Ar ais go barr
Téigh ar aghaidh
- Chun staitisticí Coireachta Taifeadta a fhoilsiú, braitheann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) go hiomlán ar sonraí PULSE a sholáthraíonn an Garda Síochána. Mar is eol d’úsáideoirí, tá roinnt saincheisteanna cáilíochta tar éis a bheith aitheanta maidir le sonraí PULSE.
Aithníonn an CSO gur eascair bearna eolais as na torthaí tábhachtacha staitistiúla seo a bheith curtha siar agus gur údar frustrachais d’úsáideoirí é seo. Tá cinneadh déanta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh foilsiú staitisticí Coireachta Taifeadta a atosú faoi chatagóir nua staitisticí dar teideal “Faoi Fhorchoimeádas”. Léirítear leis an gcatagóiriú seo nach gcloíonn na staitisticí seo le caighdeáin riachtanacha na Príomh-Oifige Staidrimh do staitisticí foilsithe oifigiúla.
I gcomhair tuilleadh eolais, féach an leathanach Ceisteanna Coitianta maidir le staitisticí Faoi Fhorchoimeádas.
Ceisteanna Coitianta - Staitisticí Faoi Fhorcoimeádas.