Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Achoimre ar Thorthaí

Laghdú ar an ráta díothachta forghníomhaí don dara bhliain as a chéile, síos go 14.8% in 2025

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn

Achoimre ar Thorthaí

  • Laghdú ar an sciar daoine i ndíothacht fhorghníomhach ó 17.3% in 2023 go 15.7% in 2024, agus síos go 14.8% in 2025.

  • Rátaí díothachta forghníomhaí is airde in 2025 i measc: líonta tí aontuismitheora le páistí faoi 18 mbliana d’aois (49.0%); daoine dífhostaithe (41.7%); daoine nach féidir leo oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh (39.0%); daoine i gcóiríocht ar cíos nó saor ó cíos (31.6%).

  • Laghdú ar an sciar daoine nárbh acmhainn dóibh a mbailte a choinneáil te a dhóthain am éigin sa 12 mhí roimh dul faoi agallamh ó 8.2% in 2024 go 7.4% in 2025.

  • In 2025, thuairiscigh 44.8% de líonta tí go raibh ar a laghad deacracht éigean acu íoc as bunriachtanais an tsaoil, laghdú ó 46.2% in 2024 agus 50.4% in 2022.

  • Léiríonn anailís de réir stádas tionachta go raibh sé an-deacair ag 12.4% de líonta tí i gcóiríocht ar cíos chun íoc as bunriachtanais an tsaoil in 2025 le hais 3.5% de líonta tí i gcóiríocht úinéir áitithe.

  • Ag deireadh gnáthmhíosa, ní raibh airgead le cur i dtaisce ag 36.8% de líonta tí, bhí airgead ó choigilteas ag teastáil ó 5.0% agus bhí ar 2.8% airgead a fháil ar iasacht.

  • Laghdú ar an sciar de líonta tí in 2025 ar dóigh leo gur ualach mór airgeadais é costas tithíocht ón ráta in 2024 (26.6% agus 29.5% faoi seach).

Trácht an Staitisteora

Tá torthaí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (08 Nollaig 2025) ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) don bhliain 2025 maidir le díothacht fhorghníomhach.

Is é suirbhé ar líonta tí an SILC an fhoinse sonraí oifigiúil ar ioncam líonta tí agus daoine aonair. Ina theannta sin, soláthraíonn sé líon táscairí riachtanacha náisiúnta bochtaineachta. Tarlaíonn bailiú sonraí bliantúil an SILC i rith na chéad sé mhí de bhliain an tsuirbhé. Bunaithe ar lárphointe (Márta) bhailiú sonraí an SILC do na blianta suirbhé 2021 go 2025, is féidir treochtaí le himeacht ama a aithint.

Déanann Lianora Bermingham, Staitisteoir sa Rannóg Ioncaim, Tomhaltais agus Maoine, trácht ar fhoilseachán an lae inniu:

“Léirítear dúinn sna torthaí seo ó SILC 2025 laghdú foriomlán ar an sciar daoine i ndíothacht fhorghníomhach in 2025. Chomh maith leis sin, tugtar aird san fhoilseachán seo ar chomh forleathan is atá an díothacht i measc dreamanna áirithe, amhail líonta tí aontuismitheora le clann, daoine nach féidir leo oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh, daoine atá dífhostaithe, agus daoine i gcóiríocht ar cíos.

Laghdú ar Dhíothacht

Sainítear daoine a bheith i ndíothacht fhorghníomhaí má mhaireann siad i líon tí atá gann ar dhá cheann nó níos mó de 11 mhír bunúsacha, ar gnách go mbeidís ag líonta tí sa phobal i gcoitinne, amhail a bheith gan na hacmhainní chun bualadh le gaolta nó cairde do bhéile nó deoch uair sa mhí nó gan a bheith in ann íoc as an mbaile a choinneáil te a dhóthain.  Chun teacht ar liosta de na míreanna díothachta seo, féach At Risk of Poverty Indicators Explained (PDF 1,094KB)  [en].

Tarlaíonn bailiú sonraí bliantúil an SILC i rith na chéad sé mhí de bhliain an tsuirbhé. Bunaithe ar lárphointe (Márta) bhailiú sonraí an SILC do na blianta suirbhé 2021 go 2025, tháinig ardú ar an meán ar phraghsanna, de réir thomhais an Phraghasinnéacs Tomhaltóirí (CPI), mar seo a leanas:

  • 0.0% idir Márta 2020 agus Márta 2021
  • 6.7% idir Márta 2021 agus Márta 2022
  • 7.6% idir Márta 2022 agus Márta 2023
  • 2.9% idir Márta 2023 agus Márta 2024.
  • 2.0% idir Márta 2024 agus Márta 2025

Léiríonn na hathruithe atá tagtha ar na rátaí díothachta fhorghníomhacha le linn na tréimhse ceithre bliana ó 2021 go 2025 an tionchar atá ag na hathruithe ar na meánphraghsanna ar líonta tí le linn na tréimhse seo. Bhí méadú ar an sciar daoine i líonta tí i ndíothacht fhorghníomhach ó 13.7% in 2021 go 16.6% in 2022. Bhí ardú os cionn sin go 17.3% in 2023, agus laghdú ansin go 15.7% in 2024. Bhí laghdú ann go 14.8% in 2025.

