Cé go bhfuil d'údarás ag an bPríomh-Oifig Staidrimh faoin dlí ábhar léargais a bhailiú, a iniúchadh agus a chur ar fáil go neamhspleách, bíonn gnéithe den eitic ghairmiúil á gcur i bhfeidhm againn freisin maidir leis na modhanna ina mbailítear agus a gcuirtear le chéile an t-ábhar staitistice.
Le breis agus 30 bliain, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh dúthrachtach maidir le Bunphrionsabail an Staidrimh Oifigiúil a úsáid, caighdeáin dhomhanda maidir le hábhar sonraí ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar féidir le daoine iontaoibh a chur ann. Ar cheann de na prionsabail sin, tá gur ceart eitic ghairmiúil a chur i bhfeidhm nuair a bhítear ag socrú ar na modhanna agus na gnáis oibre a bhainfidh le bailiú/cruinniú, próiseáil, stóráil agus cur i láthair shonraí staidrimh
Go praiticiúil, ciallaíonn sin gur gá a léiriú go bhfuil gá leis na sonraí, an dóigh ina gcosnófar na sonraí a thaispeáint chomh maith leis an dóigh ina ndéanfar a n-úsáid ar bhealach atá cuí. Bíonn bearta dochta rialála i bhfeidhm againn faoi na daoine ar féidir leo teacht go hinmheánach ar na sonraí agus tá cosaint faoin dlí do rúndacht na sonraí.
Trí ghnéithe den eitic ghairmiúil a chur i bhfeidhm i ndáil le cinntí faoi réimsí éagsúla, mar shampla leagan amach suirbhé, modhanna oibre, nó an teacht ar shonraí, cuidítear le hionracas na hoibre a chaomhnú. Tuigtear don oifig go bhfuil duine, líon tí nó gnólacht i gceist le gach staitistic faoi leith agus is mór againn an mhuinín a chuirtear ionainn maidir le hábhar staidrimh a chruthú agus a chosaint. Leantar den obair dhúthrachtach chun a gcuirtear de mhuinín ionainn a chaomhnú agus a neartú.
Tá cur chuige na Príomh-Oifige Staidrimh maidir le cúrsaí eitice bunaithe go láidir ar mheon na seirbhíse poiblí agus tá athbhreithniú ar siúl againn faoi na bealaí inar féidir gnéithe níos leithne den eitic a fhí isteach de dhlúth agus d'inneach i ngnáis oibre na hoifige.
Tá Bunphrionsabail an Staidrimh Oifigiúil ina chreatchóras ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ón mbliain 1992 i leith maidir le sonraí ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar féidir le daoine iontaoibh a chur iontu. Luaitear ar an dara prionsabal gur gá do ghníomhaireachtaí staidrimh, ionas go leanann muinín as an ábhar staidrimh oifigiúil, aird a thabhairt ar an eitic ghairmiúil an tráth a mbítear ag socrú ar na modhanna agus na gnáis oibre i ndáil le sonraí staitistice a bhailiú, a phróiseáil, a stóráil agus a chur i láthair. Nuair a thráchtar ar chúrsaí eitice maidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, is iad na prionsabail agus na nósanna iompair a bhíonn i gceist againn a dtagann obair na hoifige faoina n-anáil. Tá ceangal idir na prionsabail agus na nósanna iompair sin agus gnéithe den eitic i ndáil le caighdeáin ghairmiúla, freagracht, ionracas, neamhchlaontacht, trédhearcacht, iontaofacht agus rúndacht na hoifige chomh maith le dúthracht i ndáil le mí-úsáid as ábhar staitistice a chosc. Is bonnchlocha faoi obair na hoifige na prionsabail sin agus an meon a ghabhann leo a gcuirtear bonn treise fúthu leis an Acht Staidrimh, 1993 agus le Rialachán 223/2009 an Aontais Eorpaigh, agus táthar tugtha go hiomlán freisin d'fheidhmiú i gcomhréir le Bunphrionsabail an Staidrimh Oifigiúil agus Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh.
D'fhonn cloí leis an dlí maidir le cosaint sonraí, agus d'fhonn oibriú le barr éifeachtúlachta, tugann an Phríomh-Oifig Staidrimh riachtanas agus comhréireacht i gceist freisin i ndáil le gach beart bailiúcháin. Trí cheist an riachtanais a mheas, ní tharlaíonn sonraí a bhailiú nach bhfuil gá faoi leith leo chun saothar staidrimh a chur ar fáil agus trí cheist na comhréireachta a mheas, cinntítear go mbíonn cúiseanna maithe le sonraí a bhailiú agus go gcuirtear cearta an duine san áireamh i mbun a leagtar d'fheidhm ar an bPríomh-Oifig Staidrimh a dhéanamh.
Ciallaíonn teacht níos fairsinge ar shonraí agus síorathrú ar na ceisteanna eitice a thagann i gceist go mbíonn gá le hathrú ar an mbeartaíocht agus ar an gcur chuige, mar shampla féachaint le próisis fhoirmeálta a thabhairt i dtreis, ag eascairt ón iniúchadh maidir le gnéithe eitice, ar féidir dlúthchuid den chóras rialachais a dhéanamh díobh sa Phríomh-Oifig Staidrimh.
