Tá raon beart tugtha isteach ag an Rialtas maidir le tacaíocht ioncaim a sholáthar dóibh siúd a bhfuil an phaindéim COVID-19 in Éirinn tar éis cur isteach ar a bhfostaíocht. Tá na scéimeanna atá ar fáil á riar ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus ag na Coimisinéirí Ioncaim.
D’fhéach an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) leis na sonraí atá ar fáil ó na foinsí éagsúla a aithint agus conas ba cheart na scéimeanna difriúla a aicmiú chun críocha staidrimh. Tugtar breac-chuntas sa nóta faisnéise seo ar an gcaoi a ndéileálfar leo chun críocha an Bheochláir agus eisiúint na Meastachán Dífhostaíochta Míosúla do Mhárta 2020.
1.An Beochlár
Gach duine atá ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist seachas oibrithe córasacha gearrthéarmacha
• Iarratasóirí ar Liúntas Cuardaitheora Poist seachas sealbhóirí beaga/cúntóirí feirme agus daoine féinfhostaithe eile
• Daoine eile atá cláraithe, lena n-áirítear iarratasóirí ar ranníocaíochtaí Leasa Shóisialaigh a chuirtear chun sochair, ach gan iad siúd a áireamh a bhfuil baint dhíreach acu le díospóid thionsclaíoch.
Níl an Beochlár ceaptha an dífhostaíocht a thomhas. Cuimsíonn sé oibrithe páirtaimseartha (iad siúd a oibríonn suas le trí lá sa tseachtain), séasúracha agus ócáideacha atá i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist (JB) nó Liúntas Cuardaitheora Poist (JA).
Cuimsíonn sraith an Bheochláir daoine faoi bhun 65 bliain d’aois sna haicmí seo a leanas nó a gcoibhéis sular tugadh na scéimeanna reatha isteach:
Is sraith é an líon iomlán daoine ar an mBeochlár, atá ar fáil chomh fada siar le 1967 ar sheirbhís sonraí táblacha TaisceSonraí na hOifige. Tá luach ollmhór stairiúil ag baint le sraith an Bheochláir agus ba mhian leis an Oifig leanúnachas na sraithe a chosaint, agus san am céanna iarracht a dhéanamh a oiread faisnéise agus is féidir a chur ar fáil d’úsáideoirí, ina rianaítear iarmhairtí COVID-19 ar an margadh fostaíochta sna saolta seo.
Íocaíochtaí COVID-19 agus an Beochlár
Tromlach na ndaoine ar chuir COVID-19 isteach ar a n-ioncam ó fhostaíocht, tá siad ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta an Phaindéim COVID-19 faoi láthair, agus an íocaíocht sin á riar ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí; tá cohórt níos lú eile ann fós a bhfuil Scéim Fóirdheontais Pá Shealadach COVID-19 na gCoimisinéirí Ioncaim á fáil acu.
Is íocaíochtaí gearrthéarmacha éigeandála iad na híocaíochtaí COVID-19, agus meastar go mbeidh siad i bhfeidhm ar feadh 12 sheachtain; ina dhiaidh sin, féadfaidh daoine filleadh ar an obair nó iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist / Cúnamh Cuardaitheora Poist.
Ag an bpointe seo, ní féidir a mheas cad go baileach atá i ndán do na daoine sin, agus i bhfianaise luach stairiúil shraith ama an Bheochláir, ní mheastar gur bailí ná fóinteach ó thaobh staidrimh de an mhodheolaíocht a úsáidtear don tsraith ama sin a athrú chun freastal ar bheart éigeandála gearrthéarmach a tugadh isteach chun déileáil le COVID-19, agus chun na críche sin amháin. Dá bhrí sin, tiomsófar an Beochlár do Mhárta 2020 ar an mbealach traidisiúnta agus áireofar ann na grúpaí a luadh sna pointí thuas.
Mar aitheantas, áfach, ar an ngá faisnéis a sholáthar don lucht cinnteoireachta agus don phobal maidir le tionchar COVID-19, áireofar sa Bheochlár a eiseofar amárach, Déardaoin, an 2 Aibreán 2020, an méid seo a leanas:
2. Meastacháin Dífhostaíochta Míosúla
Bunaithe ar an gcur chuige sin, cosnófar leanúnachas shraith thraidisiúnta an Bheochláir in aghaidh idirghabháil éigeandála nach mairfidh i bhfad, ach san am céanna, soláthrófar trédhearcacht maidir le tionchar COVID-19.