Laghdaigh an ráta díothachta in 6 as 11 de na míreanna díothacht in 2025. Ar an laghdú ba mhó, ba é an sciar daoine gan na hacmhainní chun troscán nua a chur in áit troscán seanchaite, laghdú ó 16.7% in 2024 go 15.7% in 2025.

Ar an méadú pointí céatadán ba mhó, ba é an sciar daoine nach raibh in ann íoc as éadaí nua (nach cinn athláimhe iad), ardú ó 6.2% in 2024 go 7.4% in 2025, agus an sciar daoine nach raibh in ann íoc as dinnéar rósta (nó a chomhionann) uair sa tseachtain, ardú ó 3.7% in 2024 go 4.6% in 2025.

Léiríonn anailís ón CSO éagsúlachtaí suntasacha i rátaí díothachta, ag féachaint ar chúinsí amhail le stádas fostaíochta, comhdhéanamh líon tí, agus stádas tionachta.

Stádas eacnamaíochta féintuairiscithe

 Is iad is coitianta a bheith i ndíothacht fhorghníomhach ná daoine atá, dar leo féin, ‘gan a bheith in ann oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh’ (41.7%) nó dífhostaithe (39.0%). Is iad is annamha a bheith sa staid sin ná daoine a deir go bhfuil siad i bhfostaíocht (9.5%) nó ar scor (9.0%). Tá duine as seachtar (14.4%) atá, dar leo féin, dífhostaithe agus 13.6% de dhuine atá, dar leo féin, ‘gan a bheith in ann oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh’ gan na hacmhainní chun a mbailte a choinneáil te a dhóthain in 2025. Le hais sin, tá 3.2% de dhaoine i bhfostaíocht, agus 3.2% de dhaoine ar scor gan na hacmhainní chun a mbailte a choinneáil te a dhóthain.

Comhdhéanamh Líon Tí

Feictear rátaí díothachta níos airde i measc líonta tí aontuismitheora le clann – maireann 49.0% den dream seo i ndíothacht fhorghníomhach; tá 12.4% gan na hacmhainní chun a mbailte a choinneáil te a dhóthain; tá 31.9% gan na hacmhainní chun bualadh le gaolta nó cairde do bhéile nó deoch uair sa mhí; agus tá 11.9% nach raibh in ann íoc as béile gach ré lá ina raibh feoil, sicín nó iasc ann.

Do dhaoine i líonta tí le beirt tuismitheoir agus suas le triúr páistí faoi 18 mbliana d’aois, maireann 11.6% i ndíothacht fhorghníomhach in 2025; tá 3.7% gan na hacmhainní chun a mbailte a choinneáil te a dhóthain; agus tá 9.6% gan na hacmhainní chun bualadh le gaolta nó cairde do bhéile nó deoch uair sa mhí.

Tá na rátaí is ísle i measc líonta tí scothaosta. I líonta tí le beirt duine fásta le duine amháin ar a laghad 65 bliana d’aois nó níos sine, maireann 8.3% i ndíothacht fhorghníomhach in 2025.

Stádas Tionachta

Bhí sé ní ba choitianta do dhaoine a mhaireann i gcóiríocht ar cíos/saor ó cíos a bheith i ndíothacht fhorghníomhach. Tagraíonn an stádas tionachta ‘saor ó cíos’ díobh siúd a chónaíonn i dteach nach bhfuil cíos á íoc ina leith.

Tá an ráta díothachta níos airde i measc daoine a mhaireann i gcóiríocht ar cíos/saor ó cíos (31.6%) ná i measc daoine i gcóiríocht úinéir áitithe (7.7%). Feictear ráta díothachta níos airde i ngach ceann de na 11 mír díothachta ag daoine a mhaireann i gcóiríocht ar cíos/saor ó cíos. Mar shampla, tá 20.5% de dhaoine a mhaireann i gcóiríocht ar cíos gan na hacmhainní chun bualadh le gaolta nó cairde do bhéile nó deoch uair sa mhí le hais 5.5% de dhaoine i gcóiríocht úinéir áitithe.

Níos deacra de líonta tí i gcóiríocht ar cíos íoc as bunriachtanais

Iarradh ar líonta tí a dheacra is a mbíonn sé orthu íoc as bunriachtanais saoil, leis na freagraí féideartha: an-deacair, deacair, measartha deacair, measartha éasca, éasca, an-éasca. 

Deir 44.8% de líonta tí go raibh deacracht éigean acu íoc as bunriachtanais saoil in 2025, ísliú de bheagán ó 46.2% in 2024, 47.8% in 2023, agus 50.4% in 2022. In 2021, dúirt 41.8% de líonta tí go raibh ar a laghad deacracht éigean acu íoc as bunriachtanais saoil. D’ardaigh an sciar líonta tí a dúirt go raibh sé an-deacair acu íoc as bunriachtanais saoil beagáinín, ó 5.6% in 2024 go 6.3% in 2025.

