Tá an-áthas ar an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) searmanas bronnta a óstáil inniu (15 Deireadh Fómhair 2025) do dhaltaí ó gach cearn den tír a ghlac páirt inár gcomórtais i rith na bliana.
Inniu déantar ceiliúradh ar na buaiteoirí den Ghradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO, an Gradam um Úsáid Sonraí Oscailte ag Eacnamaí Óg na Bliana agus den Chomórtas Póstaer Staidrimh John Hooper. Tá an searmanas ar siúl i bPáirc an Chrócaigh inniu ó mheán lae go 1.30i.n.
Is as Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall do Rónán Ó Dochartaigh, tá sé 15 bliana d’aois agus sa tríú bliain ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Bhain a thionscadal buaiteach le fiosrú an raibh patrún áirithe le sonrú i mbailiúcháin sonraí na hÉireann. Maíonn Dlí Benford go mbíonn, i mbailiúchán sonraí ar bith, uimhreacha a thosaíonn leis an digit 1 le feiceáil níos minice (30.1%).
Dúirt sé gur mhéadaigh an tionscadal a thuiscint ar an matamaitic agus ar staitisticí sa saol mórthimpeall orainn, agus gur fheabhsaigh a scileanna cumarsáide agus cur i láthair go mór. Ba mhaith le Rónán staidéar a dhéanamh ar na róbataic mar a chéad rogha, ach tá suim mhór aige i réimsí na teicneolaíochta agus na hinnealtóireachta freisin. Fuair sé bonn airgid agus trófaí.
Bhain Mir Hasibullah Zia,dalta sa séú bliain ó CBS Loch Garman, an Gradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte ag Comórtas an Eacnamaí Óg na Bliana 2025. Bhain a thionscadal le tionchar na gcuideachtaí ilnáisiúnta (MNCanna) ar gheilleagar, sochaí agus comhshaol na hÉireann a fhiosrú. D’úsáid sé sonraí faoi thuilleamh, cánacha, oideachas, inscne, agus táscairí comhshaoil chun anailís a dhéanamh ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le MNCanna in Éirinn.
“Bhí sé dochreidte an Gradam CSO a bhuachan ag Comórtas Eacnamaí Óg na Bliana. Ní raibh mé ag súil le rud ar bith a bhuachan, gan trácht ar an chatagóir CSO, gan trácht ar an ghradam iomlán sa deireadh. Agus mé ar an ardán sin, mhothaigh mé bród as ionadaíocht a dhéanamh ar na daoine a chreid ionam — go háirithe de thairbhe go raibh mo thionscadal ábhartha do go leor ollúna agus mac léinn.” Ag féachaint chun cinn, ba mhaith le Mir gairm bheatha a dhéanamh san eacnamaíocht. Fuair sé bonn airgid agus trófaí.
Bhain Heidi Shellam, Hollie Field, agus Saoirse Lynam, daltaí ó Phobalscoil Mhóta, Co. na hIarmhí, Bonn Staidrimh John Hooper dá bpóstaer dar teideal “Electrobloom: An Electroculture Growth Chamber to Increase the Germination and Yield of Protected Crops”. Bronnadh bonn airgid ar gach duine acu agus roinneann siad duais airgid €600. Bhain siad €1,000 amach dá scoil freisin.
Nuair a cuireadh ceist orthu faoina mbua, dúirt na daltaí: “Bhí ríméad orainn a fháil amach gur tháinig muid sa chéad áit i gComórtas John Hooper agus go raibh rath ar ár gcuid oibre crua.”
Ba é sprioc an phóstaeir ná tionchar na leictreachchultúir ar chineálacha éagsúla síolta plandaía aimsiú. Rinne siad tástáil ar chineálacha éagsúla leictreoidí, a rinneadh as copar athchúrsáilte, chun na coinníollacha is fearr dá seomra fáis a fhiosrú. Mar thoradh ar a mbua ar leibhéal náisiúnta bhí siad incháilithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gCatagóir Shinsearach Chomórtas Staidrimh na hEorpa.
Tá Heidi ag smaoineamh ar ghairm i réimse na heolaíochta, agus ba mhaith le Hollie dul leis tsonagrafaíocht mar ghairm bheatha. Níl Saoirse cinnte faoin ngairm ba mhaith léi fós.
Bhuaigh Katie O’Kane, ó Mheánscoil Mhuire gan Smál, Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir an dara duais i gComórtas John Hooper. Ghnóthaigh sí an dara háit lena póstaer dar teideal “Fashion over Function: Do polo wraps cause more harm than good”. Bhain sí duais airgid €350, agus fuair a scoil €650.