Íocaíocht Dífhostaíochta an Phaindéim COVID-19
Tuigeann an Phríomh-Oifig Staidrimh go bhfuiltear ag moladh do dhaoine atá i dteideal Íocaíocht Dífhostaíochta an Phaindéim COVID-19 iarratas a dhéanamh ina ionad sin ar íocaíochtaí cuardaitheora poist más amhlaidh atá cleithiúnaí aosach acu agus leanbh amháin ar a laghad, nó má tá siad singil agus ceathrar páistí nó níos mó acu. Gheobhadh na daoine sin íocaíocht níos mó ná an ráta comhréidh €350 faoi Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime mar gheall ar mhéaduithe do chleithiúnaithe ar an Sochar Cuardaitheora Poist agus an Liúntas Cuardaitheora Poist.
Sa chás is fearr, bhainfeadh an Oifig na hiarratasóirí sin ar íocaíochtaí cuardaitheora poist de na huimhreacha ar chomhaireamh an Bheochláir do Mhárta 2020 agus dhéanfaidís iad a aicmiú faoi íocaíochtaí a bhaineann leis an bpaindéim, ach ní féidir amhlaidh a dhéanamh faoi láthair bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil dúinn. Mar thoradh air sin, san fhigiúr ceannlíne don Bheochlár a fhoilseofar amárach, d’fhéadfadh sé go mbeadh líon beag éilitheoirí san áireamh nach bhfuil ann ach amháin de bharr líon na gcleithiúnaithe atá acu. D’fhéadfadh an Oifig leasú a dhéanamh ar líon iomlán na ndaoine ar an mBeochlár do Mhárta 2020 amach anseo má bhíonn tuilleadh faisnéise ar fáil fúthu siúd go léir a bhfuil na híocaíochtaí éagsúla ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus na Coimisinéirí Ioncaim á bhfáil acu.
Bhí na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúla sceidealaithe i dtús báire le bheith foilsithe ar an 31 Márta ach chuir an Oifig an foilsiú sin siar chun go mbeadh am acu a mheas conas ba cheart caitheamh, ó thaobh staidrimh de, leis na bearta a bhí tugtha isteach ag an Rialtas go dtí sin chun dul i ngleic leis an easpa ioncaim ó fhostaíocht.
Tá sé beartaithe ag an Oifig anois eisiúint na Meastachán Dífhostaíochta Míosúla a fhoilsiú do Mhárta 2020 an tseachtain seo chugainn ar dháta atá le deimhniú in am trátha. Cuimseofar san eisiúint sin na táblaí caighdeánacha rátaí agus méideanna dífhostaíochta, atá bunaithe ar an líon iomlán oifigiúil daoine ar an mBeochlár.
Íocaíochtaí COVID-19 agus Meastacháin Dífhostaíochta Míosúla
Tá cinneadh déanta ag an Oifig freisin tomhas forlíontach dífhostaíochta a chur ar fáil i gcomhthráth leis an ngnáth-Mheastachán Dífhostaíochta Míosúla, a mbeidh san áireamh iontu iad siúd a fhaigheann na hÍocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime, chun ráta dífhostaíochta míosúla i gcomhair Mhárta 2020 a sholáthar, arna choigeartú le haghaidh COVID-19.
Mar a luadh cheana, faoi láthair níl aon fhaisnéis ar fáil don Oifig chun a thaispeáint cé acu díobh siúd a bhfuil an íocaíocht éigeandála á fáil acu a bheadh curtha san áireamh ar an mBeochlár murarbh ann do na socruithe éigeandála. Tá an Oifig tar éis a chinneadh, i gcás daoine a bhfuil an Scéim Fóirdheontais Pá Shealadach COVID-19 á fáil acu agus a bhfuil ceangal acu lena bhfostóir, nach ndéanfar iad a áireamh i ríomh an ráta dífhostaíochta míosúla, arna choigeartú le haghaidh COVID-19.
