Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

01 Bealtaine 2020

Suirbhé ar Impleachtaí Gnó ag COVID-19

Sonraí foilsithe ag an CSO maidir le hImpleachtaí Gnó ag géarchéim COVID-19
  • Trádáil curtha ar fionraí sealadach ag beagnach aon cheathrú (23.3%) d’fhiontair freagartha an tsuirbhé sa tréimhse 16 Márta go 19 Aibreán
  • I gcás 70.4% d’fhiontair freagartha, tá tionchar diúltach imeartha ag COVID-19 ar láimhdeachas
  • Socruithe cianoibre curtha i bhfeidhm ag 69.0% d’fhiontair I bhfianaise ghéarchéim COVID-19
  • Breis is aon trian (34.6%) d’fhiontair a chur baill foirne chun bealaigh go sealadach agus 32.0% díobh théis uaireanta oibre a laghdú
  • Leas bainte ag beagnach leath d’fhiontair a d’fhreagair an suirbhé as Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar Impleachtaí Gnó ag COVID-19, 16 Márta go 19 Aibreán 2020 [en]

Tá chéad torthaí an tSuirbhé ar Impleachtaí Gnó ag COVID-19 (SIGC) foilsithe inniu (01 Bealtaine 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Is é seo an chéad bhabhta de suirbhé sealadach nua a dhéanfar ar bhonn coicíse chun táscairí lárnacha a sholáthar ar na bealaí a bhfuil tionchar á imirt ag an ngéarchéim COVID-19 ar ghníomhaíochtaí gnó in Éirinn.

Seoladh an suirbhé ar líne seo chuig sampláil de 3,000 gnólacht agus bailíodh an t-eolas idir Luan an 20ú agus Aoine an 24ú Aibreán. Bhí ráta freagartha de 26.4% sa chéad babhta seo den suirbhé. Ag tagairt do na torthaí, deir Colin Hanley, Staitisteoir:

Ó thaobh na fiontair a d’fhreagair an Suirbhé ar Impleachtaí Gnó ag COVID-19, feictear dúinn go raibh trádáil curtha ar fionraí sealadach ag 23.3% le linn na tréimhse 16 Márta go 19 Aibreán, bhí trádáil stoptha go buan ag 0.6% eile agus bhí 76.0% d’fhiontair fós i mbun trádála.

Tá éifeachtaí éagsúla théis a bheith ag COVID-19, áfach, ar earnálacha éagsúla. San earnáil Foirgníochta, bhí stop curtha le trádáil ag 70.8% d’fhiontair, idir sealadach agus buan, agus san earnáil Seirbhísí Lóistín agus Bia bhí stop trádála de shaghas éigean ag 88.1% d’fhiontair.

Mar a bhaineann sé le tacaíochtaí Rialtais atá ar fáil do ghnólachtaí, dúirt 47.1% go raibh leas bainte acu as an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Dúirt 51.6% nach raibh siad théis dul i muinín aon scéim tacaíochta.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi ndeara go mbaineann torthaí an tsuirbhé seo le fiontair a thug freagraí agus iad sin amháin - níl aon ualú déanta ar na torthaí. Gabhann an CSO buíochas leis na gnólachtaí as a bheith páirteach sa suirbhé ag an am dúshlánach seo.”

Baileofar an dara bhabhta den Suirbhé ar Impleachtaí Gnó ag COVID-19 le linn na seachtaine seo chugainn, idir an 5 agus an 8 Bealtaine.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Colin Hanley (+353) 21 453 5559 nó Eamonn Cleary (+353) 21 453 5483

nó seol ríomhphost chuig Business_Stats@cso.ie

-- CRÍOCH --