Tá muinín á chur le 75 bliain sa Phríomh-Oifig Staidrimh maidir le sonraí a bhailiú ionas gur féidir ábhar léargais a chur ar fáil faoi shochaí agus faoi gheilleagar na hÉireann. Tá an mhuinín sin bunaithe ar an gcinnteacht go ndéanfar na sonraí a bhailítear a chosaint trí chloí leis na rialacha agus na rialacháin dhochta. Tá na bearta cosanta seo maidir le do chuid rúndachta a chosaint cumhdaithe i ndlí na hÉireann (an tAcht Staidrimh, 1993) agus i ndlí an Aontais Eorpaigh (Rialachán 223/2009 an AE).
Tá cumas na Príomh-Oifige Staidrimh ábhar staitistice oifigiúil a thiomsú bunaithe ar a mhéid a bhíonn muinín ag daoine agus ag cuideachtaí as an oifig maidir lena gcuid sonraí a chur ar fáil. Is mór ag an oifig muinín den sórt sin, ar mór an fiúntas atá leis, agus tá rúndacht na sonraí ar cheann de na bunphrionsabail lárnacha maidir le hobair na hoifige.
Anseo, tugaimid freagraí ar roinnt ceisteanna faoi chur chuige na hOifige maidir le rúndacht sonraí a chosaint.
Bíonn na sonraí ar fad a chuirtear ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh faoi rún agus cosanta faoin dlí. Foráiltear faoin Acht Staidrimh, 1993, agus go háirithe faoi Alt 33 den Acht, do chosaint thréan ag an bpobal maidir le rúndacht a chosaint. Tá dlíthe de chuid an AE i bhfeidhm chomh maith agus cosaint bhreise faoin dlí dá réir sin.
Cloíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh le 10 mBunphrionsabal an Staidrimh Oifigiúil a bhfuil a lorg le sonrú ar an Acht Staidrimh, 1993. Cuireann na Bunphrionsabail sin bonn treise faoi ábhar staidrimh oifigiúil a chruthú agus cinntítear go ndéantar ábhar staidrimh na hoifige a thiomsú de réir na gcaighdeán agus na modhanna oibre gairmiúla is déine agus le haird ar chúrsaí eitice. Ciallaíonn na rialacháin agus na bearta cosanta ar fad go mbíonn buntábhacht á leagan i gcónaí i mbun dhéanamh na hoibre ag an oifig ar rúndacht na sonraí a chumhdach.
Faoi Alt 21 an Achta Staidrimh, ainmnítear ina Oifigeach Staidrimh gach ball foirne de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh agus tá ceangal faoin dlí dá réir sin ar gach ball den fhoireann rúndacht na sonraí a mbíonn teacht acu orthu a chaomhnú. Bíonn ar gach Oifigeach Staidrimh dearbhú rúndachta a shíniú, rud a fhágann nach ceadmhach sonraí rúnda a chur ar fáil ná a phlé agus go dtagann siad faoi fhorálacha an Achta um Rúin Oifigiúla, 1963.
Bíonn cosc taobh istigh den Phríomh-Oifig Staidrimh ar theacht ar shonraí rúnda de chineál ar bith ach amháin ag líon srianta de bhaill foirne ceadaithe a mbaineann próiseas dian ceadúcháin maidir le gach cás faoi leith i gceist lena gceadú.
Mar chuid den phróiseas maidir le rialáil inmheánach agus cosaint sonraí, cuirtear sonraí riaracháin i bhfoirm anaithnid sula gcuirtear ar fáil iad le hanailís staidrimh a dhéanamh orthu. Is gné amháin den phróiseas maidir le sonraí a chur i bhfoirm anaithnid go nglantar chun bealaigh aon fhaisnéis aitheantais, mar shampla mionsonraí faoi ainm agus seoladh, agus go gcuirtear Eochracha Aitheantais Cosanta (EACanna) in úsáid in ionad uimhreacha aitheantais. Tugtar, leis an bpróiseas seo, cosaint maidir leis na bunuimhreacha aitheantais an tráth céanna a gcaomhnaítear an acmhainn comhcheangail ar fud thacair éagsúla sonraí. Gné eile den phróiseas go ndéantar an dáta bhreithe a shlánú go dtí an chéad lá den mhí, rud a fhágann gur féidir i gcónaí an aois a ríomh an tráth céanna a gcosnaítear an dáta breithe.
