Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Áireamhán Airgeadais Líonta Tí

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Seiceáil an bhfuil cúrsaí airgid ag do líon tí inchurtha le cúrsaí airgid ag líonta tí eile ag baint úsáide as aip idirghníomhach nua de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh

Sheol An Phríomh-Oifig Staidrimh áireamhán idirghníomhach nua inniu (06 Deireadh Fómhair 2025) lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí a fháil amach go héasca an bhfuil cúrsaí airgid ag a líon tí inchurtha le cúrsaí airgid ag líonta tí eile in Éirinn i dtrí phríomhréimse: ioncam, caiteachas agus saibhreas.

Leis an uirlis idirghníomhach nua Áireamhán Airgeadais Líonta Tí cuirtear ar chumas daoine comparáid a dhéanamh idir glanioncam a líon tí agus glanioncam líonta tí eile ar comhchosúil iad ina méid agus a n-aois. Dá mhéad daoine atá i líon tí, is ea is mó a chaithfidh siad a thuilleamh, a chaitheamh agus a shábháil chun caighdeán coibhéiseach maireachtála a bheith acu.

Is féidir le daoine a gcostais bhia, a mbillí breosla agus leictreachais a chur isteach freisin chun a fháil amach an bhfuil a gcaiteachas seachtainiúil, míosúil nó bliantúil inchurtha le caiteachas líonta tí den mhéid céanna.

Is féidir leat do líon tí a chur i gcomparáid le líonta tí eile ar fud na tíre freisin ó thaobh glansaibhris de. Is éard is glansaibhreas ann luach gach ní atá agat lúide aon fhiach a dhlitear.

Is ón Suirbhé Buiséid an Líon Tí (HBS) [en], ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC), agus ón Suirbhé ar Airgeadais Líonta Tí agus ar Thomhaltas Líon Tí (HFCS) [en] a thagann na sonraí atá mar bhonn leis an Áireamhán Airgeadais Líonta Tí seo. Déanann foireann na Príomh-Oifige Staidrimh suirbhé ar níos mó ná 70,000 líon tí ar fud na tíre gach bliain. Trí pháirt a ghlacadh inár suirbhéanna, cuidítear leis an bPríomh-Oifig Staidrimh staitisticí oifigiúla fíoraithe ar bhonn neamhspleách a chur ar fáil ar féidir iad a úsáid chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht i ngach gné den tsochaí in Éirinn. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a chomhlánaigh ár suirbhéanna go dtí seo, agus má dhéanann Foireann Agallaimh na Príomh-Oifige Staidrimh teagmháil leat, iarraimid ort páirt a ghlacadh sa suirbhé. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil  faoin gcaoi gur féidir muinín a chur sa Phríomh-Oifig Staidrimh ar ár suíomh Gréasáin.

Is cuid de shraith Léirshamhluithe Idirghníomhacha Sonraí [en] a chuidíonn le húsáideoirí dul i ngleic go héasca lenár staitisticí ar fud roinnt téamaí agus ábhar é an Áireamhán Airgeadais Líonta Tí. Faigh amach faoi na hainmneacha leanaí is mó tóir nó na gluaisteáin is fearr sa tír. Is féidir leat ár n-uirlisí mapála Daonáirimh a úsáid freisin chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chomharsanacht, praghsanna tithe a sheiceáil de réir Eircode, nó foghlaim faoi thalmhaíocht réigiúnach in AgriMap. Cliceáil ar gach aip chun tuilleadh eolais a fháil fúithi.

Nótaí d'Eagarthóirí

Foilsíodh an leagan Béarla den phreasráiteas seo ar an 06 Deireadh Fómhair 2025. 

Teagmhálaithe

R-phost PressOffice@cso.ie

-- CRÍOCH --