Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

05 Bealtaine 2020

Dara bhabhta den Suirbhé ar Impleachtaí Gnó ag COVID-19 á bhailiú ag an CSO

An tseachtain seo, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) i mbun an dara bhabhta den Suirbhé ar Impleachtaí Gnó ag COVID-19. Tá an suirbhé seolta chuig sampláil de 3,000 gnólacht agus baileofar an t-eolas uathu idir Dé Máirt an 5 agus Dé hAoine an 8 Bealtaine.

Gheobhaidh na cuideachtaí roghnaithe ríomhphost on CSO faoin suirbhé. Iarrtar orthu ceistneoir ar líne a chomhlánú, agus ní thógfaidh sé ach 10 nóiméad orthu amhlaidh a dhéanamh.

Ag déanamh trácht ar an Suirbhé ar Impleachtaí Gnó ag COVID-19, deir Colin Hanley, Staitisteoir:

Ach an suirbhé a chomhlánú, beidh gnólachtaí ag cabhrú linn sa CSO staitisticí tábhachtacha a réiteach maidir le tionchair an ghéarchéim COVID-19 go dáta.

Léiríodh i dtorthaí an chéad bhabhta den suirbhé go bhfuil trádáil curtha ar fionraí sealadach ag aon cheathrú de ghnólachtaí agus go bhfuil baill foirne curtha chun bealaigh ag breis is aon trian díobh. I ndara bhabhta an tsuirbhé, tiocfar ar eolas breise maidir le hathruithe ar phraghsanna, bainistiú sreabhaidh airgid, agus cé na nósanna gnó nuálacha a bhfuiltear ag úsáid de bharr COVID-19.

Tá luach leis an eolas seo, don lucht gnó agus don lucht déanta beartais araon, agus cabhróidh na torthaí coicísiúla linn tomhas a dhéanamh ar na dúshláin gur gá do ghnólachtaí dul i ngleic leo.

Iarrtar ar na cuideachtaí roghnaithe an ceistneoir ar líne a chomhlánú idir Dé Máirt an 5 agus Dé hAoine an 8 Bealtaine.

Tá sé i gceist ag an CSO torthaí an tsuirbhé a fhoilsiú faoi cheann coicíse.

Beidh gach eolas a bhailítear mar chuid den suirbhé faoi rún iomlán agus ní úsáidfear é ach chun críocha staidrimh. Foilseoidh an CSO torthaí ón suirbhé i bhformáid comhiomlán – ciallaíonn sé seo nach mbeidh cuideachtaí aonair le haithint ó na sonraí.

Táthar le babhtaí nua den tsuirbhé a bhailiú ar bhonn coicíse, chun an t-eolas is cothrom le dáta a chur ar fáil.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Colin Hanley (+353) 21 453 5559 nó Eamonn Cleary (+353) 21 453 5483

nó seol ríomhphost chuig Business_Stats@cso.ie

-- CRÍOCH --