Ar ais go barr

Mar atá ag éirí leis an bPríomh-Oifig Staidrimh

Cuideodh aiseolas uaitse linne lenár gcuid seirbhísí a fheabhsú agus a dhéanamh níos fearr don phobal. Inis dúinn faoi na nithe atá tábhachtach duitse inár Suirbhé maidir le Sástacht Custaiméirí ar líne [suirbhé i mBéarla].

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Éire agus Tuaisceart Éireann - Comhfhoilseachán Daonáirimh 2021/2022

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Daonra oileán na hÉireann méadaithe os cionn 7 milliún duine den chéad uair le os cionn 170 bliain

  •  In 2022, bhí daonra 7.1 milliún duine ar oileán na hÉireann, méadú 26% nó 1.5 milliún duine thar fiche bliain ó 2002.

  • Ba é seo an chéad uair ar sháraigh daonra oileán na hÉireann 7 milliún duine ón mbliain 1851.

  • Idir 2002 agus 2022, tháinig méadú 31% ar an daonra in Éirinn agus 13% ar an daonra i dTuaisceart Éireann.

  • An 5.15 milliún duine ina gcónaí in Éirinn i 2022 a bhí i 73% den daonra uile-oileáin, agus an 1.91 milliún duine ina gcónaí i dTuaisceart Éireann a bhí i 27% den daonra.

  • Bhí dlús daonra Thuaisceart Éireann (141 duine an km²) beagnach dhá oiread dhlús daonra na hÉireann (73 duine an km²).

  • Ba é 38 mbliana aois airmheánach an daonra in Éirinn agus 40 bliain i dTuaisceart Éireann, agus bhí an dá aois sin faoi mheánaois 44 bliana an AE.

  • Bhí céatadán níos airde de dhaoine 65 bliana d’aois agus níos sine i dTuaisceart Éireann (18%) i gcomparáid le hÉirinn (15%).

Ráiteas an Staitisteora

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) agus Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) Éire agus Tuaisceart Éireann – Comhfhoilseachán Daonáirimh 2021/2022 inniu (an 2 Iúil 2025).

Agus í ag déanamh cur síos ar mar ar forbraíodh an foilseachán, dúirt Maria Yasin, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh sa Phríomh-Oifig Staidrimh: “Is í an eisiúint staidrimh seo an toradh ar chomhoibriú idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus NISRA, inar bailíodh torthaí daonáirimh d’Éirinn agus do Thuaisceart Éireann araon i bhfoilseachán amháin. Is é seo an dara huair a d’oibrigh muid le chéile chun tuarascáil uile-oileáin a fhoilsiú, agus foilsíodh an chéad cheann in 2014”

Cuirtear torthaí ó Dhaonáireamh 2021 i dTuaisceart Éireann agus ó Dhaonáireamh 2022 in Éirinn i láthair san fhoilseachán. Tugtar léargas cuimsitheach ann ar staidrimh ar fud oileán na hÉireann a chlúdaíonn réimse leathan topaicí, déimeagrafaic, stádas pósta, eitneacht, teanga, sláinte, cúram gan íocaíocht, creideamh, fostaíocht agus patrúin chomaitéireachta ina measc.

Ag déanamh tagairt do na torthaí, dúirt Daniel McConville, Staitisteoir san Oifig Daonáirimh, NISRA: “Trínár gcomhoibriú leanúnach, tá NISRA agus an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta d’anailís ar ardchaighdeán de shonraí daonáirimh ón dá dhlínse a chur ar fáil, a thugann léargas níos fearr ar an saol ar fud an oileáin don phobal agus do lucht déanta beartas. Léirítear dúinn san fhoilseachán is déanaí sin go raibh daonra 7.1 milliún duine ar oileán na hÉireann in 2022 ina raibh 73% den daonra in Éirinn agus 27% i dTuaisceart Éireann. Tháinig méadú 1.5 milliún ar dhaonra iomlán na hÉireann agus Thuaisceart Éireann idir 2002 agus 2022.”