Rogha amháin atá á mheas ina leith sin is ea Bord Eitice a chur ar bun go buan sa Phríomh-Oifig Staidrimh a d'fhéadfadh ceisteanna eitice maidir le foilseacháin nua staidrimh a chíoradh agus a iniúchadh. Bheadh lón foghlama ina leith sin ar fáil ón taithí maidir le Grúpa Comhairle Eitice na Príomh-Oifige Staidrimh maidir le Staidreamh Sóisialta (GCESS) a cuireadh ar bun sa bhliain 2020 chun comhairle a chur ar an oifig agus ar an Ardstiúrthóir de réir mar ba ghá maidir le gnéithe eitice den obair suirbhéireachta.
Ba é an Suirbhé ar Fhoréigean Gnéis (2022) an chéad suirbhé a tháinig faoi bhreithniú an GCESS. Bhí béim maidir leis an mbreithniú eitice ar a chinntiú go raibh cosaint iomlán do chearta agus do leasa rannpháirtithe an tsuirbhé agus bhaill foirne ábhartha na hoifige agus aird ar na cearta agus na leasa sin maidir le leagan amach an tsuirbhé agus na modhanna bailiúcháin, agus ar chur i bhfeidhm na modhanna suirbhéireachta, ar phróiseáil na sonraí agus a gcur faoi anailís. Pléadh freisin prionsabail na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir leis an dualgas eitice a chinntiú go ndéanfaí torthaí na suirbhéireachta a léirmhíniú mar ba cheart agus a úsáid chun ceapadh beartais agus obair idirghabhála a chur chun cinn. D'aontaigh Eagraíochtaí Neamhrialtais agus geallsealbhóirí a fheidhmíonn i réimsí maidir le foréigean gnéis go ndearnadh Suirbhé na Príomh-Oifige Staidrimh maidir le Foréigean Gnéis a eagrú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach a bhí i gcomhréir le cúrsaí eitice.
Leis na scórtha blianta, cothaíodh ardleibhéal muiníne sa Phríomh-Oifig Staidrimh trína léiriú go rabhthas inniúil ar shonraí a bhailiú, a iniúchadh agus a fhoilsiú óna mbíonn lón eolais ag muintir na hÉireann an tráth céanna a gcosnaítear rúndacht na saoránach agus na ngnólachtaí. Glacadh go sóisialta le hobair na hoifige an bunús atá leis an muinín sin, toil na ndaoine glacadh le déanamh na hoibre agus freastal dó. Bíonn baint ag gnéithe eitice le toil sin an phobail a chothú.
Is ar mhaithe le leas an phobail a chuirtear ábhar staidrimh oifigiúil ar fáil. Bíonn páirt bhunriachtanach ag an ábhar sin i bpobal lán eolais a chruthú in Éirinn.
Tá barrthábhacht, i ndáil le dea-thoil an phobail maidir le hobair na hoifige a chothú, le follasacht maidir le foinsí na sonraí, le fianaise a chur ar fáil maidir le riachtanas agus comhréireacht nuair a bhítear ag bailiú sonraí, agus le bearta diana cosanta a chur i bhfeidhm i ndáil le rúndacht a chumhdach.
Tagann ceisteanna eitice agus ceisteanna maidir le dea-thoil an phobail san áireamh maidir le cinntí an Ard-Stiúrthóra. Tá an tArd-Stiúrthóir, faoi mar a luaitear san Acht Staidrimh 1993, neamhspleách agus freagrach i ndeireadh báire as cinneadh mar gheall ar mhodhanna staidrimh agus as caighdeáin gairmiúlachta na hOifige i mbun obair staidrimh.
Tagann obair na Príomh-Oifige Staidrimh faoi anáil thuairimí an lucht úsáide chomh maith. Oibríonn an oifig le grúpaí comhchaidrimh, leis an mBord Staidrimh Náisiúnta agus le grúpaí fócais. Bíonn aiseolas ó dhreamanna éagsúla den lucht úsáide taobh amuigh den oifig ina chuid den phróiseas maidir le hAthbhreithniú Comhchéime.
Bíonn baint ag Biúró Chomhdháil Staitisteoirí na hEorpa (CSE), Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe maidir leis an Eoraip (UNECE) agus Eurostat leis an gcomhordú ar bhearta staidrimh agus breithniú á dhéanamh i gcónaí acu ar na modhanna is fearr chun cur chuig creatchórais eitice a thabhairt chun cinn agus cur leis an iontaoibh a bhíonn in obair na bhForas Staidrimh Náisiúnta agus le dea-thoil na ndaoine i leith a gcuid oibre.
Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh cathaoirleacht ar fhoghrúpa de chuid an Ghrúpa Saineolais maidir le Cumarsáid Straitéiseach i ndáil leis an gCóras Staidrimh Eorpach atá dírithe ar dhea-thoil an phobail. I mí Meitheamh 2023, chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh páipéar i láthair dar teideal ‘An Ethical Approach to the Development of Social Acceptance Strategies for National Statistical Institutes’. Tugtar sainmhíniú sa pháipéar sin ar an gcoincheap a bhaineann le dea-thoil an phobail, cíortar an ceangal idir sin agus cúrsaí eitice agus obair na bhForas Staidrimh Náisiúnta, agus leagtar amach an dóigh ar gné bhuntábhachtach atá ann maidir le muinín agus iontaoibh an lucht úsáide agus sholáthraithe sonraí a chothú.
Cuireann feidhmiú de réir na gcaighdeán agus na modhanna oibre idirnáisiúnta leis an muinín as ábhar staitistice na Príomh-Oifige Staidrimh