilleagar ísealcharbóin.

Déanann Dympna Corry, Staitisteoir leis an Rannóg Comhshaoil agus Aeráide, trácht ar fhigiúirí na tuarascála; “Ach na comhaid Daonáirimh agus Rátáil Fuinnimh Foirgnimh a chomhnascadh, tá léargas nua aimsithe againn maidir le cé atá ag maireachtáil sna teagmhais is éifeachtúla fuinnimh. Feictear dúinn sna sonraí go raibh rátáil éifeachtúlachta fuinnimh ní b’ísle ag teagmhais ina raibh daoine aosta, áititheoirí aonair nó feirmeoirí ag cur fúthu.

Lean Corry uirthi maidir le cúinsí a imríonn tionchar ar éifeachtúlacht fuinnimh: “ Is minice ag daoine níos óige agus teaghlaigh maireachtáil i dteagmhais atá níos nua agus níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de. Mar shampla, i gcás líonta tí ina raibh an duine tagartha (nó ceann an tí) san aoisghrúpa 35-44 bliana, bhí rátáil “B” ar an teagmhas ag 16% agus rátáil “C” ag 47% eile.

Maidir le stádas úinéireachta, ba mhinice leibhéal níos éifeachtúla fuinnimh a bheith ar theagmhas ag úinéirí le morgáiste agus ag tionóntaí le hais mar a bhí ar theagmhais úinéir-áitithe gan iasacht. Bhí rátáil “B” ar theagmhas 17% de líonta tí le morgáiste, 12% de líonta tí gur thionóntaí iad agus 9% de líonta tí a bhí ina úinéirí glan amach.

I gcás líonta tí le duine tagartha i bhfostaíocht, bhí sciar ní b’airde le rátáil fuinnimh “B” (15%) agus “C” (46%) ar a n-áit chónaithe. I gcomparáid leis sin, ní raibh ach 7% de dhaoine tagartha ar scor i dteagmhas le rátáil “B” agus 34% i dteagmhas le rátáil “C”.

Chomh fada agus a bhaineann sé le stádas sláinte, ba choitianta ag líonta tí le duine tagartha a raibh sláinte ‘an-mhaith’ acu maireachtáil i dteagmhais ní b’éifeachtúla fuinnimh. Bhí rátáil “B” ar theagmhas 15% de líonta tí sa chatagóir seo, sin le hais 8% de líonta tí le duine tagartha a raibh sláinte ‘go dona’ nó ‘an-dona’ acu. Ag bun na scála, bhí 7% de dhaoine tagartha a raibh sláinte ‘an-dona’ acu ag cur fúthu i dteagmhas le rátáil “G”, i gcomparáid le 4% de dhaoine tagartha le sláinte ‘an-mhaith’.

Nuair a thagann sé go lánúineacha le clann, ba choitianta iad a bheith ina gcónaí i dteagmhais níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de; bhí 16% ag maireachtáil i dteagmhas le rátáil “B” agus gach ach 2% le rátáil “G”. I gcás daoine aonair i líonta tí astu féin, bhí rátáil “B” ar 9% dá dteagmhais agus rátáil “G” ar 8% eile díobh.”

Luann Corry an miondealú de réir áite sa tuarascáil: “Déantar cíoradh sa tuarascáil ar dhifríochtaí idir na gcontaetha agus, i mBaile Átha Cliath, idir na gceantair poist. Ní ach dornán contaetha ina raibh rátáil “G” ar sciar 20% nó ní ba mhó de theagmhais. É sin ráite, i gcás daoine tagartha 75 bliana d’aois nó níos sine sheas an figiúr do rátáil “G” ag 20% sa Longfort agus ag 22% in Uíbh Fhailí.

Maidir le teagmhais faoi úinéireacht ghlan, bhí rátáil “G” ní ba choitianta ná rátáil “B” sna ceantair poist is sine i mBaile Átha Cliath. Mar shampla, i mBÁC 3 bhí rátáil “G” ar 12% de theagmhais faoi úinéireacht gan morgáiste agus rátáil “B” ar 7% den chatagóir seo. Bhí treocht ar aon dul leis seo sna ceantair BÁC 7, 8, 10 agus 12 – sciar ard de theagmhais le rátáil “G” i measc úinéirí glan.

Lena hais sin, i mBÁC 18 bhí rátáil “B” ar 18% de theagmhais faoi úinéireacht ghlan agus gan ach 3% le rátáil “G” a luíonn leis an sciar níos airde de theagmhais nua sa cheantar sin.

Le céatadán 16%, ba i mBÁC 4 a taifeadadh an sciar ab airde de theagmhais le rátáil “G” áitithe ag duine tagartha le deacracht gluaiseachta. Bhí an dara sciar ab airde i mBÁC 7 (15%) agus an tríú sciar ab airde i mBÁC 3 (14%) don chatagóir seo.”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Dympna Corry (+353) 1 498 4207 nó Gerry Brady (+353) 1 498 4201

nó seol ríomhphost chuig environment@cso.ie

-- CRÍOCH --