Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Léargas ar Chúrsaí Folláine in Éirinn, Meán Fómhair 2025

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Léargas dearfach den chuid is mó atá ar chúrsaí folláine in Éirinn in 2025, toisc gur feabhsaíodh an chuid is mó de na táscairí nó gur fhan siad seasta ón meán go dtí an fhadtéarma

  • Bhí an leibhéal fostaíochta i Ráithe 2 (R2) i 2025 (74.7%) 5.8 pointe faoin gcéad níos airde ná mar a bhí i R2 2019 (68.9%).

  • Cé go bhfuil an glanfhiúchas rialtais fós diúltach (-€51 billiún i R1 2025), d’fheabhsaigh sé 111% ó R1 2020 (-€179 billiún).

  • Is é 37.1% an líon daoine aonair in 2024 a thuairiscigh go raibh sástacht saoil fhoriomlán ard i measc na ndaoine sin a mheasann go bhfuil a sláinte ghinearálta an-mhaith, i gcomparáid le 5.6% de dhaoine aonair a mheasann go bhfuil a sláinte ghinearálta go dona nó an-dona.

  • Mhothaigh 66.8% den daonra in 2024 go raibh triúr nó níos mó duine acu a d’fhéadfaidís brath orthu dá mbeadh fadhb thromchúiseach acu, agus mhothaigh 3.7% nach raibh aon duine acu le brath orthu.

  • Bhí an meánioncam indiúscartha teaghlaigh is airde in 2024 ag teaghlaigh ina raibh ceann an teaghlaigh fostaithe, ag €59,895, agus bhí an meánioncam is ísle ag teaghlaigh nach raibh ceann an teaghlaigh in ann a bheith ag obair mar gheall ar dheacrachtaí sláinte a bheith acu le fada, ag €28,532. 

Mol Eolais maidir le Folláine 2025

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) nuashonrú inniu (an 2 Meán Fómhair 2025) ar an Mol Eolais ar Chúrsaí Folláine, a bhíonn ag tuairisciú ar fholláine an náisiúin.

Ag caint ar Mhol Eolais ar Chúrsaí Folláine na Príomh-Oifige Staidrimh, dúirt Sarah Crilly, Staitisteoir sa Rannán Ioncaim, Tomhaltais agus Rachmais: “Seoladh an Mol Eolais ar Chúrsaí Folláine i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus tá 35 táscaire ann a bhaineann le 11 réimse lena n-áirítear an geilleagar, an timpeallacht, agus ár sochaí le gnéithe comhionannais agus inbhuanaitheachta. Déantar iarracht ceisteanna ríthábhachtacha a fhreagairt amhail mar atá ag éirí linn mar thír, mar phobail agus mar dhaoine aonair. Seans go bhfuil pointí tagartha níos sine ag táscairí áirithe, a bhfuilimid ag obair orthu faoi láthair chun iad a thabhairt cothrom le dáta, agus cuirfimid na húsáideoirí ar an eolas maidir leis na nuashonruithe sin de réir mar a tharlaíonn siad.

Cuireann an nuashonrú is déanaí seo ar Mhol Eolais ar Chúrsaí Folláine na Príomh-Oifige Staidrimh léargas dearfach den chuid is mó ar fáil dúinn den saol in Éirinn in 2025, agus an chuid is mó de na táscairí ag feabhsú nó ag fanacht seasta go fadtréimhseach. Mar sin féin, bhí roinnt grúpaí nach ndearna chomh maith céanna le grúpaí eile. Ar an iomlán, bhí comparáid mhaith idir na táscairí agus táscairí coibhéiseacha an Aontais Eorpaigh.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi a bhaineann an Rialtas úsáid as na táscairí folláine, féach Saol na hÉireann a Thuiscint ar gov.ie."

