Sa chéad 4 mhí de 2025, cuireadh tús le 3,945 aonad cónaithe.
5,938 aonad cónaithe nua a críochnaíodh i Ráithe 1 (R1) 2025, méadú de 2% le hais an tréimhse céanna in 2024.
Ardú 7.5% ar an bPraghasinnéacs Réadmhaoine Cónaithe (RPPI) sa 12 mhí go Márta 2025. Ardú 6% ar phraghsanna réadmhaoine i mBaile Átha Cliath agus ardú 8.7% ar phraghsanna réadmhaoine lasmuigh de Bhaile Átha Cliath le hais na bliana roimhe.
In R1 2025, ba é líon na bhfostaithe i bhfostaíocht san earnáil tógála ná 177,000. I measc siúd, d’oibrigh 60% ar fhobraíochtaí nua tithíochta nó athchóirithe go príomha.
Laghdú 38% ar líon iomlán na n-aonad cónaithe a ceadaíodh le haghaidh cead pleanála in R4 2024 go 6,890 aonad, ó 11,181 a ceadaíodh in R4 2023.
Meánchostais saothair in aghaidh na huaire san earnáil tógála ná €32.11 in R4 2024, méadú ó €30.91 in R4 2023.
I mBaile Átha Cliath a bhí na 10 gcostas cíosa míosúla is airde ar an meán de réir ceantair in R3 2024, agus ba i gCarraig an tSionnaigh a bhí an cíos ab airde ag €3,546 bunaithe ar shonraí ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe.
Ba é leictreachas an príomhbhreosla téimh spáis ag breis is 90% de thithe a ndearnadh iniúchadh orthu agus a tógadh idir 2020-2024.
Cuirtear sonraí mionsonraithe faoin tithíocht a bhaineann le réimse téamaí ar fáil ar an Mol Tithíochta. Déantar athnuachan ar shonraí na Príomh-Oifige Staidrimh ar an Mol de réir mar a fhoilsítear eisiúintí nua agus déantar uasdátú ar na sonraí ó fhoinsí eile go huathoibríoch de réir mar a bhíonn siad ar fáil. Úsáideann an Mol ár dtairseach sonraí oscailte, data.cso.ie nó PxStat, a ligeann d'úsáideoirí sonraí atá ábhartha dóibh a chuardach, iad a íoslódáil agus íomhánna a chruthú astu ar an mbealach is fearr a oireann dóibh.
Tá solúbthacht ag baint le struchtúr an Mhoil chun go mbeifear in ann sonraí nua a chur leis de réir mar a bhíonn siad ar fáil, mar aon le hábhair nua a áireamh, agus nuashonruithe níos rialta a dhéanamh. Fáilteoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh roimh mholtaí nó ráitis ó úsáideoirí an ardáin seo. Is féidir iad a sheoladh chuig Housing@cso.ie.
Laghdú 38% ar líon iomlán na n-aonad cónaithe a ceadaíodh le haghaidh cead pleanála in R4 2024 go 6,890 aonad, ó 11,181 a ceadaíodh in R4 2023.
Ba i gCathair Chorcaí (186) a cuireadh tús leis an méid is mó aonad sa chéad cheithre mhí de 2025 de réir údarás áitiúil, agus ina dhiaidh sin i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin (134) agus i nDún na nGall (72).
Taispeántar i sonraí NDC R1 do 2025 an méid seo a leanas:
In R1 2025, ba é líon na bhfostaithe i bhfostaíocht san earnáil tógála ag obair go príomha ar fhobraíochtaí nua tithíochta nó athchóirithe ná 107,300 le hais 96,700 i R1 2024.
Tháinig ardú 6% ar phraghsanna tithe agus ardú 6% ar phraghsanna árasán i mBaile Átha Cliath sa 12 mhí go dtí mí an Mhárta 2025. Bhí an t-ardú is mó ar fhás praghsanna tithe i mBaile Átha Cliath i bhFine Gall ag 8% agus bhí ardú 5% i mBaile Átha Cliath Theas.
Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, tháinig ardú 9% ar phraghsanna tithe agus tháinig ardú 4% ar phraghsanna árasán. Ba é an Teorainn (an Cábhán, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán agus Sligeach) an réigiún lasmuigh de Bhaile Átha Cliath inar tháinig an fás ba mhó ar phraghsanna tithe, ag 13%, agus ar an taobh eile den scála, tháinig ardú 7% ar an Lár-Oirthear (Cill Dara, an Lú, an Mhí agus Cill Mhantáin).
Ba i nDalcaí i mBaile Átha Cliath a bhí na meánchíosanna míosúla árasán is airde i R3 2024 ag €2,628, bunaithe ar shonraí an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB).
Ag féachaint ar an innéacs praghsanna do thomhaltóirí, tá athrú 5.8% ar phointí ceatadáin i gcíosanna údarás áitiúla sa 12 mhí go hAibreán 2025.
I Márta 2025, ba iad bloc agus brící coincréite ag 8% an t-ábhar leis an athrú céatadáin is airde ar phraghsanna thar 12 mhí san Innéacs Praghsanna Mórdhíola le haghaidh ábhar tógála agus foirgníochta.
€27.73 an meántuilleamh in aghaidh na huaire a bhí daoine a shaothrú san earnáil tógála i R4 2024, ardú ó €25.58 ón ráithe chéanna in 2023.
Líon Iniúchtaí cónaithe RFF a tuairiscíodh in Eanáir go Márta (R1) 2025 23% níos airde ná an ráithe céanna in 2024
In 2024, tá teacht ag formhór de líonta tí ar an idirlíon (94%), leathanbhanda fosaithe den chuid is mó (86%).
R-phost | housing@cso.ie |
---|---|
R-phost | PressOffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Mol Tithíochta
Tá uasdátú foilsithe inniu (30 Bealtaine 2025) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh maidir leis an Mol Tithíochta [EN]. Foilsíodh an Mol seo den chéad uair i mí na Samhna 2024, trí úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh agus ó chomhlachtaí chun láithreán ilfhreastail cuimsitheach do shonraí a bhaineann le cúrsaí tithíochta in Éirinn a chur ar fáil (Féach ar Nóta an Eagarthóra thíos i gcomhair breis eolais).
Ag labhairt dó faoin Mol Tithíochta, dúirt Steven Conroy, Staitisteoir sa Rannóg Tithíochta:
“Is é cuspóir an Mhoil Tithíochta nua seo staitisticí maidir le tithíocht in Éirinn a thiomsú ón bPríomh-Oifig Staidrimh agus ó eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí in áit amháin atá éasca le haimsiú. Tá rannóg nua curtha leis an Mol Tithíochta, lena n-áirítear sonraí maidir le fostaíocht in earnáil na tógála. Tagann na sonraí sa rannóg seo ó Shuirbhé ar an Lucht Saothair (LFS) na Príomh-Oifige Staidrimh agus cuireann sé eolas ar fáil faoi dhaoine atá fostaithe in earnáil tógála na hÉireann, agus cibé an mbíonn siad ag obair ar thithe nua go príomha, nó i ngnéithe eile tógála.
Tá na sonraí briste síos i gceithre phríomhthéama, Tógáil Tithe, Praghsanna & Cíosanna Tithe, An Costas a Bhaineann le Tithe a Thógáil, agus Gnéithe Tithíochta. Is féidir linn díriú isteach ar staidreamh agus ar threochtaí suimiúla faoi gach ceann de na téamaí seo.
Mar shampla, i dTógáil Tithe, taispeántar leis an staidreamh ar áiteanna cónaithe nua a cuireadh i gcrích gur cuireadh 5,938 áit chónaithe nua i gcrích i R1 2025, ar ardú 2% é ón ráithe chéanna in 2024. Tháinig ardú 13% ar an líon árasán a cuireadh i gcrích ó 1,570 i R1 2024 go dtí 1,781 i R1 2025. Ba i gCathair Chorcaí (186) a cuireadh tús leis an méid is mó aonad sa chéad cheithre mhí de 2025 de réir údarás áitiúil, agus ina dhiaidh sin i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin (134) agus i nDún na nGall (72).
Faoi Phraghsanna & Cíosanna Tithe, taispeántar sna sonraí is déanaí gur tháinig ardú 7.5% ar phraghsanna réadmhaoine cónaithe sna 12 mí go dtí mí an Mhárta 2025, síos ó 8% sa bhliain go dtí mí Feabhra 2025.
Ag breathnú ar an gCostas a Bhaineann le Tithe a Thógáil agus ag úsáid staidrimh ón eisiúint Tuillimh agus Costas Saothair is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, feicimid gurbh é €32.11 an meánchostas saothair iomlán in aghaidh na huaire don earnáil tógála i R4 2024, ardú ó €30.91 i R4 2023.
Maidir le Gnéithe Tithíochta, taispeántar san eisiúint Rátálacha Fuinnimh Foirgnimh Chónaithe (RFF) is déanaí go raibh an líon iniúchtaí RFF chónaithe a tuairiscíodh i R1 2025 23% níos airde ná mar a bhí sa ráithe chéanna in 2024 agus gur tugadh rátálacha A do níos mó ná 95% d’áiteanna cónaithe iniúchta a tógadh ó 2015.
Mholfaimis do gach duine breathnú ar an eolas atá ar fáil sa Mhol, a seoladh chun an gá níos mó atá le staidreamh tithíochta agus le heolas níos tráthúla a éascú. Is acmhainn sonraí aonair é seo ar ár suíomh gréasáin ina mbailítear agus ina ndéantar uasdátú uathoibríoch ar staidreamh tithíochta de réir mar atá siad á bhfoilsiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus ag eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí. Tá an Mhol deartha chun minicíocht na n-uasdátuithe a mhéadú agus simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas chun sonraí maidir le tógáil agus tithíocht in Éirinn a aimsiú agus a fháil.
Is mór ag Rannóg Tithíochta na Príomh-Oifige Staidrimh na rannáin inmheánacha éagsúla sa Phríomh-Oifig Staidrimh a chabhraigh leis an Mol Tithíochta nua seo a fhorbairt. Tugaimid aitheantas freisin don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus don Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) as a gcuid sonraí chur ar fáil lena n-úsáid sa Mhol Tithíochta."