Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

26 Márta 2020

Paindéim COVID-19 agus Táirgeadh Ábhair Staidrimh Oifigiúla

I gcomhthéacs Phaindéim COVID-19 agus na bearta sláinte poiblí atá anois i bhfeidhm chun dul i ngleic léi, is mian leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a chur in iúl don phobal an bealach ina mbeidh sí ag comhlíonadh a cuid feidhmeanna sna seachtainí amach romhainn.

Déanfaidh an Oifig a dícheall leanacht ar aghaidh le foilsiú ábhair staidrimh gheilleagracha agus shóisialta atá ábhartha don staid ina bhfuilimid le linn na tréimhse seo. É sin ráite, beidh tionchar ar na táirgí aschuir mar a bhaineann sé le tráthúlacht agus le cáilíocht sonraí.

Ar dtús, aithnímid na dúshláin atá roimh freagróirí suirbhé dár gcuid. Caithfidh gach éinne againn tús áite a thabhairt dár sláinte agus sábháilteacht ag an tráth seo.

Tuigimid go hiomlán na hábhair imní atá ag an bpobal agus, mar a léirítear thíos faoi seo, tá agallaimh uile ar líonta tí á dhéanamh ar an nguthán.

Tuigeann an Oifig chomh maith na mórdheacrachtaí atá le sárú ag freagróirí ár suirbhéanna gnó/geilleagracha agus nach é comhlánú na foirmeacha suirbhé an cloch is mó ar a bpaidrín faoi láthair. Mar sin féin, is trí eolas suirbhéireachta a bhailiú a bheimid in ann tuairisciú ar na héifeachtaí atá á imirt ag COVID-19 ar an ngeilleagar agus ar an bpobal.

Chomh fada agus is féidir, táimid ag leanacht le heolas suirbhéireachta a bhailiú ionas go mbeimid in ann staitisticí a sholáthar ina léirítear na hathruithe atá ag teacht ar chúrsaí ó Mhárta 2020 ar aghaidh. Táimid buíoch as an tacaíocht leanúnach ó fhreagróirí ár suirbhéanna ar líonta tí agus gnólachtaí agus tuigimid na dúshláin atá roimh an uile duine díobh.

Má thagann aon deacrachtaí aníos a bhaineann le sonraí, tabharfaimid cur síos sonrach orthu ag an am. Idir an dá linn, is iad seo a leanas na réimsí oibre ar dóigh linn go gcuirfí isteach orthu:

Praghasinnéacs Tomhaltóirí (PIT) agus Innéacs Comhchuibhithe an AE ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (HICP)

Tá sé i gceist againn an eisiúint PIT agus HICP i leith Márta 2020 a fhoilsiú an 9 Aibreán, de réir an ghnáthsceidil. Is dócha go mbeidh sé níos deacra praghsanna a bhailiú ó shiopaí i mí Aibreáin, agus táimid ag féachaint ar mhodhanna bailithe ón idirlín mar mhalairt air seo chun a chinntiú gur féidir an PIT, an HICP agus na fo-innéacsanna ar fad a bhaineann leo a chur i dtoll a chéile. Cé go mbeidh dúshláin modheolaíochta nach beag iad ag baint le modhanna bailithe nua a thabhairt isteach, tá sé mar sprioc againn an eisiúint PIT agus HICP i leith Aibreán 2020 a fhoilsiú faoin 14 Bealtaine. Coinneofar daoine ar an eolas má thagann aon athrú air seo.

Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS)

Tá stop curtha againn le hagallaimh duine le duine ar líonta tí don Suirbhé ar an Lucht Saothair, a dhéantar ar bhonn ráithiúil. Tá agallóirí na hOifige ag déanamh gach agallamh líon tí don SLS ar an nguthán. Cuireann an t-agallóir litir tosaigh ag an líon tí roimh an chéad agallamh chun cuspóir an tsuirbhé a mhíniú agus chun am oiriúnach a shocrú le haghaidh glaoch gutháin.

Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC)

Ar an gcaoi chéanna, tá eolas don Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC), a dhéantar go bliantúil, á bhailiú ar an nguthán anois.

D’fhéadfadh go mbeidh tionchar ag an mbailiú ar an nguthán seachas duine le duine nuair a thagann sé ag comparáid a dhéanamh le tréimhsí roimhe, ag cáilíocht sonraí agus ag tráthúlacht na dtorthaí. Coinneoimid úsáideoirí ar an eolas faoi fhoilsiú SILC a sceidealú agus aon tionchar eile ar inchomparáideacht nó cáilíocht sonraí.

Suirbhé Buiséid an Líon Tí (SBLT)

Reáchtáiltear Suirbhé Buiséid an Líon Tí gach cúig bliana agus, ós rud é nach bhfuilimid i bhfad tosaithe le heagrán 2020 a bhailiú, tá an suirbhé curtha ar athló againn. Bíonn agallamh mionsonrach i gceist leis an SBLT maidir le hioncam agus tomhaltas an líon tí, toisc nach bhfuil an próiseas suirbhéireachta ag teacht leis an ngá don scaradh sóisialta. Ciallaíonn sé seo nach mbaileofar sonraí maidir le patrúin tomhaltais líon tí don bhliain 2020, sonraí a raibh sé i gceist iad a úsáid chun ualuithe nua a ríomh (an ‘gnáthchiseán earraí’) don Phraghasinnéacs Tomhaltóirí (PIT). Beidh patrúin tomhaltais neamhthipiciúil i 2020, áfach, agus táimid ag déanamh ár machnaimh maidir le bailiú an SBLT a athsceidealú.

PIAAC 2021-22

Is é atá sa Chlár um Measúnú Idirnáisiúnta ar Inniúlachtaí Aosach (PIAAC) ná tionscadal faoi cheannas an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) a dhéantar i go leor tíortha éagsúla chun comparáid a dhéanamh ar chumas daoine fásta i dtascanna laethúla a bhfuil gné litearthachta nó uimhearthachta ag baint leo. Bhí sé beartaithe an suirbhé píolótach do bhabhta 2021-2022 den PIAAC a dhéanamh i mí Aibreáin. Tá sé seo curtha ar ceal agus déanfar athbhreithniú ar an amchlár foriomlán maidir le rannpháirtíocht na hÉireann i mbabhta 2021-2022 den PIAAC dá bharr.

Bailiú Sonraí Turasóireachta

Tá bailiú Sonraí Turasóireacht ag aerfoirt agus calafoirt an stáit curtha ar fionraí chun cosaint a thabhairt d’áiritheoirí na hOifige agus do bhaill phobail atá ag taisteal. Foilseofar an eisiúint Turasóireachta agus Taistil i leith Feabhra 2020 an 26 Márta. Maidir le heisiúintí i leith Márta 2020 agus míonna eile ina dhiaidh, ní bheidh an oiread céanna miondealú ar fhigiúirí (m.sh. cúiseanna taistil, áit chónaithe). Tá sé mar rún againn iomláin paisinéirí a fhoilsiú ag tosú le mí Márta, bunaithe ar shonraí riaracháin, agus tabhairt faoi bailiú staitisticí ag aerfoirt agus ag calafoirt nuair a thiocfaidh feabhas a dhóthain ar chúinsí.

Tá bailiú sonraí do Suirbhé Taistil an Líon Tí curtha ar fionraí. Suirbhé poist atá i gceist, ina iarrtar ar líontaí tí na turais intíre agus eatramhacha a ndeachaigh siad orthu le linn na míosa roimhe. Ós rud é go bhfuil i bhfad níos lú taisteal á dhéanamh, idir intíre agus eatramhach, le cúrsaí mar atá, is é tuairim na hOifige ná go mbeadh sé místuama leanacht den suirbhé seo a dhéanamh faoi láthair.