Bhuaigh Seán Murphy ó Choláiste Mhuire, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí, an tríú duais i gComórtas John Hooper. Bhain sé an tríú háit lena phóstaer dar teideal “Implicit Bias and Education Level: Analysing Employers’ Unconscious Preferences Using Implicit Association Test (IAT)”. Bhain sé duais airgid €200 agus fuair a scoil €400.
Bronnadh onóir freisin ar na daoine a tháinig sna háiteanna tánaisteacha i gComórtas John Hooper as a gcuid tionscadal. Fuair gach buaiteoir agus gach duine sna háiteanna tánaisteacha inniu teastas i bhfráma mar aitheantas ar a gcuid éachtaí.
Agus í ag bronnadh na ngradam, mhol Ardstiúrthóir Cúnta an CSO, Maria Hurley, gach duine a ghlac páirt sna comórtais as a smaointeoireacht nuálach maidir le bealaí nua chun a léiriú conas is féidir sonraí agus staidreamh a úsáid chun eolas a dhéanamh dár saol.
“Gach bliain feicimid caighdeán an-ard iontrálacha do Chomórtais agus Gradaim an CSO. Léiríonn na daltaí acmhainneacht, cruthaitheacht agus smaointeoireacht cheannródaíoch go seasta trí réimse leathan ábhar a fhiosrú, agus ní eisceacht ar bith é comórtas na bliana seo.
Is cuid lárnach de chlár For-rochtana Oideachais an CSO é an tuiscint agus an úsáid a bhaineann le staidreamh a chur chun cinn. Áirítear leis seo Bonn John Hooper, Gradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte an CSO ag Taispeántas an Eolaí Óg BT, agus an Gradam ag Comórtas Eacnamaí Óg na Bliana.” a dúirt Uas Hurley.
Is é is príomhchuspóir ag an CSO le Comórtas John Hooper ná feabhas a chur ar inniúlachtaí daltaí chun cur síos a dhéanamh ar a dtimpeallacht, chun breathnú thart air agus chun é a iniúchadh. Tá an comórtas náisiúnta seo, atá ar an bhfód le sé bliana déag, oscailte do dhaltaí aonair nó foirne de bheirt nó triúr dalta, atá 18 mbliana d’aois nó níos óige.
Tá an comórtas seo ainmnithe in ómós don Chorcaíoch a ceapadh ina chéad Stiúrthóir Staidrimh ar Shaorstát Éireann in 1923. Idir sin agus an tráth ar cailleadh é, gan choinne, in 1930 agus é díreach 51 bliain d’aois, chuaigh John Hooper i bhfeidhm go mór ar fhorbairt ábhar staidrimh oifigiúil de chuid an Stáit. Is le linn a shaol oibre a forbraíodh ábhair úra staidrimh (m.sh. an chéad Daonáireamh agus an chéad Mhóráireamh ar Tháirgeadh Tionscail don stát úr, sa bhliain 1926 araon) agus ar achtaíodh an tAcht Staidrimh, 1926.
Seo hí an 11ú bhliain den Ghradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO ag Taispeántas an Eolaí Óig. Tá sé mar aidhm leis an ngradam daoine óga a spreagadh chun sonraí oscailte a úsáid. Is éard is ciall le sonraí oscailte ná sonraí gur féidir a rochtain, a úsáid, nó a roinnt. Is féidir le daoine aonair agus gnólachtaí leas a bhaint as sonraí oscailte chun críche sóisialta, comhshaoil nó geilleagracha.
Bronntar an gradam as ucht an úsáid, nó an úsáid féideartha, is nuálaí de shonraí an CSO, bíodh sin in anailísí staitistiúla, próisis staitistiúla nó aschur staitistiúil; in uirlis léirmhínithe nó léarscáil sonraí léirmhínithe; i bhforbairt ghléis; i bhfeidhmchlár bogearra nó in úsáid sonraí an CSO ar bhealach nuálach eile.
Tá na Gradaim Náisiúnta d’Eacnamaí Óg na Bliana eagraithe ag Oide. Tá an CSO an-bhródúil as urraíocht a chur ar fáil don Ghradam um Úsáid Sonraí Oscailte in éineacht le hEacnamaí Óg na Bliana. Spreagann an Comórtas Eacnamaí Óg na Bliana daltaí chun saincheisteanna gnáthshaol a iniúchadh trí dul i mbun tionscadal ar chúrsaí eacnamaíochta a bhaineann le ceann amháin de Spriocanna um Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (Spriocanna eacnamaíochta, Sochaí nó Timpeallachta).
-- CRÍOCH --
Nótaí d'Eagarthóirí
I gcomhair tuilleadh eolais nó iarratais agallamh, déan teagmháil le:
Aeidín Sheppard, Bainisteoir Imeachtaí, Margaíochta agus Dearadh Grafaic
(+353) 85 800 2267
nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie