07 Iúil 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Táblaí Saoil na hÉireann Uimh. 17 (2015-2017) [en]
Tá tuarascáil foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (07 Iúil 2020) i leith Táblaí Saoil na hÉireann don tréimhse 2015-2017. Is é seo an 17ú eagrán den sraith cúigbhliantúil ina léirítear treochtaí in ionchas saoil na hÉireann.
Déanann Carol Anne Hennessy, Staitisteoir, trácht ar thuarascáil an lae inniu: ‘Idir 1926 agus 2016, feictear ardú 25.5 bliana a bheith tagtha ar ionchas saoil baineannach tráth breithe go 83.4, ionann le méadú 44.0% thar an achar ama sin. I gcás fireannach, áirítear ionchas saoil de 79.6 a bheith acu in 2016. Sin méadú 22.2 bliana nó 38.7% ar an ionchas ag buachaillí nuabheirthe in 1926.
Tá ionchas saoil tráth breithe i gcónaí théis a bheith níos airde i measc cailíní ná buachaillí. É sin ráite, tá laghdú leanúnach tagtha ar an mbearna inscne seo le tamall anuas, ó 5.6 bliana in 1991 go 3.8 bliana in 2016.
Tá méadú tagtha ar ionchas saoil ag cailíní agus ag buachaillí araon i ngach réigiún den stát sa tréimhse is déanaí, 2011 go 2016. Is ag cailíní an Iarthair atá an t-ionchas is airde, sin 84.5. Feictear gur ag buachaillí sa Lár-Oirthir atá an t-ionchas is airde sa stát, sin 80.3.
In 2016, bhí meánionchas saoil tráth breithe de 83.7 i measc cailíní san AE28, an Ríocht Aontaithe san áireamh. Ionchas de 83.4 a bhí anseo in Éirinn, beagáinín faoi bhun meán an AE agus ar an gcúigiú ceann déag is airde i measc na mballstát. Bhí an t-ionchas is airde ar fad san AE ag an Spáinn, le 86.3. I measc buachaillí den AE28 bhí ionchas saoil tráth breithe de 78.2 ann in 2016. Bhí an cás in Éirinn níos fearr ná an meán, ar 79.6. B’ionann sin agus an t-ochtú ionchas saoil fireannach is faide de na mballstát. Bhí ionchas na mbuachaillí in Éirinn 1.4 bliain níos giorra ná a gcomharba san Iodáil, áit a raibh an t-ionchas is faide san Aontas, sin 81.0.
Bhí an difear is mó idir na hinscne le braith sa Liotuáin, áit a raibh bearna 10.6 bliain san ionchas saoil idir cailíní (80.1 bliain) agus buachaillí (69.5 mbliana) tráth breithe. Feictear an bearna inscne is lú san Ísiltír, sin díreach 3.2 bliana (83.2 ag cailíní agus 80.0 ag buachaillí).
Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó Tim Linehan (+353) 21 453 5264
nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie
-- CRÍOCH --