Nóta Buíochais

Ní bheadh sé ar ár gcumas torthaí Dhaonáireamh 2022 in Éirinn agus torthaí Dhaonáireamh 2021 i dTuaisceart Éireann a bhaint amach murach an fhreagairt thar a bheith dearfach a fuaireamar ón bpobal agus gabhaimid buíochas le gach duine a líon amach.

Buaicphointí ón gComhfhoilseachán Daonáirimh

Fás ar an Daonra ar fud an Oileáin

Tháinig méadú 26% ar dhaonra oileán na hÉireann idir 2002 agus 2022, daonra a d'ardaigh go dtí 7.1 milliún. In Éirinn, tháinig méadú 31% ar an daonra le fiche bliain, i gcomparáid le méadú 13% i dTuaisceart Éireann. 

Ar an dá thaobh den oileán, ba sna príomhchathracha faoi seach, Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, a bhí an fás daonra is airde idir 2011 agus 2022, agus bhí na rátaí fáis ab ísle sna ceantair níos iargúlta ó thaobh geografaíochta de. I dTuaisceart Éireann, bhí an ráta fáis ab airde i Lios na gCearrbhach agus sa Chaisleán Riabhach ag 11%, agus bhí fás 0.3% ar Chósta Chlochán an Aifir agus Glinnte Aontroma. In Éirinn, tháinig fás 21% ar dhaonra Fhine Gall, ach níor tháinig ach méadú 4% ar dhaonra Dhún na nGall le linn na tréimhse sin. 

Athruithe Déimeagrafacha agus Treochtaí Daonra atá ag Dul in Aois

Tá an aois airmheánach (i.e. an aois ag a bhfuil leath den daonra níos óige agus leath níos sine ná sin) méadaithe de réir a chéile, rud a léiríonn daonra atá ag dul in aois ar an dá thaobh den oileán. I 2022, 38 mbliana d’aois ab ea aois airmheánach na hÉireann agus 40 bliain d’aois a bhí i gceist i dTuaisceart Éireann. Bhí siad sin fós níos ísle ná aois airmheánach na Ríochta Aontaithe (41) agus an AE (44). Bhí céatadán níos airde de dhaoine 65 bliana d’aois agus níos sine i dTuaisceart Éireann (18%) i gcomparáid le hÉirinn (15%).  

Comhdhéanamh an Lín Tí

Bhí céatadán níos airde líonta tí inar cuimsíodh lánúin a raibh leanaí acu (in aon aoisghrúpa) in Éirinn ag 34%, i gcomparáid le 28% i dTuaisceart Éireann. Bhí líonta tí aontuismitheora níos coitianta i dTuaisceart Éireann (14%) ná mar a bhí in Éirinn (10%).

Bhí céatadán níos mó líonta tí ina raibh duine amháin ina chónaí ina aonar i dTuaisceart Éireann freisin, 31% i gcomparáid le 23% in Éirinn. Ar an dá thaobh den oileán, ba líonta tí ina raibh duine nó beirt na líonta tí ba choitianta, 52% in Éirinn agus 61% i dTuaisceart Éireann.

Tír Bhreithe agus Teanga

Bhí céatadán níos airde den daonra in Éirinn a rugadh lasmuigh den tír ag 20%, i gcomparáid le 13% i dTuaisceart Éireann.

Dúirt 15% den daonra a bhí trí bliana d’aois nó níos sine in Éirinn gur príomhtheanga eile seachas Béarla ná Gaeilge a bhí acu i gcomparáid le 4% i dTuaisceart Éireann. Ba í an Pholainnis an teanga iasachta ba mhó a bhí á labhairt sa dá dhlínse.

Creideamh

Ba é an creideamh Caitliceach Rómhánach an creideamh ba choitianta ar an dá thaobh den oileán, agus chur 69% de mhuintir na hÉireann agus 42% de mhuintir Thuaisceart Éireann in iúl gurbh é sin an creideamh a bhí acu.

Protastúnaigh agus daoine le sainchreidimh Chríostaí eile a bhí i 37% de dhaonra Thuaisceart Éireann i gcomparáid le 7% de dhaonra na hÉireann.

Ba 17% den daonra i dTuaisceart Éireann a dúirt nach raibh aon chreideamh acu agus 15% den daonra in Éirinn.

