Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Buaicphointí ón Mol Tithíochta, Samhain 2025

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Buaicphointí ón Mol Tithíochta, Samhain 2025

  • Sna chéad naoi mí de  2025, cuireadh tús le 10,193 teach.

  • Sna chéad naoi mí de 2025, tugadh 24,325 teaghais nua chun críche, méadú 13% ar an tréimhse chéanna in 2024.

  • Tháinig méadú 7.6% ar an bPraghasinnéacs Réadmhaoine Cónaithe (RPPI) sna 12 mhí go Meán Fómhair 2025. Tháinig méadú 5.3% ar phraghsanna maoine i mBaile Átha Cliath agus tháinig méadú 9.4% ar phraghsanna taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath  i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

  • In R3 2025, bhí 177,600 oibrí fostaithe san earnáil tógála. Bhí 67% díobh sin ag obair go príomha ar eastáit tithíochta nua nó ar athchóirithe.

  • In R2 2025, ba é  líon iomlán na n-aonad teaghaise ar tugadh cead pleanála ina leith ná 7,447, laghdú 13% ó 8,513 aonad in R2 2024.

  • €34.22 a bhí sna meánchostais saothair ina n-iomláine in aghaidh na huaire san earnáil foirgníochta in R2 2025, i dtaca le €30.85 in R2 2024.

  • In R1 2025, is i mBaile Átha Cliath  a bhí an deich gceantar ina raibh na meánchíosanna míosúla ba airde go léir, agus an chíos ba airde i gCarraig an tSionnaigh - €3,718, bunaithe ar shonraí ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB).

  • Léiríonn iniúchtaí ar na Rátálacha Fuinnimh na bhFoirgneamh Cónaithe gurbh é an leictreachas an príomhbhreosla téimh spáis i níos mó ná 90% de na tithe a ndearnadh iniúchadh orthu agus a tógadh idir 2020 agus 2024.

Mol Tithíochta

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tar éis nuashonrú ar an Mol Tithíochta [en] a fhoilsiú inniu (24 Samhain 2025). Foilsíodh an Mol seo den chéad uair i Samhain 2024, agus na sonraí is déanaí ón CSO agus ó chomhlachtaí eile seirbhíse poiblí á n-úsáid chun ionad ilfhreastail cuimsitheach do shonraí a bhaineann le tithíocht in Éirinn a sholáthar (Féach Nóta don Eagarthóir thíos le haghaidh tuilleadh eolais). 

Ag trácht dó ar an Mol Tithíochta, dúirt Steven Conroy, Staitisteoir de chuid na Roinne Tithíochta: “Is é is cuspóir don Mhol Tithíochta sonraí staidrimh ón CSO agus ó eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí maidir le tithíocht in Éirinn a bhailiú le chéile in aon suíomh amháin atá éasca a aimsiú. Ó eisíodh an preasráiteas deiridh, cuireadh dhá rannóg nua leis an Mol Tithíochta. Tagann sonraí maidir leis na topaicí nua seo ó aschuir nua sraithe Frontier na rannóige, a foilsíodh i  Meán Fómhair 2025. 

Ar an gcéad dul síos, leis an suirbhé Táscairí Folúntais bunaithe ar Ídiú Leictreachais [en] cuirtear i láthair líon agus rátaí folmhaithe na dteach cónaithe agus sonraí maidir le hídiú leictreachais méadraithe á n-úsáid. Sa chomhthéacs seo, sainmhínítear teaghais mar theaghais folamh nuair nach mbíonn ach fíorbheagán ídithe leictreachais nó ídiú leictreachais ar bith ann i gcaitheamh ceithre ráithe as a chéile. Leis an sainmhíniú seo déantar teaghais foilmhe thar thréimhse fhada ama a shainaithint. Ar an dara dul síos, leis an suirbhé Saintréithe Ceannaitheoirí Réadmhaoine Cónaithe [en] déantar faisnéis a sholáthar faoi lucht ceannaithe maoin chónaithe in Éirinn le blianta beaga anuas. Áirítear leis seo an praghas a íocadh, aois, ioncam, stádas fostaíochta, cineál áitribh, comhdhéanamh an teaghlaigh, slí bheatha agus saoránacht. 

Roinntear na sonraí sa Mhol Tithíochta ina gceithre phríomhthéama: Tógáil Tithíochta, Praghsanna Maoine & Cíosanna, Costas Tithe a Thógáil, agus Gnéithe Tithíochta. Is féidir linn anailís a dhéanamh ar staidreamh agus ar threochtaí suimiúla faoi gach ceann de na téamaí sin. 

