Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

08 Eanáir 2020

Fíricí agus Figiúirí na hÉireann 2019

4,921,500 ab ea daonra measta na hÉireann in 2018, le 45,500 baineannach sa mbreis ar líon na bhfireannach
  • In 2018, chuaigh cónaitheoirí na hÉireann ar 5,155,000 turas amach ón stát ar mhaithe le saoire agus chaitheadar €4.9 billiún lena linn
  • Inscne is ea an bonn is coitianta, ar 33.0%, a luaigh daoine a ndearnadh leatrom orthu san ionad oibre, de réir suirbhé in 2019
  • I measc leanaí nuabheirthe in 2018 bhí 686 Murphy ann; an sloinne is forleithne in Éirinn, ionann le 1.1% d’iomlán na leanaí. Tá Kelly (584 leanbh nó 1.0%) agus Ryan (498 leanbh nó 0.8%) ar an dara agus tríú sloinne is forleithne
  • Sa mbliain go Deireadh Fómhair 2019, cláraíodh 45,486 ceannach d’aonaid líon tí leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ceannathóirí céaduaire ab iad 14,337 nó 31.5% den iomlán
  • In 2018, bhí 73,194 láncheadúnas tiomána ag daoine 80 bliain d’aois nó níos sine

Tá an foilseachán Figiúirí agus Fíricí na hÉireann 2019 eisithe inniu (08 Eanáir 2019) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tugtar achoimre inléite staitistiúil san fhoilseachán ar staid na hÉireann agus na sonraí tógtha ó ábhar staitistiúil a d’fhoilsigh an CSO cheana, le linn na bliana 2019.

Léirítear an fhaisnéis san fhoilseachán le grafaicí faisnéise, táblaí agus graif ildaite, agus réimse leathan topaicí clúdaithe ann.

Tá fáil ar Fíricí agus Figiúirí na hÉireann 2019 i bhformáid PDF as ar féidir le húsáideoirí é a chló.

Figiúirí agus Fíricí na hÉireann 2019 [EN] (PDF 4,824KB)

 

* Rinneadh an preasráiteas seo a leasú chun ráiteas sa chéad leagan a d'fhéadfadh a bheith míthreorach (Tá Éire ag éirí níos fliche; 1,224 milliméadar ab ea an meánfhigiúr báistí bliantúil in 2018 le hais 912 milliméadar in 1971) a cheartú.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Preasoifig (+353) 21 453 5017

nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie

-- CRÍOCH --