Dá bhrí sin, beidh an ráta dífhostaíochta míosúla do Mhárta 2020, arna choigeartú le haghaidh COVID-19, bunaithe ar an toimhde go mbeadh na daoine uile a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta an Phaindéim COVID-19 á fáil acu incháilithe do Shochar Cuardaitheora Poist agus Liúntas Cuardaitheora Poist. Ós rud é nach móide in aon chor go mbeadh an cás thuas i gceist, is tábhachtach go bhféachfadh úsáideoirí ar an ráta dífhostaíochta míosúla foilsithe, arna choigeartú le haghaidh COVID-19, mar an chuimse uachtair (an luach féideartha is airde) don fhíor-ráta, agus go bhféachfaidís ar an Ráta Dífhostaíochta Míosúla caighdeánach mar an chuimse íochtair.
3.Tomhas Oifigiúil Dífhostaíochta - Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS)
Is ón Suirbhé Ráithiúil ar an Lucht Saothair a thagann tomhas oifigiúil na dífhostaíochta, agus é bunaithe ar choincheapa agus sainmhínithe na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO). Is é tomhas dífhostaíochta an ILO an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá oibleagáid dhlíthiúil ar gach Ballstát den AE na sonraí sin a thiomsú agus a sholáthar do Eurostat ar bhonn ráithiúil.
Tá sé beartaithe sonraí maidir leis an gcéad Ráithe (R1) de 2020 a fhoilsiú an 21 Bealtaine 2020. Beidh an suirbhé a chlúdóidh R2 2020 beo ón 6 Aibreán 2020. Tá modúl gairid i dtaca le COVID-19 cuimsithe againn sa cheistneoir do R2 2020. Tá i gceist leis na ceisteanna breise sin dul i ngleic le saincheisteanna amhail caillteanas poist, athrú ar uaireanta oibre, caillteanas ioncaim, uaigneas, agus imní faoi chúrsaí airgeadais nó sláinte mar thoradh ar COVID-19. Tá sé beartaithe faoi láthair sonraí do R2 2020 a fhoilsiú ar an 25 Lúnasa 2020.
Mar a luadh inár bpreasráiteas dar dáta an 20 Márta 2020, de bharr COVID-19, b’éigean don Oifig agallaimh dhíreacha aghaidh ar aghaidh le líonta tí san SLS a chur ar fionraí, agus tá na hagallaimh theaghlaigh uile a bhaineann leis an suirbhé sin á gcur i bhfeidhm ag agallóirí na hOifige anois ar an nguthán. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag an athrú sin ar an modheolaíocht bailithe sonraí ar an gcaoi a mbeifear in ann na sonraí a chur i gcomparáid le sonraí ó ráithí roimhe seo, agus d’fhéadfadh sé go rachadh sé sin i bhfeidhm ar cháilíocht agus ar thráthúlacht araon. Beimid ag obair go dícheallach chun tionchar an athraithe mhodheolaíoch sin ar na sonraí a íoslaghdú.
Lean an nasc thíos chun sainmhíniú a fháil ar an gcoincheap SLS i dtaca le stádas an lucht saothair, atá i bhfeidhm faoi láthair do bhallstáit an AE, agus í bunaithe ar coincheapa agus sainmhínithe an ILO: https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/EU_labour_force_survey_-_methodology [EN]
Sraith atá coigeartaithe go séasúrach is ea an tSraith Dífhostaíochta Míosúla agus, mar is gnách, tá sí faoi réir leasú má thagann tuilleadh faisnéise chun solais.
Ní bheidh an fíor-thionchar fadtéarmach soiléir go dtí go gcuirfear deireadh leis na híocaíochtaí a bhaineann le COVID-19 agus go dtí go mbeidh léargas níos follasaí ann ar ghluaiseachtaí na ndaoine úd a raibh íocaíochtaí COVID-19 á bhfáil acu, tar éis do na scéimeanna COVID-19 sin stopadh (m.sh. filleadh ar an obair, ar JB nó ar JA), agus go dtí go mbeidh an t-eolas a bhaileofar sa Suirbhé ar an Lucht Saothair ar fáil.
Ní fhoilseofar an Ráta Dífhostaíochta Míosúla arna choigeartú le haghaidh COVID-19 ach do na míonna ina bhfuil na híocaíochtaí a bhaineann le COVID-19 i bhfeidhm.
Leanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh de dhul i gcomhairle le húsáideoirí maidir le gach eisiúint agus is féidir le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh le labour@cso.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil nó soiléiriú a lorg maidir leis an mBeochlár nó le heisiúint na Meastachán Dífhostaíochta Míosúla más gá.
Edel Flannery (+353) 21 453 5093
Catalina Gonzalez (+353) 21 453 87 64