Mar shampla, maidir le Tógáil Tithíochta, léiríonn na  sonraí staidrimh is déanaí maidir le  líon na dteaghaisí nua a cuireadh i gcrích gur cuireadh 9,235 teaghais nua i gcrích in R3 2025, méadú 4% ar an ráithe céanna in 2024. Tháinig méadú 3% ar líon na n-árasán a cuireadh i gcrích, ó 3,058 in R3 2024 go 3,160 in R3 2025.

Faoin téama Praghsanna Maoine & Cíosanna, léiríonn na sonraí staidrimh is déanaí gur tháinig méadú 7.6% ar phraghsanna maoine cónaithe sa 12 mhí go Meán Fómhair 2025, suas ón méadú 7.5% a taifeadadh sa bhliain suas go Lúnasa 2025.

Ag féachaint ar na Costais a bhaineann le Tithe a Thógáil agus ag úsáid staidrimh ón eisiúint is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, Tuilleamh agus Costais Saothair [en], feicimid gur €34.22 a bhí sna costais saothair ina n-iomláine in aghaidh na huaire ar an meán sa tionscal tógála in R2 2025, suas ó €30.85 in R2 2024.

Maidir le Gnéithe Tithíochta, léiríonn an eisiúint is déanaí Rátálacha Fuinnimh Foirgneamh Cónaithe (BER) [en] go raibh gás príomhlíonra (35%) ar an bpríomhbhreosla téimh spáis sna teaghaisí a ndearnadh iniúchadh orthu amhail R3 2025, bhí ola téimh (35%) sa dara háit agus ansin leictreachas (25%). Maidir le teaghaisí a tógadh ó bhí 2015 ann, ba é leictreachas an breosla téimh spáis ba choitianta.

Molann muid do gach duine an t-eolas atá ar fáil sa Mhol a léamh, ar Mol é a seoladh chun freastal ar an méadú ar an éileamh ar staidreamh maidir le tithíocht agus ar fhaisnéis níos tráthúla. Is acmhainn aonair sonraí ar ár suíomh gréasáin é seo lena mbailítear sonraí staidrimh maidir le tithíocht agus lena ndéantar na sonraí sin a nuashonrú go huathoibríoch de réir mar a fhoilsíonn CSO agus eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí iad. Tá an Mol deartha chun minicíocht na nuashonruithe a mhéadú agus éascaíocht a dhéanamh ar an bpróiseas chun teacht ar shonraí maidir le tógáil, an tionscal tógála agus ar tithíocht in Éirinn a aimsiú agus rochtain a fháil ar na sonraí sin.

Gabhann Rannóg Tithíochta an CSO  buíochas le rannóga inmheánacha éagsúla de chuid an CSO a chuidigh le forbairt an Mhoil Tithíochta nua. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus don Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe as a gcuid sonraí a chur ar fáil don Mhol Tithíochta.”

Nótaí d'Eagarthóirí

Leis an Mol Tithíochta [en], a foilsíodh den chéad uair ag CSO i Samhain 2024, soláthraítear sonraí mionsonraithe maidir le tithíocht i raon téamaí éagsúla. Déantar sonraí CSO sa Mhol a nuashonrú de réir mar a fhoilsítear eisiúintí nua, agus déantar sonraí ó fhoinsí eile a nuashonrú go huathoibríoch a luaithe a bhíonn siad ar fáil. Úsáidtear tairseach sonraí oscailte  CSO, data.cso.ie nó PxStat sa Mhol, lena ligtear d’úsáideoirí na sonraí is ábhartha dóibh a chuardach, iad a íoslódáil agus íomhánna a chruthú ar an mbealach is fearr a oireann dóibh.  

Le struchtúr an Mhoil  fágtar solúbthacht chun sonraí nua a chur leis de réir mar a bheidh siad ar fáil, topaicí nua a chur leis, agus nuashonruithe níos rialta a bheith ann. Fáiltíonn an CSO roimh thráchtanna agus moltaí ó úsáideoirí an ardáin seo. Is féidir iad a sheoladh chuig housing@cso.ie.

 

Foilsíodh an leagan Béarla den phreasráiteas seo ar an 24 Samhain 2025.

Buaicphointí ón Mol Tithíochta:

Tús le tógáil tithíochta

Ba í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an t-údarás áitiúil a raibh an líon is mó aonad tosaithe aici sna chéad naoi mí de 2025 (1,808), agus  Contae Chorcaí sa dara háit (956). 

