20 Meitheamh 2019
Breathnaigh ar an eisiúint: Próifílí Geografacha den Ioncam in Éirinn 2016 [EN]
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an tuarascáil Próifílí Geografacha den Ioncam in Éirinn 2016 inniu (20 Meitheamh 2019). Breathnaítear sa tuarascáil seo ar ioncam in Éirinn de réir údaráis áitiúil agus toghroinne. Déantar cíoradh chomh maith ar ioncam de réir mar a bhaineann sé le tithíocht, sláinte, oideachas, slí bheatha agus comaitéireacht.
Ag déanamh trácht ar an tuarascáil, dúirt Lianora Bermingham, Staitisteoir: “Léirítear sa tuarascáil gurbh é €45,256 an t-ioncam comhlán airmheánach i measc líonta tí sa bhliain 2016. Bhí sé chomh híseal le €32,259 i nDún na nGall agus chomh hard le €66,203 i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin. I gcás 13.7% de líonta tí, bhí breis is leath den ioncam ag teacht ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh do dhaoine in aois oibre. Ba é an pinsean stáit móramh an t-ioncam ag 12.9% eile de líonta tí. Ciallaíonn sé seo go raibh 26.6% de líonta tí, san iomlán, a raibh breis is leath dá n-ioncam ag teacht ó chineál leasa shóisialaigh in Éirinn in 2016.
Bíonn tionchar ar leibhéil ioncaim ag go leor tosca, amhail inscne, sláinte ghinearálta, leibhéal oideachais agus an cineál oibre a ndéanann duine.
Cuid den tuarascáil is ea anailís ar inacmhainneacht cíosa bunaithe ar ioncaim tionóntaí agus an cíos atáthar ag íoc de réir mar a thuairiscítear iad don Bhord um Tionóntachtaí Cónaithe. Bunaithe ar na figiúirí sin, tagann athrú ar an ‘ualach cíosa’ seo idir 16.2% agus 44.7% ag leibhéal na toghroinne.
Saothraíodh an t-ioncam airmheánach is airde in 2016 sna hearnálacha TFC, Eolaíochta agus Áineasa, sin €37,037. Thuill cónaitheoirí Shligigh, Liatroma agus Dún na nGall beagnach ceithre euro as gach deich gcinn sna hearnálacha Seirbhíse Poiblí, Oideachais agus Sláinte.”
Agus é ag tagairt do ghnéithe eile na tuarascála, dúirt Kieran Culhane, Staitisteoir Sinsearach: “Sampla atá sa tuarascáil seo de na tionscail taighde ábhartha do lucht déanta beartais a bhfuil á bhforbairt ag an CSO ina ról ceannaireachta ar Chóras Staidrimh na hÉireann. Tá sé mar cuspóir againn an réimse agus an oiread sonraí agus gur féidir a chur ar fáil ionas go mbeidh teacht ar fhaisnéise d’ardchaighdeán ag gníomhaireachtaí rialtais, gnólachtaí agus saoránaigh an stáit.
Faoi údarás an Achta Staidrimh, 1993, tá deis uathúil ag an CSO chun sonraí ó fhoinsí riaracháin a bhailiú agus a nascadh agus chun a n-úsáid féideartha staitistiúil a mheas. Sa tionscal seo, tarraingíodh sraitheanna sonraí ó na Coimisinéirí Ioncaim agus an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí le chéile le sraitheanna sonraí i seilbh an CSO chun anailísí agus sonraí aschuir comhiomlána a tháirgeadh ag leibhéal mionsonraithe geografach nach raibh fáil air roimhe.
Le miondealú geografach mionsonraithe ar ioncam líon tí, beidh teacht ag lucht déanta beartais ar fhaisnéis maidir le líonta tí a bhfuil idir ioncam íseal agus ioncam measartha á thuilleamh acu de réir limistéir. Tá gá leis an bhfaisnéis seo ionas gur féidir beartais a fhorbairt maidir le tithíocht incheannaithe, soláthar seirbhísí sláinte poiblí agus rochtain ar oideachas. Le miondealú breise ioncaim de réir slí beatha agus limistéir gheografaigh, is féidir anailís a dhéanamh ar chumas fáis gheilleagraigh ar bhonn réigiúnach.
Is é an cuspóir atá againn ná cinntiú gur féidir le saoránaigh maireachtáil i sochaí fheasach agus ag an am céanna déanamh cinnte de go gcloítear le reachtaíocht ábhartha cosanta sonraí. Fad is a bímid ag baint úsáid as na foinsí sonraí éagsúla atá ar fáil, nó a thiocfaidh a bheith ar fáil amach anseo, ní mór don Phríomh-Oifig Staidrimh déanamh deimhin de go gcoinneoimid orainn de shonraí a chosaint agus a choinneáil slán.
Chuige sin, glacann an CSO le gach sonra faoi rún docht daingean agus ní sheachadann an Oifig aon sonraí go bhféadfaí a cheangal le duine nó gnólacht ar leith. Thiomsaíomar na staitisticí nua seo ag baint úsáide as taifid anaithnide agus ní eiseofar torthaí staitistiúla ach amháin ag leibhéal comhiomlán.”
Lianora Bermingham (+353) 1 498 4231 nó Kieran Culhane (+353) 1 498 4364
nó seol ríomhphost chuig sscu@cso.ie
-- CRÍOCH --