Faoi fhorálacha an Achta Staidrimh 1993, is féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh ligean don lucht taighde teacht ar Chomhaid Micreashonraí Taighde atá curtha i bhfoirm anaithnid (comhaid CMT) chun tacú le taighde agus do cheapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise.
Cuirtear prótacáil dhiana i bhfeidhm go géar maidir le ligean do dhaoine den lucht taighde comhaid CMT a thapú. Baineann na prótacáil sin le hiarratas agus le ceadú araon. Níl glacadh le hiarratas ar dheis tacair sonraí taighdeora a thapú ach amháin ó thaighdeoir cláraithe as foras taighde cláraithe in Éirinn agus cuirtear próisis dhochta breise i bhfeidhm maidir leis an bpróiseas ceadúcháin. Anuas ar an méid sin, cuirtear bearta teicniúla ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta agus cosanta i bhfeidhm maidir leis an teacht a bhíonn ag taighdeoir ar shonraí agus sin ar mhaithe le cinnteacht maidir le gnéithe rúndachta. Ar an gcéad dul síos, ní chuirtear ar fáil do thaighdeoirí ach sampla den chomhad sonraí atá curtha i bhfoirm anaithnid. Chomh maith leis na bearta sábháilteachta teicniúla, bíonn gach ainm (pearsanta nó gnólachta), seoladh, UPSPanna agus dáta breithe bainte amach. Cé go mbíonn na tosca aitheantais sin bainte amach, pléitear i gcónaí leis na tacair sonraí mar shonraí rúnda.
D'fhonn cosaint níos mó arís maidir le slándáil sonraí,ní féidir le taighdeoirí a gceadaítear teacht ar shonraí de chuid na hoifige aon úsáid a bhaint astu ach amháin maidir le cúrsaí staidrimh. Ceaptar gach taighdeoir a gceadaítear teacht ar shonraí de chuid na hoifige dóibh ina nOifigigh Staidrimh agus bíonn dlite orthu dá réir sin aird a choinneáil ar rúndacht na sonraí a gceadaítear deis orthu dóibh. Fágann sin freagracht phearsanta orthu maidir le cosaint na sonraí agus sa chás go dtarlaíonn sárú de shaghas ar bith, is féidir an té (duine seachas eagraíocht) atá freagrach as a ionchúiseamh faoin Acht Staidrimh.
Ní scaiptear. Ní dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh riamh sonraí inaitheanta a dhíol ná a scaipeadh ar an tríú páirtí, roinn ná gníomhaireacht Rialtais, gnólacht phríobháideach ná eagras tráchtála san áireamh.
Eagras neamhspleách an Phríomh-Oifig Staidrimh a bhailíonn agus a fhoilsíonn sonraí saor ó chur isteach ón rialtas nó ó ghrúpaí eile. Uachtarán na hÉireann, seachas an Taoiseach, a cheapann Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh. Cumhdaítear neamhpleáchas an Ard-Stiúrthóra maidir le gnóthaí staidrimh faoi Alt 13 den Acht Staidrimh, 1993.
Tá sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh sa Daonáireamh agus i suirbhéanna eile teaghlaigh agus gnó faoi rún go hiomlán agus faoi chosaint an dlí, faoin Acht Staidrimh, 1993.
Is i bhfoirm charnach a fhoilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí, rud a fhágann nach féidir aon duine, teaghlach ná gnólacht a aithint ó na sonraí a fhoilsítear.
Cloíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh go hiomlán le gach gné den dlí maidir le cosaint sonraí.
Tuilleadh eolais faoi obair na hoifige maidir le sonraí a chosaint
Is mór againn trédhearcacht, ag insint do dhaoine go soiléir cad a dhéanaimid agus conas a dhéanaimid é