Agus an Nollaig buailte linn, ba mhaith le lucht bainistíochta agus foireann na Príomh-Oifige Staidrimh Nollaig Shona agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise a ghuí ar gach éinne.
Go háirithe, ba mhaith linn beannachtaí na féile agus ár mbuíochas a ghabháil leis na daoine agus na fiontair uilig a ghlac páirt inár suirbhéanna le linn na bliana.
In 2025, d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh níos mó ná 450 eisiúint staitistiúil. Léirítear sna sonraí agus sna léargais a fhoilsímid an saol in Éirinn agus tacaíonn siad le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise ar mhaithe le muintir, sochaí agus geilleagar na hÉireann.
Míle buíochas as bhur dtacaíocht agus iontaoibh leanúnach sa Phríomh-Oifig Staidrimh.