Ná bac le príomhnaisc nascleanúna
Is iondúil go léann úsáideoirí Urlabhra agus Cló Bhraille an leathanach ó bharr go bun. Ar an gcuid is mó suíomh, bíonn orthu éisteacht le liosta fada eolais atá athráite sula dtagann siad chuig an bpríomhábhar ar aon leathanach. Ar an suíomh seo, bíonn nasc roimh an bpríomh bharra nascleanúna (nach féidir le húsáideoirí radharcacha a fheiceáil) ar a dtugtar "Ná bac leis an bpríomh roghchlár". Roghnaigh an nasc seo le léim thar an bpríomh roghchlár nascleanúna.
Téigh ar aghaidh chuig an ábhar
Is iondúil go léann úsáideoirí Urlabhra agus Cló Bhraille an leathanach ó bharr go bun. Ar an gcuid is mó suíomh, bíonn orthu éisteacht le liosta fada eolais atá athráite sula dtagann siad chuig an bpríomhábhar ar aon leathanach. Ar an suíomh seo, bíonn nasc roimh an mbarra nascleanúna (nach féidir le húsáideoirí radharcacha a fheiceáil) ar a dtugtar "Léim chuig an Ábhar." Roghnaigh an nasc seo le léim chuig an bpríomhábhar ar an leathanach.
Táb a úsáid le léim idir na naisc
Is féidir táb a úsáid ar do mhéarchlár le léim ó nasc amháin chuig an gcéad cheann eile. Tá ord loighiciúil ag na barraí nascleanúna ar fad ar an suíomh lena aghaidh seo.
Formáid PDF (.pdf) nó Adobe Acrobat
Tá cuid den eolas ar an suíomh seo ar fáil i bhformáid PDF ar mhaithe le bheith níos éasca le léamh agus le priontáil as líne. Níl an formáid seo (ach amháin i gcás an leagain is déanaí, leagan 5) go héasca le n-úsáid ag úsáideoirí faoi mhíchumas.
Súmáil isteach agus méid an chló
Baineann an suíomh seo úsáid as bileoga stíle a thugann deis an cló a athmhéadú go solúbtha ar mhaithe le riachtanais an úsáideora a shásamh. Má bhíonn méid an chló róbheag níl le déanamh ach méid an chló a athrú leis an rogha 'Athraigh méid an téacs'.
Cúntóirí Nascleanúna
- Tá nascleanúint ard leibhéil le feiceáil i gcónaí.
- Tá nasc garbhóige ar fáil ag barr gach leathanaigh le cuidiú leis an nascleanúint.
- Tá bosca cuardaigh ar an leathanach baile agus ar gach leathanach inmhéanach.
- Tá roghanna ard-chuardaigh ar fáil freisin.
Naisc Ghaolmhara
- Tá cáilíochtaí teidil ag go leor nasc a dhéanann cur síos níos fearr ar an nasc, ach amháin sa chás go bhfuil míniú iomlán tugtha i dtéacs an naisc ar an sprioc (mar shampla ceannlíne ailt).
- Nuair is féidir, scríobhtar naisc sa chaoi gur féidir iad a thuiscint nuair nach bhfuileadar i gcomhthéacs. Is féidir le go leor brabhsálaithe (JAWS, Léitheoir Leathanaigh Bhaile, Lynx, agus Opera) an liosta nasc ar leathanach a thógáil amach agus cead a thabhairt don úsáideoir breathnú tríd an liosta, scartha ón leathanach.
- Ní bhíonn téacs naisc ann ariamh faoi dhó; bíonn dhá nasc leis an téasc naisc chéanna i gcónaí ag díriú chuig an seoladh céanna.
- Níl aon bhréagnaisc 'javascript:'". Is féidir gach nasc a leanúint in aon bhrabhsálaí, fiú má tá scríbhneoireacht casta as.
- Níl aon naisc ann a osclaíonn fuinneoga nua gan rabhadh a thabhairt.
Graificí
- Tá cáilíochtaí tuairisciúla ALT ag gach graific ábhair atá in úsáid ar an leathanach baile agus in aon áit eile. Níl aon cháilíochtaí ALT ag graificí atá ann ar mhaithe le maisiúchán amháin.
Dearadh Radharcach
- Baineann an suíomh seo úsáid as bileoga stíle a thiteann le fána don leagan amach radharcach agus tá an láitheoireacht ar fad scartha go hiomlán ón ábhar ach amháin i gcás na dtáblaí leagan amach.
- Baineann an suíomh seo úsáid as bileoga stíle a thugann deis an cló a athmhéadú go solúbtha ar mhaithe le riachtanais an úsáideora a shásamh. Má bhíonn méid an chló róbheag duit níl le déanamh ach méid an chló loicshoicrithe atá in úsáid i mbogábhar do bhrabhsálaí idirlín a mhéadú (mar shampla, le Internet Explorer is féidir méid an chló a athrú sa Roghchlár Radhairc faoin rogha 'Méid an Chló'). Ní gá go mbeadh sé seo amhlaidh le gach brabhsálaí idirlín.
- Muna bhfuil bileoga stíle ar fáil i do bhrabhsálaí ar chor ar bith beidh tú in ann mar sin féin ábhar gach leathanaigh a léamh.