Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

08 Bealtaine 2020

Impleachtaí Sóisialta ag COVID-19 Aibreán 2020 agus Modúl Folláine (SILC) 2018

In Aibreán 2020, thug sciar 12.1% d’fhreagróirí rátáil ‘Ard’ dá sástacht saoil ar an iomlán, laghdú mór ón sciar 44.2% den lucht freagartha i 2018
  • Níos mó ná ceathrar as gach deichniúr (41.9%) freagróirí a raibh sástacht Ard acu lena gcaidrimh phearsanta in Aibreán 2020, laghdaithe ó thart ar seisear as deichniúr sna blianta 2013 agus 2018 araon
  • Breis is aon cheathrú (26.6%) d’fhreagróirí a dúirt go mbíonn siad uaigneach ar a laghad cuid den am, méadú ón ráta 16.9% díobh in 2018
  • Duine as cúigear (20.6%) in aois 70 bliain nó os a cionn an-imníoch faoi strus ar bhaill an líon tí agus iad i ngéibheann
  • Tionchar diúltach airgeadais ag COVID-19 níos coitianta i measc líonta tí le páistí, agus 23.0% díobh ag tuairisciú tionchar suntasach nó measartha
  • Bhí sciartha cosúla ann d’fhir agus de mhná a luaigh méadú ar an ólachán, sin 20.9% agus 23.4% faoi seach
  • Ar cheist faoina bheith ag cloí le treoracha agus comhairle rialtais i dtaobh COVID-19, thug 88.4% de mhná rátáil Ard dóibh féin le hais 72.5% d’fhir

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar Impleachtaí Sóisialta ag COVID-19, Aibreán 2020 [en]

Mar gheall ar earráid próiseála, tuairiscíodh luachanna míchearta do rátálacha sástacht saoil na tréimhsí 2013, 2018 agus Aibreán 2020. Táthar tar éis mionleasuithe a dhéanamh ar thorthaí foilsithe chun an taifead a cheartú. Mar shampla, tuairiscíodh ar dtús gur thug 15.3% d'fhreagróirí rátáil Íseal ar a sástacht saoil, ach is é an luach leasaithe ná 15.8%. Ceartaíodh an méid seo ag 11 r.n. ar an 13 Deireadh Fómhair 2021.

Tá torthaí an tSuirbhé ar Impleachtaí Shóisialta ag COVID-19 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (8 Bealtaine 2020). Sa suirbhé seo clúdaítear topaicí ar nós folláine pearsanta, ábhair imní pearsanta bainteach le COVID-19 mar aon le athraithe i bpatrúin tomhaltais agus sa saol oibre ó thús na géarchéime COVID-19.

Ina theannta sin, tá staitisticí nua foilsithe ó Mhodúl Folláine an tSuirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) 2018 [en] de chuid an CSO agus anailís déanta ar thorthaí an Mhodúil in 2013 leis. Ach comparáid a dhéanamh idir torthaí an dá suirbhé seo, is féidir anailís a dhéanamh ar tháscairí folláine agus an chaoi ina bhfuil athrú tagtha orthu ó 2013 go hAibreán 2020 (féach Nótaí d’Eagarthóirí).

Déanann Claire Burke, Staitisteoir, trácht ar staitisticí an lae inniu: “Tógtha le chéile, tugann torthaí an dá suirbhé léargas dúinn ar na bealaí a bhfuil tionchar imeartha ag an géarchéim COVID-19 ar dhaoine in Éirinn mar a bhaineann sé lena bhfolláine. Tá sástacht saoil foriomlán níos ísle anois ná mar a bhí in 2018 agus fiú amháin méid suntasach níos ísle ná mar a bhí in 2013, tráth a raibh Éire fós ag fulaingt ó éifeachtaí na géarchéime airgeadais in 2008.

Ó thaobh Folláine de, tá a fhios againn nár thug ach 12.1% d’fhreagróirí rátáil Ard ar a sástacht saoil foriomlán, laghdú beagnach trí cheathrú ón sciar 44.2% daoine a thug an freagra sin ar an gceist in 2018. Bhí ráta comhfhreagrach de 31.1% in 2013.

In 2013 agus 2018 araon, thug thart ar 60% d’fhreagróirí rátáil Ard ar a sástacht le caidrimh phearsanta. Thit an ráta seo go 41.9% in Aibreán 2020.

Tháinig méadú suntasach ar na sciartha freagróirí a thug le fios gur airigh siad ‘in ísle brí nó faoi ghruaim’, ‘neirbhíseach’ agus ‘uaigneach’ faoi Aibreán 2020. Mar shampla, bhí beagnach aon trian, sin 32.4%, d’fhreagróirí ‘in ísle brí nó faoi ghruaim’ ar a laghad cuid den am sna ceithre seachtaine sula cuireadh faoi agallamh iad. Lena hais sin, bhí beagnach duine as seachtar, nó 13.4%, a dúirt amhlaidh sa bhliain 2018.

