Roimh chuimhneachán deich mbliana ó ritheadh an reifreann ar Chomhionannas Pósta in Éirinn, d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) sonraí inniu (Dé Céadaoin an 21 Bealtaine 2025) maidir le póstaí comhghnéis le linn na tréimhse sin.
Reáchtáladh an reifreann an 22 Bealtaine 2015 nuair a vótáil 1.2 milliún duine, nó beagán os cionn 62%, i bhfabhar leasú a dhéanamh ar an mBunreacht ionas go n-aithneofaí póstaí, beag beann ar ghnéas na bpáirtithe. Ba í Éire an chéad tír ar domhan a thug isteach pósadh comhghnéis trí vóta an phobail, agus tharla na chéad phóstaí i mí na Samhna 2015.
Dúirt Seán O'Connor, Staitisteoir sa Rannóg Imeachtaí Saoil agus Déimeagrafaíochta: "Tá sonraí bailithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar phóstaí comhghnéis mar chuid de na heisiúintí Staitisticí Beatha ón vóta stairiúil sin. Idir Samhain 2015 agus 2024, feicimid gur ceiliúradh 5,956 pósadh comhghnéis in Éirinn. Astu sin, ba phóstaí idir fir iad 3,178 acu sin agus ba phóstaí idir mná iad 2,778.
Ar an iomlán, ba phóstaí comhghnéis iad 3.3% de na póstaí iomlána gach bliain ó 2016. Ba iad Iúil agus Lúnasa na míonna ba choitianta ó 2016 go 2024 agus ba é Dé hAoine an lá ba choitianta do lánúineacha comhghnéis chun pósadh. Ba iad searmanais shibhialta an cineál searmanais ba choitianta do níos mó ná dhá thrian (63.7%) de lánúineacha comhghnéis."
Cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh staitisticí ar fáil maidir le póstaí a chláraítear leis an Oifig Ard-Chlárúcháin (GRO) in Éirinn. Ní chuirtear póstaí nach bhfuil cláraithe leis an GRO san áireamh i sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh.
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil sna táblaí seo a leanas ó bhunachar sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh, PxStat: VSB10 agus VSB12.
Is féidir eisiúint Phóstaí 2024 a fháil anseo https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/ep/p-mar/marriages2024/
R-phost | VitalStats@cso.ie |
---|---|
R-phost | PressOffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Anailís ar Shonraí
Líon na bPóstaí a Cláraíodh
Tar éis an athraithe ar an reachtaíocht in 2015, cláraíodh 1,056 pósadh comhghnéis an bhliain dár gcionn in 2016. Bhí tionchar ag srianta COVID-19 ar gach cineál searmanais phósta, agus in 2020, cláraíodh 314 pósadh comhghnéis. In 2024, cláraíodh 668 pósadh comhghnéis, 325 acu sin idir fir agus 343 acu idir mná.
Meánaois an Pháirtí Níos Sine & Níos Óige
In 2016, ba é meánaois an ghrúim fir níos sine 43.8 bliain, a thit beagán go 43.7 bliain in 2024. Ba é meánaois an ghrúim fir níos óige 37.2 bliain in 2016, agus in 2024, mhéadaigh sé sin go 37.7 bliain.
Ba é meánaois na brídeoige níos sine i bpósadh comhghnéis in 2016 43.3 bliain, a thit go 41.6 bliain in 2024. Ba é meánaois na brídeoige níos óige in 2016 38.8 bliain i gcomparáid leis an meánaois 37.8 bliain in 2024.
In 2016, bhí 86 fear níos sine ná 60 bliain d’aois i bpósadh comhghnéis, agus in 2024 pósadh 35 fear níos sine ná 60 bliain d’aois. In 2016 pósadh 43 bean 60 bliain d’aois agus níos sine i bpósadh comhghnéis agus in 2024 pósadh 39 bean níos sine ná 60 bliain d’aois.
An Cineál Searmanais a Ceiliúradh
In 2016, ba iad póstaí sibhialta an rogha ba choitianta i measc na bhfear agus reáchtáladh 490 searmanas den sórt sin. An Cumann Daonnachach a bhí i mbun 60 searmanas eile, Cumann Spioradálaithe na hÉireann a bhí i mbun 36 acu, agus ionaid chreidimh eile a reáchtáil 20 acu. I dtaca leis na mná in 2016, ba é an scéal céanna é agus roghnaigh 360 lánúin searmanas sibhialta, 37 searmanas ag an gCumann Daonnachach agus ag Cumann Spioradálaithe na hÉireann, agus 16 ag ionaid chreidimh eile.
