26 Lúnasa 2020
Beidh Áireamh Talmhaíochta 2020 á mbailiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) i mí Mheán Fómhair. Reáchtáladh áireamh den chineál seo den chéad uair in Éirinn in 1847 agus déantar amhlaidh gach 10 mbliana anois. Bhí Áireamh na bliana seo beartaithe le bailiú i mí Meithimh ach cuireadh siar é de bharr COVID-19.
Seolfar ceistneoir an Áireamh Talmhaíochta chuig thart ar 140,000 feirm tríd an bpost in am don chéad seachtain de Mheán Fómhair. Is gá do gach feirm an ceistneoir a líonadh amach agus a sheol ar ais chugainn faoi Déardaoin an 17 Meán Fómhair.
Tá laghdú déanta ar mhéid an cheistneora i mbliana, ó ocht leathanach go ceithre cinn, chun é a dhéanamh níos éasca ar fheirmeoirí é a líonadh isteach.
Is féidir le feirmeoirí braith air go nglacfaidh an Oifig leis an eolas a thugann siad dúinn faoi rún daingean agus nach n-úsáidfear ach chun críocha staidrimh é. Tá cleachtas na hOifige ina leith seo rialaithe faoin Acht Staidrimh, 1993.
Ag labhairt dó faoi thogra an Áirimh, deir Cathal Doherty, Staitisteoir: “Eiseofar ceistneoirí Áireamh Talmhaíochta ag tosú an tseachtain seo chugainn tríd an phost. Ní mór d’fheoirmeoirí an tÁireamh a líonadh amach, de réir dlí. Táimid ag iarraidh ar fheirmeoirí an fhoirm ceithre leathanaigh seo a fhreagairt agus a sheoladh ar ais chugainn faoi Déardaoin an 17 Meán Fómhair.
Bailíodh áireamh talmhaíochta in Éirinn den chéad uair in 1847. Sa lá atá inniu ann, reáchtáiltear Áireamh an Stáit gach deich mbliana chun staitisticí tagarmharcála a thiomsú faoi líon agus struchtúr na bhfeirmeacha anseo. Eolas fíorluachmhar a bheas sna torthaí don lucht feirmeoireachta in Éirinn.
Faoi thogra de chuid an AE tá áirimh talmhaíochta á mbailiú i mballstáit uile an Aontais i mbliana. Bailíonn na húdaráis áireamh talmhaíochta gach bliain i dTuaisceart Éireann agus sa mBreatain.
I gcás gach feirm, is mian liom béim a leagan ar a thábhachtaí is atá sé go nglacann sibh páirt san Áireamh Talmhaíochta. Tá rúndacht do fhreagra lárnach sa bpróiseas agus ní úsáidfear an t-eolas ach chun críocha staidrimh amháin.
Tá ceistneoir an Áirimh rangaithe i dtrí chuid;
Sa phacáiste áirimh a gheobhaidh feirmeoirí beidh ceistneoir ceithre leathanaigh, leabhrán eolais agus clúdach litreach saorphoist leis an gceistneoir a chur ar ais. Glacadh réamhchúraim in aghaidh COVID-19 leis na hábhair suirbhéireachta seo a réiteach. Is i dtimpeallacht rialaithe gan ach láimhseáil teoranta ó bhaill foirne a priontáladh agus a cuireadh na pacáistí i dtoll a chéile.”
Is mian leis an Oifig buíochas a ghabháil roimh ré le feirmeoirí uile as a gcomhoibriú leis an Áireamh Talmhaíochta, agus le suirbhéanna talmhaíochta eile na hOifige.
Tá fáil ar cháipéisí an Áireamh Talmhaíochta agus breis eolais anseo
Cathal Doherty (+353) 21 453 5099
nó seol ríomhphost chuig agri@cso.ie
-- CRÍOCH --