Buaicphointí ón Mol Eolais ar Chúrsaí Folláine

Eacnamaíoch

  • Maidir le tithíocht agus an timpeallacht thógtha, cuireadh 9,214 áit chónaithe nua i gcrích i R2 2025, méadú 35% ar R2 2024, inar cuireadh 6,824 áit chónaithe nua i gcrích.
  • D’fhoirgnimh chónaithe a tógadh idir 2020 agus 2024, bhí Rátáil Foirgnimh Fuinnimh A (BER) ag 99% acu i gcomparáid le 36% d’fhoirgnimh a tógadh idir 2010 agus 2014.
  • Ba 13.1% a bhí sa ráta úsáide saothair i R2 2025 de dhaoine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine. Bhí ráta níos ísle 11.4% ag na fir agus bhí ráta níos airde 14.9% ag na mná. Áiríodh an líon daoine a rangaíodh mar dhaoine neamhfhostaithe, chomh maith le daoine a rangaíodh go páirtaimseartha mar dhaoine tearcfhostaithe, agus rangaíodh iadsan a bhí taobh amuigh den lucht oibre atá ar fáil chun dul ag obair ach nach raibh sa tóir ar phost mar sciar céatadáin den lucht oibre iomlán.
  • Ba €943 an meántuilleamh seachtainiúil in 2024, i gcomparáid le €754 i 2019.
  • Ba €391,600 glansaibhreas airmheánach teaghlaigh úinéir-áitithe, i gcomparáid le €10,200 do theaghlaigh a bhí ag íoc cíosa nó a bhí saor ó chíos in 2023.

Sóisialta

  • Thuairiscigh 15.8% de dhaoine aonair i 2024 go raibh dúlagar measartha go measartha dian nó dian orthu le coicís anuas. I measc na mban a bhí an ráta is airde, 18.5%, agus bhí an ráta is ísle 12.9% i measc na bhfear.
  • Idir 2020 agus 2024 thit an céatadán daoine idir 16 agus 24 bliana d’aois a mhothaigh uaigneach cuid den am ó 24.5% go 11.8%.
  • Bhí ceathrar as gach cúigear (80%) 15 bliana d’aois agus níos sine sásta leis an gcaoi a oibríonn an daonlathas in Éirinn, i gcomparáid le meán an AE de bheagnach triúr as gach cúigear (58%) in 2024.

An Comhshaol

  • Thit líon iomlán na ngás ceaptha teasa (i gcoibhéis CO2) faoi 11% idir 2018 agus 2023, anuas ó 61.6 milliún tona go 54.9 milliún tona.
  • Ba é an céatadán dramhaíola a cuireadh chuig láithreán líonta talún ná 14.4% in 2022, cosúil le 2018 ag 14.3%.

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá Mol Eolais ar Chúrsaí Folláine na Príomh-Oifige Staidrimh ar fáil ar phríomhshuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh. Baineadh na staitisticí sa Mhol Eolais ar Chúrsaí Folláine ó raon leathan foinsí, ón bPríomh-Oifig Staidrimh den chuid is mó, ach ó fhoinsí ar fud chóras an rialtais freisin. I bhformhór na gcásanna, déanfar nuashonrú uathoibríoch ar na táscairí de réir mar a bheidh sonraí á bhfoilsiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Is féidir eolas níos mionsonraithe ar gach táscaire a fháil sna táblaí agus sna foilseacháin ábhartha. Mar gheall ar nádúr fadtéarmach na dtáscairí, d'fhéadfadh sé nach bhfuil cuid acu reatha. Cuirfimid na húsáideoirí ar an eolas maidir leis na nuashonruithe sin de réir mar a tharlaíonn siad.

Áirítear na réimsí seo a leanas i Mol Eolais ar Chúrsaí Folláine na Príomh-Oifige Staidrimh:

  1. Folláine Shuibiachtúil
  2. Sláinte Mheabhrach agus Choirp
  3. Ioncam agus Maoin
  4. Eolas, Scileanna agus Nuálaíocht
  5. Tithíocht agus an Timpeallacht Thógtha
  6. An Comhshaol, an Aeráid agus an Bhithéagsúlacht
  7. Sábháilteacht agus Slándáil
  8. Obair agus Caighdeán Oibre
  9. Úsáid Ama
  10. Naisc, Pobal agus Rannpháirtíocht
  11. Comhpháirteachas Poiblí, Iontaofacht agus Léiriú Cultúir 

Teagmhálaithe

R-phost icw@cso.ie
R-phostPressOffice@cso.ie