11 Nollaig 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhéireacht Sláinte na hÉireann 2019 - Príomhthorthaí [en]
Tá sonraí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (11 Nollaig 2020) ar na Príomhthorthaí ó Shuirbhéireacht Sláinte na hÉireann 2019.
Déanann Keith McSweeney, Staitisteoir Sinsearach trácht ar an bhfoilseachán:
“Féintuairisciú ó dhaoine 15 bliana d’aois agus níos sine atá mar bhonn ag an bhfoilseachán inniu. Léirítear ann an dearcadh atá acu féin ar a stádas sláinte – cén chaoi a bhfuil siad ag aireachtáil, an oiread plé a bhíonn acu leis an gcóras sláinte in Éirinn, roghanna pearsanta a dhéanaimid go léir faoi rudaí a imríonn tionchar leanúnach agus soiléir ar an sláinte - caitheamh tobac, alcól a ól, aclaíocht rialta.
Bailíodh na sonraí don tSuirbhéireacht idir Iúil 2019 agus Feabhra 2020, mar sin tugann siad léargas dúinn ar thaithí sláinte sa tír roimh na paindéime. I mbliana, tá torthaí na Suirbhéireachta roinnte ina trí chuid; foilseachán an 07 Nollaig maidir le Cúramóirí agus Tacaí Sóisialta, ceann an lae inniu maidir leis na Príomhthorthaí agus ceann Dé Luain an 14 Nollaig a bheidh dírithe ar an stádas sláinte ag daoine le míchumas.
Tuairiscíonn 26% de dhaoine 15 bliana d’aois agus níos sine go bhfuil riocht sláinte fadtéarmach orthu. É sin ráite, deir 82% den iomlán nach bhfuil aon teorainn lena ngníomhaíochtaí laethúla de bharr fadhb sláinte. Tá sé níos coitianta ag baineannaigh dul i muinín an tseirbhís sláinte choisctheach ná atá ag fireannaigh; thug 82% de mhná agus cailíní cuairt ar dhochtúir teaghlaigh sa 12 mhí sular ceistíodh iad, i gcomparáid le 68% d’fhir agus buachaillí.
Léirítear san fhoilseachán seo chomh maith an stádas sláinte níos ísle atá ar dhaoine dífhostaithe le hais daoine i bhfostaíocht, de réir na daoine iad féin. Tá drochshláinte intinne níos forleithne i measc daoine dífhostaithe; tá breis is aon chúigiú (21%) de dhaoine dífhostaithe a thuairiscíonn dúlagar de chineál éigean a bheith orthu agus níos lú ná an deichiú chuid (9%) de dhaoine i bhfostaíocht a deir amhlaidh.
Tá ragús óil níos coitianta i measc daoine óga ná ag daoine níos sine. Bíonn 6 thomhas óil nó níos mó ag 48% de dhaoine 15-24 bliana d’aois uair sa mhí ar a laghad, dhá oiread den sciar 24% daoine 55-64 bliana d’aois a ólann an méid sin ar bhonn míosúil.
Tá móramh daoine 15 bliana d’aois agus níos sine in Éirinn (56%) a thuairiscíonn go bhfuil siad róthrom nó murtallach, agus sciar níos mó d’fhir ná de mhná a deir amhlaidh. Tá fadhb an mheáchain níos forleithne i measc daoine níos sine ná i measc daoine níos óige.”
Gabhann an Phríomh-Oifig Staidrimh buíochas le freagróirí na suirbhéireachta. Gan a gcabhair siúd, ní fhéadfaí torthaí an lae inniu á fhoilsiú.
Thart ar 7,600 daoine aonair a d’fhreagair Suirbhéireacht Sláinte na hÉireann 2019, agus tá an foilseachán seo maidir le Cúramóirí agus Tacaí Sóisialta bunaithe ar fhreagraí a fuarthas ar chuid de na ceisteanna sa cheistneoir iomlán. Ó thús na srianta COVID-19 i mí Márta agus i gcomhréir le treoirlínte sláinte poiblí, ní tugann agallóirí na hOifige cuairt ar fhreagróirí ag an mbaile le haghaidh suirbhéanna líon tí CSO. Faoi láthair, cuirtear litreacha amach sa phost chuig líonta tí roghnaithe chun iarraidh orthu a bheith páirteach agus déantar agallaimh thar an nguthán.
Keith McSweeney (+353) 21 453 5423 nó Caroline Barrett (+353) 21 453 5485
nó seol ríomhphost chuig health@cso.ie
-- CRÍOCH --