Bhí ar a laghad deacracht éigean ag 84.2% de líonta tí aontuismitheora le clann íoc as bunriachtanais saoil, 20.0% a dúirt go raibh sé an-deacair. Le hais sin, deir 31.1% de líonta tí le beirt duine fásta le duine amháin ar a laghad 65 bliana d’aois nó níos sine go bhfuil deacracht éigean ar a laghad acu íoc as bunriachtanais saoil, le 2.8% a deir go bhfuil sé an-deacair.

Léiríonn anailís de réir stádas tionachta go bhfuil sé an-deacair ag 12.4% íoc as bunriachtanais saoil le hais 3.5% de líonta tí i gcóiríocht úinéir áitithe.

Airgeadas agus Coigilteas Líonta Tí ag Deireadh Gnáthmhíosa

Fiafraíodh de líonta tí faoina gcuid cúrsaí airgeadais ag deireadh gnáthmhíosa agus is iad seo a leanas na roghanna freagraí a tugadh dóibh: ‘cuireadh airgead i dtaisce’; ‘bhí airgead ó choigilteas ag teastáil’; ‘bhí airgead a fháil ar iasacht ag teastáil’; ‘níor cuireadh airgead i dtaisce ná ní raibh airgead ó choigilteas ná airgead a fháil ar iasacht ag teastáil’.

Ag deireadh gnáthmhíosa, bhí 55.4% de líonta tí in ann airgead a chur i dtaisce, bhí airgead ó choigilteas ag teastáil ó 5.0% agus bhí ar 2.8% airgead a fháil ar iasacht. Ní raibh airgead le cur i dtaisce ag 36.8% de líonta tí.

Léirítear san anailís de réir stádas tionachta go raibh ar 1.1% de líonta tí úinéir-áitithe airgead a fháil ar iasacht ag deireadh gnáthmhíosa i gcomparáid le 6.3% de líonta tí ar cíos nó saor ó chíos.

Fiafraíodh de líonta tí faoin achar a bheidís in ann an caighdeán maireachtála céanna a choinneáil trí úsáid a bhaint as coigilteas sa chás nach mbeadh aon ioncam á fháil acu (amhail pá, pinsean nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh). Is iad seo a leanas na roghanna freagraí a bhí acu ar an gceist sin: ‘níos lú ná trí mhí’; ‘trí mhí nó níos mó ach níos lú ná sé mhí’; ‘sé mhí nó níos mó ach níos lú ná 12 mhí’; ‘12 mhí nó níos mó’.

Dúirt 46.5% de líonta tí go raibh siad in ann an caighdeán maireachtála céanna a choinneáil ach ar feadh níos lú ná trí mhí, ní bheadh 23.8% in ann an caighdeán céanna a choinneáil ach ar feadh idir trí agus sé mhí, ar feadh idir sé mhí agus bliain a bheadh 14.9% in ann a dhéanamh agus bheadh 14.9% in ann an caighdeán maireachtála céanna a choinneáil ar feadh 12 mhí nó níos mó.

67.0% de líonta tí ar cíos nó saor ó chíos a bhí in ann an caighdeán maireachtála céanna a choinneáil ar feadh níos lú ná trí mhí. Bá é 36.9% an ráta inchomparáide do líonta tí a bhí áitithe ag úinéir.

Ardú san ualach airgeadais bainteach le tithíocht ó 2021

Iarradh ar líonta tí cén ualach airgeadais dóibh a bhain le costais tithíochta. Ba iad na freagraí féideartha ná: ualach mór, ualach éigean, ualach ar bith.

Dúirt 26.6% de líonta tí in 2025 gur ualach mór a bhí i gcostais tithíochta, sin le hais 29.5% in 2024, 30.6% in 2023, 30.9% in 2022, agus 23.1% in 2021.

Mhaígh 35.7% de líonta tí i gcóiríocht ar cíos nó i gcóiríocht saor ó cíos gur ualach mór atá i gcostais tithíochta, le hais 22.4% de líonta tí ar úinéir-áititheoirí iad.

Nótaí d'Eagarthóirí

Is é suirbhé ar líonta tí an SILC an fhoinse sonraí oifigiúil ar ioncam líonta tí agus daoine aonair. Ina theannta sin, soláthraíonn sé líon táscairí riachtanacha náisiúnta bochtaineachta, amhail an ráta baoil bochtaineachta, an ráta bochtaineachta seasmhach, agus na rátaí díothachta forghníomhacha. Díríonn an foilseachán seo ar dhíothacht fhorghníomhach.

Bailíodh sonraí do SILC idir Eanáir agus Iúil 2025.

Foilseofar níos mó sonraí ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála 2025 i Márta 2026. I measc na dtorthaí breise tá sonraí ar ioncam líonta tí agus aonair, agus torthaí do roinnt táscairí náisiúnta bochtaineachta tábhachtacha, amhail an ráta baol bochtaineachta agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí.

Níos mó eolais ar fáil sna Nótaí Cúlra [en].

Sliocht atá sa leagan Gaeilge seo, tógtha ó fhoilseachán níos mó