01 Feabhra 2018
Breathnaigh ar an eisiúint: Torthaí Ardoideachais - Céimithe 2010-2014 [EN] (PDF 1,850KB)
Inniu (1 Feabhra 2018) tá Torthaí Ardoideachais - Céimithe 2010-2014 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Sa bhfoilseachán úr seo déantar anailís ar thorthaí céimithe i ndáil le fostaíocht, athchlárú san oideachas, na hearnálacha tionscail ina bhfuil céimithe ag obair agus a gcuid tuilleamh i gcaitheamh ama.
Eascraíonn an foilseachán seo as togra comhoibríoch idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus an tÚdarás Ardoideachais (ÚAO). Cuireadh na torthaí istigh ann i dtoll a chéile trí taifid ar bhaint amach céimeanna a mheaitseáil le sonaí riaracháin ar fhostaíocht, oideachas agus sochair. Cuireann an cur chuige seo ar ár gcumas anailís a dhéanamh de réir Inscne, Réimse Staidéir, Leibhéil ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí agus Rangú Céime.
Ag tagairt do na príomhthorthaí san fhoilseachán, dúirt Brendan O’Dowd, Staitisteoir, an méid a leanas: “I measc céimithe na bliana 2010, bhí 66% i bhfostaíocht shubstaintiúil sa chéad bhliain tar éis dóibh an chéim a fháil. Bhí ardú tagtha ar an méid seo go 76% i gcás céimithe 2014. Trádáil Mórdhíola & Miondíola ab ea an earnáil ba mhó fostaíochta i gcás chéimithe 2010 sa chéad bhliain tar éis dóibh céim a bhaint amach, agus an cúigiú cuid díobh ag obair ann. Tháinig laghdú ar an sciar seo go 10% faoin gcúigiú bliain. Maidir le céimithe 2010, tháinig ardú ar mheántuillimh sheachtainiúla ó €420 sa chéad bhliain tar éis an chéim a bhaint amach go €640 faoin gcúigiú bliain.
"Léirítear sna sonraí chomh maith gur mhó seans a bhí ag céimithe baineannacha ná fireannacha na bliana 2010 fostaíocht shubstaintiúil a bhaint amach. Sciar 71% de mhná agus 60% d’fhir a rinne amhlaidh sa chéad bhliain i ndiaidh dóibh céim a bhaint amach.
"Bhí beagnach aon cheathrú de chéimithe baineannacha ón mbliain 2010 ag obair in Oideachas cúig bliana tar éis dóibh céim a bhaint amach, i gcomparáid le 12.1% d’fhir. Ag an am céanna bhí 17.5% de chéimithe baineannacha fostaithe i Sláinte & Leas an Duine i gcomparáid le céatadán d’fhir chomh beag le 4.2%
"Ba iad na hearnálacha ba mhó a ndeachaigh céimithe fireannacha chun oibriú iontu ná Gníomhaíochtaí Gairmiúla, Gníomhaíochtaí Teicneolaíochta & Eolaíochta, Airgeadas & Réadmhaoin, Tionsclaíocht agus Faisnéis & Cumarsáid.
"Sa chéad bhliain tar éis céim a bhaint amach, b’ionann an tuilleamh airmheánach seachtainiúil a bhain fir agus mná amach; €420 in aghaidh na seachtaine. Tar éis cúig bliana, áfach, bhí an airmheán d’fhir (€655 in aghaidh na seachtaine) €20 ní ba mhó ná an figiúr comhionann do mhná (€635 in aghaidh na seachtaine).
Chonacthas laghdú i dtuilleamh seachtainiúil airmheánach sa chéad bhliain tar éis céim a bhaint amach i réimse an Oideachais. Figiúr de €705 a bhí ann do chéimithe 2010 ach bhí seo íslithe go €560 i gcás céimithe 2014. B’amhlaidh an treocht d’airmheán chéad bliana na gcéimithe Sláinte & Leas an Duine, é laghdaithe ó €590 go €565 sa tréimhse céanna."
Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an eisiúint staitistiúil seo i dtoll a chéile i gcomhar leis an Údarás Ardoideachais (ÚAO). Rinneadh na sonraí a mheaitseáil trí Eochair Aitheantóra Chosanta a úsáid atá bunaithe ar UPSP. De réir prótacal sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh baintear faisnéis inaitheanta de gach foinse sonraí sula meaitseáiltear na sonraí, is é sin, ainm, dáta breithe agus seoladh.
Is sampla é an togra seo de na tograí taighde beartasbhainteacha atá á bhforbairt ag an bPríomh-Oifig Staidrimh i gcomhar le Comhlachtaí na hEarnála Poiblí mar chuid den ról ceannaireachta atá ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar Chóras Staidrimh na hÉireann (ISS). Is é atá sa Bhonneagar Sonraí Náisiúnta (NDI) ná ardán chun sonraí a nascadh thar an gcóras riaracháin. Chuige seo baintear úsáid as aitheantóirí do dhaoine, gnólachtaí agus suímh. Tá sé mar thosaíocht ag an bPríomh-Oifig Staidrimh tiomsú agus stóráil aitheantóirí ar nós UPSP agus Eirchód a rialtú ina ról ceannaireachta ar Chóras Staidrimh na hÉireann agus ar an obair forbartha don mBonneagar Sonraí Náisiúnta.
Tagraíonn ‘Fostaíocht Shubstaintiúil’ anseo do chatagóir toraidh ina mbaineann céimithe tairseach amach arb ionann í agus obair ar feadh 12 sheachtaine laistigh den bhliain agus ina bhfaigheann siad tuillimh €100 ar a laghad, nó, go bhfuil féinfhostaíocht shubstaintiúil acu. Ní bhreathnaítear ach ar fhostaíocht laistigh de Phoblacht na hÉireann. Ríomhtar tuilleamh seachtainiúil céimí mar ollphá iomlán ón bpríomhfhostóir roinnte ar líon na seachtainí oibre inárachais.
Brendan O' Dowd (+353) 1 498 4057 nó Kieran Culhane (+353) 1 498 4364
nó seol ríomhphost chuig sscu@cso.ie
-- CRÍOCH --