Áitíocht agus Tionacht Tithíochta

Tugtar léargas leis na sonraí tithíochta ar an líon maoine buana ináitrithe a bhí áitithe nó neamháitithe ar fud an oileáin. I dTuaisceart Éireann, bhí 94% de na haonaid bhuana tithíochta áitithe ag gnáthchónaitheoirí, i gcomparáid le 89% in Éirinn. Aonaid bhuana tithíochta neamháitithe a bhí i 6% den tithíocht i dTuaisceart Éireann agus 11% in Éirinn.

Ar an dá thaobh den oileán, bhí thart ar dhá thrian de líonta tí a bhí áitithe ag úinéir (66% in Éirinn agus 65% i dTuaisceart Éireann). Bhí céatadán níos airde de theaghaisí ar cíos ag 33% in Éirinn, i gcomparáid le 28% i dTuaisceart Éireann.

Sláinte agus Cúramóirí

Bhí céatadán níos airde daoine in Éirinn a thuairiscigh go raibh a sláinte go maith nó an-mhaith ag 83% i gcomparáid le 79% i dTuaisceart Éireann. Bhí céatadán níos airde daoine a thuairiscigh go raibh a sláinte go dona nó an-dona ag 8% i dTuaisceart Éireann i gcomparáid le 2% in Éirinn. Cé go raibh daonra i bhfad níos mó in Éirinn ar an iomlán, thuairiscigh 57,000 níos lú daoine go raibh drochshláinte acu.

Maidir le cúram rialta gan íocaíocht a chur ar fáil, bhí 6% de dhaoine cúig bliana d’aois agus níos sine ag déanamh amhlaidh in Éirinn, agus bhí 12% de dhaoine á chur ar fáil i dTuaisceart Éireann.

Fostaíocht

Bhí beagnach 3.4 milliún duine 16 bliana d’aois agus níos sine sa lucht saothair ar an oileán, 2.5 milliún duine in Éirinn agus níos mó ná 891,000 duine i dTuaisceart Éireann ina measc.

Ba iad na hearnálacha leis an líon is mó oibrithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann araon ná earnálacha Gníomhaíochtaí Shláinte an Duine agus na hOibre Sóisialta, agus Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (16% d’oibrithe sa dá earnáil sin a bhí i dTuaisceart Éireann agus 12% d’oibrithe in Éirinn). Bhí 10,541 duine ag taisteal ó Thuaisceart Éireann chuig an obair in Éirinn, agus bhí 7,777 duine ag taisteal an treo eile. 

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl i dTuaisceart Éireann Dé Domhnaigh an 21 Márta 2021. Bhí an daonáireamh ar siúl in Éirinn Dé Domhnaigh an 3 Aibreán 2022, tar éis moill a bheith curtha air de bharr phaindéim COVID-19.
  • Cuireann an comhfhoilseachán seo de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh agus NISRA le cur i bhfeidhm ghealltanas Chlár an Rialtais (PfG) sraith staidrimh agus foilseachán Thuaidh-Theas a fhorbairt chun sonraí inchomparáide a chur ar fáil maidir le bearta sóisialta agus eacnamaíochta ar fud an dá dhlínse. Déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh, i gcomhar le NISRA, tuilleadh oibre ar ghealltanas Chlár an Rialtais a chur chun cinn mar chuid de thionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais.
  • Tá torthaí uile na nDaonáireamh faoi seach le fáil ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh agus NISRA.  
  • Tá go leor de na ceisteanna a cuireadh sa Daonáireamh in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann inchomparáide den chuid is mó. Mar sin féin, d’fhéadfadh éagsúlachtaí a bheith i bhfoclaíocht na gceisteanna, i rogha na bhfreagraí, agus i gcatagóirí. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi réimsí agus táscairí ina bhfuil difríochtaí tábhachtacha, féach na Nótaí Cúlra.
  • Is féidir físeán buneolais agus roinnt comhaid ghearra fuaime ar phríomhthorthaí Chomhfhoilseachán Daonáirimh na hÉireann agus Thuaisceart Éireann a fháil (i mBéarla).
  • grafaic faisnéise foilsithe don Chomhfhoilseachán Daonáirimh seo.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --