Rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) scrúdú inniu (30 Nollaig 2025) ar impleachtaí airgeadais na rún a dhéanann daoine ag tús gach bliana, agus úsáid á baint againn as na praghsanna a ghearrtar ar roinnt de na hearraí a bhailímid mar chuid de chiseán earraí agus seirbhísí sa phraghasinnéacs tomhaltóirí agus as sonraí eile ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
Ach cloí le rún na hAthbhliana, is féidir coigilteas suntasach costais a bheith ann, go háirithe i réimse na sláinte agus na folláine.
Is iad sonraí mhí na Samhna 2025 na sonraí is déanaí atá ar fáil maidir leis an bpraghasinnéacs tomhaltóirí, toisc go bhfoilseofar faisnéis mhí na Nollag 2025 ar an 15 Eanáir 2026.
Ríomhtar an t-athrú i bpraghsanna gach táirge óna bpraghas-innéacsanna. Leis an innéacs praghsanna déantar raon leathan praghsanna a rianú do réimse earraí laistigh de ghrúpa táirgí gach mí. Tá na hearraí seo go léir ina gcuid den phraghasinnéacs tomhaltóirí lena ndéantar boilsciú le himeacht ama a thomhas.
*Áirítear sonraí measta i sonraí faoi thurais iarnróid ón Údarás Náisiúnta Iompair ó 30 Aibreán 2025, atá faoi réir athbhreithniú
| R-phost | pressoffice@cso.ie |
|---|---|
| R-phost | CPI@cso.ie |
Rúin na hAthbhliana
Caitheamh Tobac agus Ól
Is éard a bhíonn i gceist de gnáth lenár rún gach bliain éirí níos aclaí agus níos folláine ná ár machnamh a dhéanamh maidir le cé na nithe a dtig linn éirí astu. Má fhéachaimid ar na coigiltis féideartha a bhaineann le scor de chaitheamh tobac agus d’ól, is féidir linn a fheiceáil go sábhálfaidh duine a chaitheann paicéad toitíní in aghaidh an lae €575.36 dóibh féin má éiríonn siad as i mí Eanáir. Má bhíonn siad in ann deireadh a chur leis an nós don bhliain iomlán d’fhéadfadh coigilteas €6,700 ar a laghad a bheith ann.
Dóibh siúd a chinneann sos a ghlacadh ón ól i mí Eanáir, tá coigilteas €95 ann dóibh siúd a ólann ceithre phionta de leann nó leann dubh sa tseachtain ar an meán sa teach tábhairne.
Nósanna Bia
D’fhéadfadh sé go mbeadh coigilteas ann maidir le hearraí grósaera agus dul amach ag ithe má dhéanfar athrú ar nósanna bia, go háirithe ós rud é gur tháinig méadú 25% ar chostas béile i mbialann sna cúig bliana idir Samhain 2020 agus Samhain 2025. Is amhlaidh a bhí i gcás na bpraghsanna a bhaineann le bialanna beir leat mar gur tháinig méadú 30% orthu, rud a chiallaíonn go n-íocfaidh tú €32 anois ar bhéile le tabhairt leat a chosain €25 cúig bliana ó shin.
Is féidir leo siúd a bhfuil dúil sa chaife acu coigilteas suntasach a dhéanamh toisc go bhfuil méadú 7% sa 12 mhí go Samhain 2025 tagtha ar chostas caife beir leat in aghaidh an lae.
Coigilteas agus Laethanta Saoire
Le tréimhse ghnóthach agus chostasach na Nollag curtha díobh, is minic a dhíríonn teaghlaigh a n-aird ó thaobh chúrsaí airgeadais de ar bhuiséadú níos fearr, ar chaiteachas a rianú agus ar chaiteachas a laghdú, d’fhonn coigiltis a mhéadú. Choigil teaghlaigh breis is 14% dá n-ioncam i mí Eanáir, Feabhra, agus Márta 2025 nó thart ar €1 as gach €7 dá n-ioncam indiúscartha.
Agus oícheanta dorcha mhí Eanáir ag druidim linn, tosaíonn go leor teaghlach ag brionglóid faoin ngrian agus ag pleanáil a saoire samhraidh. Sa bhliain 2025, tháinig méadú 1.5% ar phraghas shaoire pacáiste, agus rinne cónaitheoirí na hÉireann níos mó ná 4.6 milliún turas thar oíche amach i mí Iúil, Lúnasa, agus Meán Fómhair 2025.
Rúin Éiceabhácha
Is féidir sochar airgeadais a bheith mar thoradh ar rúin éiceabhácha, amhail tomhaltas fuinnimh a laghdú nó níos lú taistil a dhéanamh sa ghluaisteán. Tá leibhéil na húsáide a bhaintear as iompair phoiblí ag ardú, agus rinneadh thart ar 229 milliún* turas bus agus iarnróid (seachas LUAS) ó Eanáir go tús mí na Samhna 2025.
Tá daoine ag aistriú chuig roghanna níos glaise ina dtithe freisin nuair is féidir leo. Tá méadú tagtha ar líon na dtithe a bhfuil foinsí fuinnimh in-athnuaite acu agus faoi mhí Iúil, Lúnasa agus Meán Fómhair 2025, bhí foinse amháin fuinnimh in-athnuaite ar a laghad ag 25% de na 1.3 milliún teach a raibh Rátálacha Fuinnimh Foirgnimh (RFF) acu, amhail caidéil teasa, córais grianfhuinnimh theirmigh agus painéil ghréine fhótavoltacha. Tá ár dtithe ag éirí níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de freisin. Ar na 1.3 milliún teaghais uathúil a fuair RFF ó bhí 2009 ann, fuair 17% rátáil A sa mheasúnú is déanaí.
Tháinig méadú 38% freisin ar líon na ngluaisteán leictreacha nua a ceadúnaíodh sna 11 mhí go Samhain 2025 le hais an tréimhse chéanna in 2024, agus cláraíodh 18,137 gluaisteán leictreacha hibrideacha inluchtaithe, méadú 65%.