Dúirt 26.6% d’fhreagróirí in Aibreán 2020 gur airigh siad ‘uaigneach’ ar a laghad cuid den am sna ceithre seachtaine roimh an tsuirbhé, méadú ón ráta 16.9% in 2018.

In Aibreán 2020, bhí an sciar freagróirí 18-34 bliana d’aois a bhraith nach bhféadfadh siad teacht ar chabhair neamh-ábhartha (m.sh. duine le labhairt leo, cabhair le tasc a dhéanamh) ceithre huair níos airde ná an figiúr comhfhreagrach in 2018. Sciar 16.0% a bhí ann i mí Aibreán, le hais 3.4% dhá bhliain roimhe.

Maidir le Ábhair Imní Pearsanta bainteach le tionchar COVID-19, bhí beagnach beirt as gach triúr freagróirí (63.4%) An-Imníoch nó Thar a bheith Imníoch faoi sláinte duine eile. Díreach os cionn aon cheathrú d’fhreagróirí a bhí An-Imníoch nó Thar a bheith Imníoch faoina sláinte féin, áfach.

Bhí Roinnt Imní nó An-Imní ar móramh na bhfreagróirí (76.9%) maidir le strus ar bhaill an líon tí toisc iad a bheith i ngéibheann (leis na srianta gluaiseachta). Roinnt Imní nó An-Imní a bhí ar 6.0% maidir le foréigean sa mbaile.

San anailís atá déanta ar Athruithe i bPatrúin Tomhaltais ó thús na srianta COVID-19, feictear dúinn go raibh céatadáin cosúla d’fhreagróirí fireanna agus baineanna a luaigh méadú ar an oiread alcóil a ólann siad, ag 20.9% agus 23.4% faoi seach. É sin ráite, bhí sciar i bhfad níos mó d’fhir (26.0%) a thug le fios go raibh laghdú tagtha ar an oiread a ólann siad i gcomparáid le mná (8.6%).

Breis is ceathrar as gach deichniúr freagróirí (41.8%) a bhí an-imníoch faoi strus sa líon tí de bharr srianta gluaiseachta, dúirt siad go raibh méadú ar an oiread a ólann siad. Thuairiscigh triúr as deichniúr freagróirí (30.4%) a d’airigh uaigneach ar a laghad cuid den am méadú san ólachán chomh maith.

Dúirt triúr as deichniúr caiteoirí tobac (30.5%) go raibh méadú tagtha ar a gcaitheamh tobac ó thús na srianta COVID-19.

Athrú níos coitianta i measc mná ná fir den lucht freagartha ab ea an méadú ar ithe dramhbhia (54.3% le hais 35.6%).

Thug breis is leath (53.4%) d’fhreagróirí 70 bliain d’aois nó níos sine le fios go raibh an mhinicíocht aclaíochta laghdaithe dóibh ó cuireadh na srianta COVID-19 i bhfeidhm.

Mar a bhaineann sé le himpleachtaí ag an ngéarchéim COVID-19 ar an Saol Oibre, dúirt beagnach leath (49.1%) díobh sin a bhí i bhfostaíocht in Ráithe 1 2020 ach gan a bheith fostaithe in Aibreán 2020 go raibh rátáil Íseal acu ar sástacht saoil foriomlán. I gcomparáid leis sin, ní raibh ach sciar 26.8% díobh sin a bhí fostaithe agus gafa le cúraimí oibre a dúirt amhlaidh.

Ní haon iontas é a rá gurb iad siúd a bhí fostaithe i Ráithe 1 2020 ach gan a bheith fostaithe in Aibreán 2020 an dream ar imir COVID-19 an tionchar airgeadais is mó orthu. I measc an ghrúpa seo, dúirt 38.7% go raibh tionchar diúltach a bhí Suntasach nó Measartha ar chumas an líon tí a n-oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh.

Ar deireadh, ar an topaic Cloí le Comhairle agus Treoracha Rialtais i dtaobh COVID-19, thug beagnach naonúr as deichniúr (88.4%) ban den lucht freagartha rátáil Ard ar a n-iompar féin, le hais beagán le cois seachtar as deichniúr (72.5%) fear.

Bhí treocht i ráta comhlíonta leis an gcomhairle, é níos airde de réir a dhéine is a cheap an freagróir a bheadh an galar dóibh, dá dtolgfaidís é. Bhí treocht mar an gcéanna ann de réir imní na bhfreagróirí faoina sláinte féin agus faoi shláinte duine nó daoine eile.”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Claire Burke (+353) 21 453 5046 nó Gerry Reilly (+353) 21 453 5700

nó seol ríomhphost chuig icw@cso.ie

-- CRÍOCH --