Bhí beagán os cionn leath (52.5%) nó 351 as 668 pósadh comhghnéis ina searmanais shibhialta in 2024. Bhí 68 (10.2%) de sheirbhísí ag an gCumann Daonnachach, 72 (10.8%) ag Cumann Spioradálaithe na hÉireann, agus 177 (26.5%) ag ionaid chreidimh eile.
Suíomh na Searmanas
Brídeoga
Ag breathnú ar na sonraí de réir cúige, feicimid gur reáchtáladh an líon is mó searmanas comhghnéis maidir leis na mná i gCúige Laighean in 2016 (298), Cúige Mumhan (97), Cúige Chonnacht (35), agus Cúige Uladh (20), le rátaí cosúil leis sin in 2024.
Léiríonn anailís bhreise gur reáchtáladh formhór na searmanas do phóstaí comhghnéis idir mná in 2016 i mBaile Átha Cliath (185 searmanas). Ina dhiaidh sin, bhí Cathair agus Contae Chorcaí le 42 searmanas, Cathair agus Contae Luimnigh le 23, agus Cill Dara le 22. Ní raibh aon phósadh comhghnéis idir mná sa Longfort ná i Ros Comáin an bhliain sin.
In 2024, reáchtáladh 95 searmanas maidir leis na mná i mBaile Átha Cliath, 37 i gCathair agus Contae Chorcaí, agus 34 sa Mhí. Ní raibh aon phósadh comhghnéis idir mná i gCeatharlach ná sa Longfort in 2024.
Grúim
Maidir le póstaí comhghnéis i measc na bhfear, reáchtáladh 460 searmanas i gCúige Laighean in 2016, 87 i gCúige Mumhan, 34 i gCúige Chonnacht, agus 25 i gCúige Uladh In 2024, bhí 194 searmanas dá leithéid i gCúige Laighean, 72 i gCúige Mumhan, 35 i gCúige Chonnacht, agus 24 i gCúige Uladh.
Feicimid freisin gur tharla formhór na bpóstaí i mBaile Átha Cliath in 2016 (324), agus ina dhiaidh sin i gCathair agus Contae Chorcaí (43), agus i gCill Mhantáin (39). Ní raibh aon phósadh comhghnéis idir fir i gContae Luimnigh ná sa Longfort an bhliain sin.
In 2024, reáchtáladh 111 searmanas i mBaile Átha Cliath, 24 i gCathair agus i gContae Chorcaí, agus 22 i gCill Mhantáin. Ní raibh aon phósadh comhghnéis idir fir i Liatroim ná sa Longfort an bhliain sin.
An Mhí ba Choitianta
Is beag athrú a tharla i dtaca leis na míonna ba choitianta agus ba lú tóir do lánúineacha comhghnéis dul faoi chuing an phósta thar na blianta. Ba é mí Mheán Fómhair an rogha ba choitianta do phóstaí comhghnéis in 2016 (125 searmanas) agus in 2024 (85 searmanas), agus ba é mí Iúil an rogha ba choitianta san iomlán.
Ba é mí Eanáir an mhí ba lú tóir in 2016 (45 searmanas) agus in 2024 (23 searmanas) do lánúineacha comhghnéis.
An Lá ba Choitianta
San iomlán, ba é Dé hAoine an lá ba choitianta den tseachtain do phóstaí comhghnéis.
In 2016, roghnaigh 348 lánúin chomhghnéis pósadh Dé hAoine, agus ba é Dé Domhnaigh an lá ba lú tóir (30 searmanas). Ar an gcaoi chéanna, in 2024 ba é Dé hAoine an lá ba choitianta le pósadh (220 pósadh) agus ba é Dé Domhnaigh an lá ba lú tóir (29 searmanas).
Ba iad Dé hAoine an 19 Iúil agus Dé hAoine an 21 Meitheamh na dátaí ba choitianta do phóstaí comhghnéis in 2024, agus 10 searmanas ar siúl ar gach ceann de na dátaí sin.