Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

29 Iúil 2020

Suirbhé Náisiúnta Taistil 2019

Nach mór leath d’fhreagróirí nach úsáideann seirbhísí bus riamh de bharr easpa bealaí díreacha nó easpa seirbhíse i ngar dóibh
  • Breis is cúigear as gach seachtar (72.6%) duine 18 mbliana d’aois a thóg turas ar an lá céanna a thug siad eolas maidir lena bpátrúin taistil
  • Turas i ngluaisteán a bhí i nach mór trí cheathrú d’iomlán na dturas (73.7%), idir tiománaithe agus paisinéirí, turas siúil a bhí i 13.5% eile agus gan ach ceann as fiche turas (4.8%) déanta ar bhus
  • Bhain beagnach aon cheathrú de thurais (23.6%) in 2019 leis an obair, breis is aon chúigiú (21.3%) le siopadóireacht agus cúigiú eile a bhí i dturais compánaigh/tionlacain
  • I measc freagróirí na bliana 2019, tá úinéireacht ar fheithicil leictreach (EV) ag 1.5% de dhaoine agus feithiclí leictreacha hibrideacha ar an sórt is coitianta, ionann le 57.8% de EVanna.
  • Ní raibh ach 2.6% de dhaoine fásta bainteach le himbhualadh tráchta sa 12 mhí roimh an tsuirbhé, ach bhí an ráta is mó i measc fear óg (18-24 bliana d’aois) ar 4.3%
  • Breis is sé cheann as deich imbhualadh tráchta (60.9%) a tuairiscíodh don Gharda Síochána agus/nó do chuideachta árachais

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé Náisiúnta Taistil 2019 [EN]

Tá torthaí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (29 Iúil 2020) ón Suirbhé Náisiúnta Taistil a ndearnadh i Ráithe 4 2019.

Déanann Maureen Delamere, Staitisteoir, trácht ar na torthaí: “In 2019, thóg breis is cúigear as gach seachtar duine 18 mbliana d’aois turas ar an lá céanna a thug siad eolas don suirbhé maidir lena bpatrúin taistil. Trí thuras a thóg daoine, ar an meán. As iomlán na dturas a thóg freagróirí an tsuirbhé, chuathas ar bheagnach aon chúigiú díobh ar an Máirt (24.6%),  agus amhail is aon chúigiú díobh ar an Luan (20.3%) agus ar an gCéadaoin (20.1%) araon. Ní dheachthas ach ar 5.8% de thurais ar an Satharn agus ar 6.7% díobh ar an Domhnach.

Turais i ngluaisteán a bhí i mbeagnach trí cheathrú (73.7%) d’iomlán na dturas glactha, sciar 64.9% mar thiománaí agus 8.8% mar phaisinéir. Turais siúil a bhí i 13.5% den iomlán a glacadh agus turais bus a bhí i 4.8% eile. Maidir le cuspóir turais, bhain 23.6% den iomlán le cúinsí oibre, turais siopadóireachta a bhí i 21.3%, agus turais compánaigh/tionlacain a bhí in aon chúigiú eile.

As iomlán na bhfreagróirí suirbhé, thug 48.5% le fios nach úsáideann siad seirbhísí bus riamh agus breis is leath (51.0%) díobh nach úsáideann siad seirbhísí iarnróid (traenacha, DART agus Luas san áireamh). Iarradh ar fhreagróirí cad iad na fachtóirí a spreagfadh iad chun leas níos mó a bhaint as iompar poiblí. Luaigh 9.7% bealaí níos dírí agus 7.1% luach airgid níos fearr. Dar le 6.9% d’fhreagróirí ba spreagadh é minicíocht feabhsaithe seirbhíse agus ba mhian le 6% amchláir níos iontaofa a bheith i bhfeidhm.

Nuair a iarradh ar fhreagróirí céard a spreagfadh iad dul ag rothaíocht nó amhlaidh a dhéanamh níos minice, is é bealaí rothar níos sábháilte an fachtóir ba mhinice a luadh (31.7%). Lena chois sin, bhí sláinte feabhsaithe (20.5%) agus bealaí sainiúla rothar (17.3%) ar an dara agus tríú fachtóir is mó dar le freagróirí.

As iomlán na bhfreagróirí, thug 1.5% le fios go bhfuil úinéireacht acu ar fheithicil leictreach (EV). Nuair a iarradh cén sórt EV atá i gceist, dúirt 57.8% d’úinéirí gluaisteáin leictrigh gur feithicil leictreach hibrideach (HEV) a bhfuil acu. Tá 24.7% d’úinéirí a bhfuil feithicil iomlán leictreach (BEV) acu agus 17.5% a bhfuil feithicil leictreach hibrideach plugála (PHEV) acu.

In 2019, ní raibh baint ach ag 2.6% de dhaoine le himbhualadh tráchta bóithre le 12 mhí tráth a d’fhreagair siad an suirbhé. Bhí an ráta imbhuailte ba mhó i measc fear óg (18-24 bliana d’aois) ar 4.3%, agus an ráta ba lú i measc ban 55-64 bliana d’aois ar 0.9%. Bhain dhá trian (67.1%) d’imbhuailte tráchta bóithre le gluaisteáin ag bualadh a chéile agus, astu sin, tuairiscíodh 69.5% don nGarda Síochána agus/nó do chuideachta árachais. Ar an iomlán, tuairiscíodh beagán le cois sé cheann as deich imbhualadh (60.9%).”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Maureen Delamere (+353) 21 453 5081 nó Caroline Barrett (+353) 21 453 5485

nó seol ríomhphost chuig income&modules@cso.ie

-- CRÍOCH --