19 Aibreán 2020
Tá suirbhé nua seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (Domhnach an 19 Aibreán 2020) chun tomhas agus tuairisciú a dhéanamh ar na príomhbhealaí ina bhfuil tionchar imeartha ag an ngéarchéim COVID-19 ar ghnólachtaí in Éirinn. Tá an suirbhé á chur chuig 3,000 gnólacht, ar sampláil iad den earnáil trí chéile, agus baileofar eolas uathu idir Dé Luain an 20 agus Dé hAoine an 24 Aibreán.
Gheobhaidh na cuideachtaí roghnaithe ríomhphost ón CSO faoin suirbhé. Iarrtar orthu ceistneoir ar líne a chomhlánú, agus ní thógfaidh sé ach 10 nóiméad orthu amhlaidh a dhéanamh.
Ag déanamh trácht ar sheoladh an tsuirbhé úr seo, dúirt Colin Hanley, Staitisteoir:
“Ach an suirbhé a chomhlánú, beidh gnólachtaí ag cabhrú linn sa CSO staitisticí tábhachtacha a réiteach maidir le tionchair an ghéarchéim COVID-19 go dáta. Tá luach leis an eolas seo, ní hamháin don lucht gnó ach don lucht déanta beartais chomh maith. Iarrtar sa suirbhé cé na bealaí ina bhfuil tionchar imeartha ag an ngéarchéim ar do ghnólacht agus na cinntí atá glactha agat dá mbarr – m.sh. ceisteanna ar an oiread athruithe gnó, fórsa saothair agus eagraíochta atá déanta, ar rochtain airgeadais, agus ar an leas atáthar ag baint as scéimeanna tacaíochta Rialtais.
Iarrtar ar na cuideachtaí roghnaithe an ceistneoir ar líne a chomhlánú idir Dé Luain an 20 Aibreán agus Dé hAoine an 24 Aibreán.
Tá sé i gceist ag an CSO torthaí an tsuirbhé a fhoilsiú faoi cheann coicíse.”
Beidh gach eolas a bhailítear mar chuid den suirbhé iomlán faoi rún agus ní úsáidfear é ach chun críocha staidrimh. Foilseoidh an CSO torthaí ón suirbhé i bhformáid comhiomlán – ciallaíonn sé seo nach mbeidh cuideachtaí aonair le haithint ó na sonraí.
Baileofar eolas i mbabhtaí eile den tsuirbhé ar bhonn coicíse, chun an t-eolas is cothrom le dáta a thabhairt.
Má roghnaítear do chuideachta sa sampláil, is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin suirbhé seo, do chearta Cosanta Sonraí agus conas a úsáidfear do shonraí, ach teagmháil a dhéanamh ar cheann de na roghanna anseo thíos.
Colin Hanley / Eamonn Cleary, Rannóg Staidrimh Gnó (+353) 21 453 5559
nó seol ríomhphost chuig Business_Stats@cso.ie
-- CRÍOCH --