Críochnú Aonad Cónaithe Nua

Léiríonn sonraí maidir le teaghaisí nua a cuireadh i gcrích in R3 2025 an méid seo a leanas:

  • Tháinig méadú  3% ar líon na n-árasán a cuireadh i gcrích, ó  3,058 in R3 2024 go dtí 3,160 in R3 2025. 
  • Tháinig méadú 1% ar líon na dtithe scéime a cuireadh i gcrích in R3 2025 i gcomparáid le  R3 2024, ó 4,498 go 4,551.
  • Teaghaisí scéime a bhí i ngeall le leath de na teaghaisí nua a cuireadh i gcrích in R3 2025,  árasáin a bhí i dtrian díobh, agus teaghaisí aonair a bhí i 15% díobh.

Praghsanna Tomhaltóirí

Maidir leis an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí, bhí méadú 6% ar chíosanna údaráis áitiúil thar thréimhse dhá mhí dhéag dar críoch Meán Fómhair 2025.

Praghsanna Maoine

Sa 12 mhí go Meán Fómhair 2025, tháinig méadú 5.2% ar phraghsanna tithe i mBaile Átha Cliath agus tháinig méadú 5.9% ar phraghsanna árasán. Is i gCathair Bhaile Átha Cliath a tháinig an fás ba mhó ar phraghsanna tithe, ag 6%. Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, tháinig méadú 9.4%  ar phraghsanna tithe agus méadú 10% ar phraghsanna árasán.  Is i Lár na Tíre (Laois, Longfort, Uíbh Fhailí agus An Iarmhí) a bhí an fás ba mhó (taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath) ar phraghsanna tithe, ag 13.3%.

Fostaíocht san earnáil Tógála

In R3 2025,  bhí 177,600 oibrí i bhfostaíocht san earnáil tógála i gcomparáid le 176,300 sa ráithe céanna sa bhliain roimhe sin.

Ceadanna Pleanála

In R2 2025, tháinig laghdú 12.5%  (go dtí 7,447 aonad) ar líon iomlán na n-aonad teaghaise ar tugadh cead pleanála ina leith, i gcomparáid le 8,513 aonad in R2 2024.

Costas Ábhar Foirgníochta

I  Meán Fómhair 2025,  tháinig méadú 7% ar phraghas phlástair, rud a d'fhág gurb é an t-ábhar foirgníochta lena ghabh an t-athrú praghais is airde de réir céatadáin thar 12 mhí sa Phraghasinnéacs Mórdhíola d’ábhair foirgníochta agus tógála.

Costais Saothair san earnáil foirgníochta

€29.90 an meántuilleamh in aghaidh na huaire sa tionscal foirgníochta in R2 2025, suas ó €27.15 sa ráithe céanna sa bhliain roimhe sin.

Cíosanna

Is i nDeilginis  i mBaile Átha Cliath a bhí na meánchíosanna míosúla ar árasáin ba airde  in R1 2025, €2,665, bunaithe ar shonraí ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB).

Clúdach Idirlín

Sa bhliain 2025, bhí rochtain ar an idirlíon ag formhór na dteaghlach (95%),  leathanbhanda seasta den chuid is mó (87%).

Rátálacha Fuinnimh Foirgnimh

Fuair thart ar 94% de na teaghaisí a tógadh idir 2015 agus 2019 rátáil A,  agus fuair 99% de na teaghaisí a tógadh idir 2020 agus 2025 an rátáil sin.

Saintréithe Lucht Ceannaithe Maoine Cónaithe 

 Bhí beagnach trian de na daoine a cheannaigh teaghais in 2024 35 bliain d’aois nó níos óige. Bhí thart ar 11% de na ceannaitheoirí 60 bliain d’aois nó níos sine.

Ráta na nÁiteanna Cónaithe Folmhaithe bunaithe ar Ídiú Leictreachais Méadraithe

In R4 2023, meastar go raibh an ráta folmhaithe náisiúnta 3.3%, bunaithe ar íseal-thomhaltas leictreachais. Ba iad na hÚdaráis Áitiúla a raibh na rátaí folmhaithe is airde acu sa tréimhse seo ná Liatroim (8.5%), Ros Comáin (6.5%) agus Maigh Eo (6.4%).

 

Teagmhálaithe

R-phost housing@cso.ie
R-phostPressOffice@cso.ie

-- CRÍOCH --