Suirbhéanna Gnó

Tuigeann an Oifig go bhfuil mórdheacrachtaí le sárú ag freagróirí na suirbhéanna gnó agus nach é comhlánú foirmeacha suirbhéireachta an cloch is mó ar a bpaidrín faoi láthair. Gabhaimid buíochas le freagróirí suirbhé as a dtacaíocht go dáta. Is trí eolas suirbhéireachta a bhailiú a bheimid in ann tuairisciú ar thionchair an ghalar COVID-19 ar ár ngeilleagar agus ar an bpobal trí chéile.

Chomh fada agus is féidir, táimid ag leanacht le heolas suirbhéireachta a bhailiú ó ghnólachtaí, ionas go mbeimid in ann staitisticí a sholáthar a léiríonn na hathruithe atá ag teacht ar chúrsaí ó Mhárta 2020 ar aghaidh. Tá sé i gceist againn an tInnéacs Miondíolacháin i leith Feabhra 2020 a fhoilsiú an 27 Márta agus an tInnéacs um Tháirgeadh agus Láimhdeachas Tionsclaíoch an 6 Aibreán.

Is táscairí lárnacha de ghníomhaíocht gheilleagrach iad seo. Is é an tosaíocht dúinn i réimse na staitisticí gnó ná leanacht d’fhigiúirí ar mhiondíolachán agus ar tháirgeadh tionsclaíoch a chur i dtoll a chéile. É sin ráite, is mór an dúshlán a bhaineann le heolas ar na táscairí seo a bhailiú i leith mhí Márta agus míonna eile ina dhiaidh. Táimid buíoch as an tacaíocht leanúnach ón lucht gnó agus tuigimid na dúshláin atá roimh an uile duine díobh.

Tacú le gníomhaithe náisiúnta

Tá tionchar imeartha cheana féin ag COVID-19 ar go leor de sheirbhísí poiblí na hÉireann. Mar chuid de fhreagra an rialtais ar an ngéarchéim, táthar tar éis Scéim Socrúcháin Shealadaigh a chur in áit agus d’fhéadfadh go n-iarrfaí ar an Oifig baill foirne a chur i dtreo seirbhísí poiblí riachtanacha eile. Cuirfimid úsáideoirí sonraí ar an eolas má imríonn a leithéid de ghníomh thionchar ar bhailiú sonraí nó ar tháirgí aschuir staitistiúla.

Ár dtosaíochtaí staitistiúla

I gcás go leanann an ghéarchéim ar aghaidh ar feadh tréimhse fada, táthar tar éis na míreanna a leanas a aithint ina tháirgí aschuir staitistiúla rí-thábhachtacha:

  • Onnmhairiú agus Allmhairiú Earraí (sraith míosúil)
  • Cuntais Náisiúnta Ráithiúla
  • Easnamh agus Fiachas Rialtais (ó Staitisticí Airgeadais an Rialtais)
  • Comhardú na nÍocaíochtaí (sraith ráithiúil)
  • An Suirbhé ar an Lucht Saothair
  • An Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála
  • An Ráta Dífhostaíochta Míosúil agus an Beochlár
  • Breitheanna, Básanna agus Meastacháin Daonra
  • An Praghasinnéacs Tomhaltóirí agus Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí
  • An Praghasinnéacs Mórdhíola
  • An tInnéacs Miondíolachán
  • Táirgeadh agus Láimhdeachas Tionsclaíoch (sraith míosúil)

Féilire Eisiúna Staitistiúla

Cuirfimid an t-eolas is déanaí maidir le sceidealú eisiúintí staitistiúla ar fáil trí fhéilire eisiúna staitistiúla na hOifige. Is féidir teacht ar an bhféilire .

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Elaine O'Mahoney (+353) 1 498 4317

nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie

-- CRÍOCH --