Tugadh Robyn ar 148 cailín a rugadh in 2024, 27 dóibh siúd a rugadh i Nollaig 2024
Ba é Rían an t-ainm ba mhó tóir i measc buachaillí a rugadh i Nollaig 2024
Rugadh 7 leanbh níos mó ar Lá Nollag 2024 le hais an lá céanna in 2023.
| R-phost | pressoffice@cso.ie |
|---|
-- CRÍOCH --
Ainmneacha Leanaí Nollaig 2024
Ainmneacha Leanaí, Nollaig 2024
Tá an preasráiteas seo á chur ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (23 Nollaig 2025), ina dtugtar léargas ar na hainmneacha a roghnaítear do leanaí na hÉireann aimsir na Nollag 2024.
Rugadh 82 leanbh ar Lá Nollag 2024, 39 cailín agus 43 buachaill. Cé nach féidir na hainmneacha a roghnaíodh don líon beag leanaí seo a thabhairt le fios, tugtar léargas ar na hainmneacha leanaí ba choitianta le linn mí na Nollag 2024.
Ainmneacha Cailíní
Ba iad na hainmneacha ba choitianta a tugadh ar chailíní i mí na Nollag 2024 ná Robyn (27) agus Fiadh (27) sa chéad áit araon, Sophie (23), agus Éabha agus Emily (22 araon).
Bhí Holly (19) sa chéad áit nó ag roinnt na céad áite i mí na Nollag thar tréimhse 10 bliana go dtí 2023 ach thit an t-ainm sin sa rangú i Nollaig 2024.
Ainmneacha Buachaillí
I measc na n-ainmneacha buachalla ba choitianta i Nollaig 2024, bhí an Rí beag ‘Rían’ i mbarr a réime ag 44, le Noah (38) agus Jack (34) ina dhiaidh. Cé gur tháinig meath ar líon na mbuachaillí leis an ainm Noah le hais Nollaig 2023 (46 in 2023 le hais 38 in 2024), tá tóir ar an ainm fós agus é sa dara áit arís i mbliana.
Déanann Seán O’Connor, Staitisteoir sa Rannóg Staitisticí Beatha, trácht ar na figiúirí: “I Nollaig 2024, ba iad na hainmneacha buachalla ba choitianta ná Rían, agus Noah ina dhiaidh, agus i measc na gcailíní, bhí Robyn agus Fiadh sa chéad áit, le Sophie ina ndiaidh.
Cé gur chonaiceamar roinnt gluaiseachta sna hainmneacha a roghnaíodh do chailíní i Nollaig 2024, bhí sé suimiúil an titim ón chéad áit go dtí an cúigiú áit a fheiceáil leis an ainm Holly, agus an t-ardú tóra ar na hainmneacha Robyn agus Fiadh.
I measc na mbuachaillí, tháinig athrú ar threochtaí i mí na Nollag le hais an chuid eile den bhliain, le Rían sa chéad áit i Nollaig 2024 seachas Jack agus Noah ag fanacht sa dara áit don dara bhliain as a chéile."
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais san fhoilseachán iomlán Ainmneacha Leanaí na hÉireann in 2024.
Foilseofar figiúirí i leith Ainmneacha Leanaí na bliana 2025 i bhFeabhra 2026.